Déanann an tAire Naughton comhghairdeas le buaiteoirí Chomórtas Staire na Scoileanna Uile-Oileáin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Naughton comhghairdeas le buaiteoirí Chomórtas Staire na Scoileanna Uile-Oileáin

Rinne an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, comhghairdeas le buaiteoirí Chomórtas Staire na Scoileanna Uile-Oileáin.

Tugadh cuireadh d'fhoghlaimeoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal araon, chomh maith le suíomhanna oideachais eile in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, imeachtaí stairiúla a nascadh le téamaí comhaimseartha, aird a tharraingt ar stair áitiúil a bhí ligthe i ndearmad agus ar stair nach dtugtar dóthain airde uirthi, agus rannpháirtíocht a spreagadh ó gach cearn d'oileán na hÉireann. Tá na cuspóirí sin ag teacht le cuspóirí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais.

Dúirt an tAire Naughton:

"Is deis iontach é Comórtas Staire na Scoileanna Uile-Oileáin do dhaoine óga ar fud an oileáin dul i ngleic lena stair áitiúil, machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a múnlaíonn imeachtaí san am atá thart ár saol sa lá atá inniu ann, agus bealaí cruthaitheacha a fhiosrú chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht shaibhir na n-oidhreachtaí atá á roinnt againn.

"Bhí an leibhéal spéise agus rannpháirtíochta ó scoileanna go hiontach ar fad, agus táim an-tógtha le hardchaighdeán agus éagsúlacht na n-iontrálacha. Cuireann sé ríméad orm comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí a d'oibrigh go dian ar a dtionscadail, agus molaim gach duine a ghlac páirt, idir scoláirí agus mhúinteoirí."

Bhí an comórtas á eagrú ag an Roinn Oideachais agus Óige i gcomhpháirtíocht le Frances Moss, Stiúrthóir, Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach agus an An Dr Caitríona Ní Cassaithe, Ollamh Cúnta san Oideachas Staire in Institiúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Fuair sé tