Infheistíocht de €48 milliún i Straitéis DEIS nua agus i Scéim DEIS Plus fógartha ag an Aire Naughton
- Foilsithe: 25 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2026
Straitéis DEIS nua go dtí 2035 agus Plean Feidhmithe DEIS 2026-2028, mar aon le Scéim DEIS Plus nua foilsithe
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton inniu infheistíocht de €48 milliún sa Straitéis DEIS nua agus sa scéim DEIS Plus. Is ionann na bearta agus an infheistíocht is mó i mbliain iomlán i dtacaíochtaí spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais ó bunaíodh clár DEIS in 2006.
D’fhoilsigh an tAire Naughton Straitéis DEIS go dtí 2035, plean cuimsitheach deich mbliana chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais agus cothromas a chur chun cinn i ngach scoil a fhaigheann tacaíocht ón infheistíocht seo. In éineacht leis sin, foilsíodh an chéad Phlean Feidhmithe DEIS trí bliana 2026-2028.
Inniu freisin foilsíodh an scéim DEIS Plus, ar scéim í a chuirfidh tacaíochtaí feabhsaithe, spriocdhírithe ar fáil do 121 scoil ina bhfuil an comhchruinniú is airde de leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
San iomlán, cuirfidh na bearta a fógraíodh faoi DEIS Plus agus Straitéis DEIS breis is 400 ról breise ar fáil, lena n-áirítear thart ar 350 post múinteora, rud a rachaidh chun tairbhe do thart ar 700 scoil ar fud na tíre.
I measc na bpríomhbheart tá:
Infheistíocht mhór chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste
Tá an Rialtas ag gealladh €48 milliún (costas bliantúil) do Scéim nua DEIS Plus agus do Straitéis DEIS go dtí 2035, rud a léiríonn céim shuntasach chun cinn maidir le dul i ngleic le neamhionannas oideachais ar fud na hÉireann.
Tacaíocht spriocdhírithe san áit is mó a dteastaíonn sí
Gheobhaidh 121 scoil san iomlán a bhfuil na leibhéil is airde míbhuntáiste acu diantacaíochtaí saincheaptha trí DEIS Plus, agus úsáid á baint as samhail sainaitheanta nua atá bunaithe ar shonraí chun ár dtionchar a uasmhéadú.
Fíoracmhainní: breis múinteoirí, breis foirne tacaíochta
Cuirfidh an plean breis is 400 ról breise ar fáil, lena n-áirítear thart ar 350 múinteoir nua, rud a chuirfidh go díreach le cumas na scoileanna tacú le scoláirí atá i mbaol.
Rochtain níos leithne lasmuigh de scoileanna DEIS
Tá tacaíochtaí ag leathnú, agus seirbhísí Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) á leathnú chuig 130 scoil bhreise, lena n-áirítear iad siúd lasmuigh de ghnáthchlár DEIS, rud a leathnaíonn an líontán sábhála do leanaí agus do dhaoine óga leochaileacha.
Fís fhadtéarmach le tacaíocht ó ghníomh láithreach
Ní fógra beartais amháin atá anseo ach treochlár: straitéis deich mbliana go dtí 2035, agus an chéad phlean feidhmithe (2026–2028) mar thaca leis, rud a chinntíonn dul chun cinn agus cuntasacht leanúnach.
Maoiniú méadaithe ag dul go díreach isteach i scoileanna
Tá maoiniú deontais DEIS á mhéadú do 371 bunscoil agus 82 iar-bhunscoil, ag cur acmhainní breise díreach isteach i seomraí ranga chun tacú le scoláirí agus le pobail scoile.
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá an deis fanacht ar scoil, a mhothú go bhfuil tacaíocht á fáil acu, agus a bheith rathúil tuillte ag gach leanbh agus duine óg. Baineann an clár seo lena riachtanais a chur i lár an aonaigh, lena bhfolláine a neartú agus an deis a thabhairt dóibh an timthriall míbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh.
“Táim thar a bheith sásta go bhfuil leanaí agus daoine óga linn ag an seoladh inniu, arb iad na daltaí céanna iad a bhfuil a dtaithí tar éis sinn a threorú go dtí an áit a bhfuilimid inniu. Tá súil agam go mbainfidh siad leas as na tacaíochtaí seo agus go n-éireoidh go geal leo sna blianta amach romhainn.
“Cuirfidh Straitéis DEIS go dtí 2035 agus tabhairt isteach scéim DEIS Plus córas tacaíochtaí níos freagraí agus níos bunaithe ar fhianaise ar fáil, a shroichfidh leanaí agus daoine óga cibé áit a bhfuil míbhuntáiste oideachais. Cinntíonn na bearta seo go bhfuilimid ag díriú acmhainní san áit is mó a bhfuil gá leo agus go dtacaíonn siad le scoileanna chun fíordhifríocht bhuan a dhéanamh.
“Baineadh úsáid as cur chuige láidir bunaithe ar fhianaise chun scoileanna a shainaithint le cur san áireamh i scéim DEIS Plus. Agus úsáid á baint as na sonraí is déanaí atá ar fáil, bhain samhail sainaitheanta a beachtaíodh le déanaí úsáid as táscairí míbhuntáiste comhchruinnithe agus leanúnach thar thréimhse trí bliana chun na scoileanna ina mbeidh an tionchar is mó ag tacaíocht bhreise a shainaithint. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na ceannairí scoile agus leis na páirtithe leasmhara eile go léir a chuir a gcuid smaointe agus a gcuid ama ar fáil chun cabhrú leis an scéim nua chinniúnach seo a fhorbairt.”
Straitéis fhadtéarmach le haghaidh cothromais san oideachas
I Straitéis DEIS go dtí 2035 leagtar amach cur chuige uilechórais, bunaithe ar fhianaise, chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais i ngach scoil. Aithnítear inti go bhfuil míbhuntáiste ann ar fud an chórais agus tá sé mar aidhm aici a chinntiú go dtacaítear le gach leanbh agus duine óg chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.
San áireamh sa straitéis tá:
- Leathnú ar thacaíochtaí HSCL
- Tacaíochtaí folláine, cuimsithe agus comhpháirtíochta pobail neartaithe
- Oibrithe breise um nasc pobail
- Maoiniú caipitíochta méadaithe agus tacaíochtaí breise d'fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí
- Táirgí míostraithe saor in aisce i ngach scoil faoi 2027
- Creat monatóireachta agus meastóireachta láidir le tuairisciú bliantúil
Déanfar an straitéis a sholáthar trí phleananna feidhmithe trí chéim go dtí 2035.
Tacaíochtaí spriocdhírithe trí scéim DEIS Plus
Is gealltanas lárnach de chuid Chlár an Rialtais é DEIS Plus atá dírithe ar bhochtaineacht leanaí a laghdú agus torthaí a fheabhsú do scoláirí i scoileanna a bhfuil na leibhéil riachtanais is airde acu.
Forbraíodh an scéim i gcomhar le príomhoidí, múinteoirí, comhordaitheoirí HSCL agus SCP agus daoine eile atá ag obair ar an talamh i scoileanna a bhfuil comhchruinniú an-ard leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais iontu, agus lena n-áirítear comhairliúchán le leanaí agus daoine óga, agus tá sí dírithe ar na nithe seo a leanas:
- Tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil scoláirí
- Tacaíochtaí d’fholláine na scoláirí agus tacaíochtaí ar chuir tráma bonn eolais fúthu
- Ceannaireacht scoile agus acmhainn foirne a neartú
- Rochtain ar dheiseanna agus ar sheirbhísí a fheabhsú
- Tacú leis an aistriú chuig an mbreisoideachas agus chuig an ardoideachas
I measc na dtacaíochtaí faoi DEIS Plus tá:
- 121 post múinteora sa bhreis (forálann sé do chomhordaitheoir do gach scoil DEIS Plus don tionscnamh nua Dea-Shláinte Mheabhrach agus Folláine)
- 33 post ceannaireachta chun leithdháiltí ceannaireachta a fheabhsú, lena n-áirítear 3 phost príomhoide riaracháin sa bhreis i mbunscoileanna lena chinntiú go bhfuil príomhoide riaracháin ag gach bunscoil DEIS Plus; 19 bpríomhoide thánaisteacha riaracháin nua i mbunscoileanna agus 11 phríomhoide thánaisteacha riaracháin in iar-bhunscoileanna. Laethanta scaoilte breise do bhunscoileanna a bhfuil príomhoidí tánaisteacha teagaisc acu.
- Leithdháileadh Treorach Feabhsaithe (30 post coibhéiseach lánaimseartha) lena n-áirítear treoir scoile uile a thabhairt isteach i mbunscoileanna den chéad uair
- 40 post comhordaitheora HSCL sa bhreis lena chinntiú go bhfuil comhordaitheoir HSCL lánaimseartha ag gach scoil DEIS Plus
- 25 cleachtóir folláine chun an tionscadal píolótach Comhairleoireachta i mBunscoileanna Shnáithe 2 a leathnú chuig níos mó scoileanna DEIS Plus agus chun rochtain bhreise a sholáthar ar Shnáithe 1 lena n-áirítear tacaíochtaí comhairleoireachta duine le duine do leanaí agus do dhaoine óga
- Maoiniú do chlubanna bricfeasta agus táirgí míostraithe saor in aisce
- Ciste nuálaíochta €400,000
- Naisc fheabhsaithe le hinstitiúidí tríú leibhéal agus le hearnáil na tionsclaíochta.
Infheistíocht agus tionchar
Is ionann na bearta agus infheistíocht de €48 milliún, an infheistíocht is mó i dtacaíochtaí spriocdhírithe i mbliain iomlán chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais ó bunaíodh clár DEIS in 2006.
Ní chaillfidh aon scoil tacaíochtaí DEIS atá ann cheana féin faoi na hathruithe seo.
Na chéad chéimeanna eile
Leanfaidh an Roinn de bheith i dteagmháil le scoileanna, le comhpháirtithe oideachais agus le páirtithe leasmhara le linn an fheidhmithe. Rianófar feidhmiú na straitéise agus scéim DEIS Plus le tuairiscí bliantúla ar dhul chun cinn.
Eiseofar ciorcláin chuig scoileanna sna seachtainí seo amach romhainn ina leagfar amach socruithe do phoist nua agus do nithe eile faoin scéim, agus próiseas achomhairc scéim DEIS Plus.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag gov.ie/deis.
Nótaí d’eagarthóirí – táblaí de réir contae maidir le tacaíochtaí nua DEIS
Bunscoileanna
|
Stádas DEIS bunscoileanna de réir contae |
|
||
|
Contae |
Líon scoileanna de réir Contae |
Iomlán na scoileanna DEIS |
Comhaireamh na scoileanna DEIS Plus |
|
Ceatharlach |
42 |
16 |
N/A |
|
An Cabhán |
75 |
17 |
N/A |
|
An Clár |
109 |
28 |
1 |
|
Corcaigh |
335 |
53 |
8 |
|
Dún na nGall |
171 |
128 |
1 |
|
Baile Átha Cliath |
459 |
175 |
63 |
|
Gaillimh |
217 |
60 |
3 |
|
Ciarraí |
130 |
36 |
N/A |
|
Cill Dara |
101 |
15 |
N/A |
|
Cill Chainnigh |
68 |
11 |
N/A |
|
Laois |
63 |
15 |
N/A |
|
Liatroim |
37 |
16 |
N/A |
|
Luimneach |
133 |
37 |
8 |
|
An Longfort |
37 |
17 |
2 |
|
Lú |
69 |
19 |
6 |
|
Maigh Eo |
151 |
79 |
1 |
|
An Mhí |
113 |
12 |
N/A |
|
Muineachán |
62 |
16 |
N/A |
|
Uíbh Fhailí |
67 |
25 |
N/A |
|
Ros Comáin |
87 |
28 |
1 |
|
Sligeach |
62 |
21 |
N/A |
|
Tiobraid Árann |
151 |
45 |
1 |
|
Port Láirge |
73 |
19 |
1 |
|
An Iarmhí |
73 |
19 |
N/A |
|
Loch Garman |
100 |
32 |
N/A |
|
Chill Mhantáin |
82 |
14 |
N/A |
|
3067 |
953 |
96 |
|
Iar-bhunscoileanna
| Ceatharlach |
11 |
3 |
N/A |
| An Cabhán |
11 |
2 |
N/A |
| An Clár |
16 |
3 |
N/A |
| Corcaigh |
85 |
22 |
4 |
| Dún na nGall |
27 |
19 |
N/A |
| Baile Átha Cliath |
183 |
66 |
17 |
| Gaillimh |
44 |
10 |
1 |
| Ciarraí |
26 |
5 |
N/A |
| Cill Dara |
29 |
7 |
N/A |
| Cill Chainnigh |
15 |
6 |
N/A |
| Laois |
10 |
2 |
N/A |
| Liatroim |
7 |
0 |
N/A |
| Luimneach |
28 |
8 |
1 |
| An Longfort |
9 |
6 |
1 |
| Lú |
18 |
7 |
1 |
| Maigh Eo |
26 |
11 |
N/A |
| An Mhí |
24 |
4 |
N/A |
| Muineachán |
12 |
4 |
N/A |
| Uíbh Fhailí |
11 |
4 |
N/A |
| Ros Comáin |
9 |
3 |
N/A |
| Sligeach |
13 |
3 |
N/A |
| Tiobraid Árann |
30 |
10 |
N/A |
| Port Láirge |
17 |
6 |
N/A |
| An Iarmhí |
13 |
3 |
N/A |
| Loch Garman |
23 |
11 |
N/A |
| Chill Mhantáin |
24 |
7 |
N/A |
|
721 |
232 |
25 |
|
Méadú ar HSCL de réir contae
|
Contae |
% de scoileanna a bheidh ag gnóthú HSCL |
||
|
Ceatharlach |
53 |
28% |
11% |
|
An Cabhán |
86 |
14% |
9% |
|
An Clár |
125 |
15% |
12% |
|
Corcaigh |
420 |
15% |
4% |
|
Dún na nGall |
198 |
21% |
6% |
|
Baile Átha Cliath |
642 |
42% |
19% |
|
Gaillimh |
261 |
10% |
3% |
|
Ciarraí |
156 |
16% |
13% |
|
Cill Dara |
130 |
14% |
3% |
|
Cill Chainnigh |
83 |
12% |
6% |
|
Laois |
73 |
12% |
5% |
|
Liatroim |
44 |
9% |
18% |
|
Luimneach |
161 |
23% |
9% |
|
An Longfort |
46 |
35% |
15% |
|
Lú |
87 |
43% |
32% |
|
Maigh Eo |
177 |
11% |
7% |
|
An Mhí |
137 |
11% |
6% |
|
Muineachán |
74 |
18% |
8% |
|
Uíbh Fhailí |
78 |
26% |
13% |
|
Ros Comáin |
96 |
11% |
13% |
|
Sligeach |
75 |
15% |
7% |
|
Tiobraid Árann |
181 |
19% |
8% |
|
Port Láirge |
90 |
22% |
8% |
|
An Iarmhí |
86 |
19% |
5% |
|
Loch Garman |
123 |
25% |
15% |
|
Chill Mhantáin |
106 |
17% |
4% |
|
Iomlán |
3788 |
22% |
10% |