Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Naughton athcheapadh Príomhoifigigh Feidhmiúcháin chuig an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, inniu go bhfuil Arlene Forster, Uasal, le hathcheapadh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) don dara téarma cúig bliana.

Is comhlacht reachtúil í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a bunaíodh faoi Chuid VII den Acht Oideachais, 1998. Is é a ról comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Óige maidir le curaclam agus measúnacht d’oideachas na luath-óige agus don oideachas i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Agus é sin á dhéanamh, ceanglaítear uirthi dul i gcomhairle le comhpháirtithe san oideachas, dul i mbun taighde, cleachtas idirnáisiúnta a chur san áireamh, agus curaclaim a fhorbairt agus a athbhreithniú, agus aird á tabhairt ar chur chun cinn ardchaighdeáin cháilíochta, chothromais agus chuimsitheachta, cleachtas oideachais fónta agus ábharthacht do chuspóirí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha náisiúnta.

Tá ról an POF ríthábhachtach do rathúlacht CNCM. Agus é/í freagrach don Chomhairle ar a bhfuil 26 comhalta, treoraíonn an POF rannpháirtíocht straitéiseach agus oibríochtúil CNCM. Baineann sé seo le fís, ceannaireacht straitéiseach agus bainistíocht éifeachtach a sholáthar d’obair CNCM lena chinntiú go n-uasmhéadaítear cáilíocht an eispéiris oideachais do gach scoláire. Forbraíonn an POF caidreamh éifeachtach le páirtithe leasmhara seachtracha freisin agus téann sé/sí i mbun plé straitéiseach le cinnteoirí sinsearacha chun tacú le forbairt agus le feidhmiú éifeachtach curaclaim agus measúnachta.

Dúirt an tAire Naughton

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil Arlene Forster, Uasal, á hathcheapadh mar POF ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CMCM). Tá obair CNCM ríthábhachtach maidir le forbairt, pleanáil agus athbhreithniú an tsoláthair curaclaim agus measúnachta i scoileanna, agus bhí an tUasal Forster ina ceann feadhna i dtaca le gnóthachtálacha suntasacha sa réimse sin le linn a céad téarma. Táim muiníneach go leanfaidh sí uirthi ag soláthar na dtorthaí is fearr is féidir dár bhfoghlaimeoirí agus dár n-oideoirí araon.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Ról an POF:

I measc na bpríomhfhreagrachtaí atá ar an POF, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, tá:

  • Comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Chomhairle maidir le fís agus treo straitéiseach a fhorbairt do shainchúram reachtúil CNCM.

  • A chinntiú go gcomhlíonann an eagraíocht go léir a Plean Straitéiseach agus a Plean Oibre bliantúil laistigh de chreat beartais na Roinne Oideachais.

  • Obair a threorú, a phleanáil agus a bhainistiú. I measc na samplaí suntasacha le déanaí tá:

  • An leagan nuashonraithe de Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige a chríochnú agus a fhoilsiú

  • comhairliúchán ar na cúig cinn de dhréacht-sonraíochtaí a chuimsíonn an curaclam bunscoile athfhorbartha ina iomláine, agus tuairisciú ar thorthaí an chomhairliúcháin

  • obair scóipe ar athbhreithniú agus athfhorbairt na dTreoirlínte um Measúnú i Seomra Ranga na Bunscoile

  • athbhreithniú ar fheidhmiú luath na n-ábhar i gCéim 4 den tSraith Shóisearach (Matamaitic, Eacnamaíocht Bhaile, Stair, Ceol, Tíreolaíocht)

  • dréacht-sonraíocht curaclaim nuashonraithe do Nuatheangacha na Sraithe Sóisearaí (Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis)

  • athbhreithniú luath ar Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha, gearrchúrsaí sa Chódú agus sa tSínis don tSraith Shóisearach

  • bailchríoch a chur ar na sonraíochtaí do naoi n-ábhar Ardteistiméireachta i dTráinse 1

  • bailchríoch a chur ar an Ráiteas Cláir agus ar réimsí curaclaim do Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, an chéad soláthar curaclaim riamh ag na leibhéil seo do chéim na sraithe sinsearaí den oideachas

  • bailchríoch a chur ar an Ráiteas Cláir nuashonraithe don Idirbhliain, sraith de mhicrea-mhodúil agus modúl iVET (Oideachas agus Oiliúint Ghairmiúil Tosaigh)

  • curaclam nua d'Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte na Sraithe Sinsearaí

  • obair scóipe ar fhorbairt curaclaim do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann

  • Leanúint de bheith ag cinntiú go gcoinníonn CNCM an seasamh ard agus an iontaoibh atá aici i measc na bpáirtithe leasmhara i gcóras oideachais na hÉireann agus i measc an phobail. Leanúint de bheith ag baint amach spriocanna straitéiseacha trí chaidrimh láidre leis an Roinn Oideachais.

  • Cuir chuige rannpháirtíochta a úsáid go héifeachtach chun straitéisí don athrú a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus chun tacú le forbairt acmhainn churaclaim agus mheasúnachta an chórais.

  • Naisc a fhorbairt le comhpháirtithe san oideachas agus tacú leo, le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus le comhlachtaí ábhartha eile chun aidhmeanna CNCM a chur chun cinn.

  • Plé a dhéanamh leis na meáin, leis an earnáil oideachais agus leis an bpobal i gcoitinne chun feasacht ar obair CNCM agus rannpháirtíocht inti a chur chun cinn.

  • Dul i mbun plé le heagraíochtaí taighde oideachais ábhartha agus le heagraíochtaí comhionanna curaclaim agus measúnachta go hidirnáisiúnta lena chinntiú go bhfuil obair CNCM á treorú go hiomlán ag forbairtí dea-chleachtais agus ag fianaise ó thaighde.

  • Gníomhú mar an duine cuntasach, ag cinntiú go gcomhlíontar beartais an Rialtais, ag ullmhú pleananna gnó straitéiseacha agus bliantúla, cuspóirí, spriocanna, aschuir agus torthaí, tuarascálacha bliantúla, agus ag soláthar cuntas agus faisnéis eile de réir mar is gá ó am go ham i gcomhréir le ceanglais rialachais, cuntasachta, cáilíochta agus bainistíochta feidhmíochta.

  • An fhoireann bhainistíochta a threorú agus a chinntiú go n-úsáidtear acmhainní foirne, airgeadais agus acmhainní eile go héifeachtach agus go héifeachtúil.

  • Tuairisciú éifeachtach a dhéanamh chuig an Aire agus an Roinn Oideachais agus chuig an Rialtas agus plé go héifeachtach leo.

Is go hinmhéanach den chuid is mó, le Cathaoirleach na Comhairle agus le comhaltaí na Comhairle agus leis an bhFoireann Feidhmiúcháin, a bheidh an caidreamh oibre is tábhachtaí ag an POF in CNCM. I measc na gcaidreamh seachtrach suntasach atá ag an POF tá an tArd-Rúnaí agus oifigigh shinsearacha sa Roinn Oideachais agus Óige; an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; Príomhfheidhmeannaigh Choimisiún na Scrúduithe Stáit, na Comhairle Múinteoireachta agus an Údaráis um Ardoideachas; agus ceannaireacht eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann lucht bainistíochta scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí agus earnáil na luath-óige, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

Ceapadh an POF:

Is í an tUasal Forster an POF reatha, a ceapadh ar dtús ar feadh téarma cúig bliana in 2020 de bhun próisis a bhí á reáchtáil ag an gCoiste um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC). De réir Alt 43 den Acht Oideachais, cheap an tAire an POF.

I mí Feabhra 2025, mhol Comhairle CNCM don Roinn Oideachais agus Óige go ndéanfaí an tUasal Forster a athcheapadh ar feadh téarma cúig bliana eile, i gcomhréir leis na treoirlínte a leag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin na Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin amach.

Tá foireann feidhmiúcháin lánaimseartha de 70 ag CNCM faoi láthair faoi cheannas an Phríomhfheidhmeannaigh (agus an Príomhfheidhmeannach san áireamh).

Cuireann an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú deontais ar fáil do CNCM. In 2025, b’ionann é sin agus tuairim is €12.4m.

Tá suíomh gréasáin CNCM ar fáil ag www.ncca.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat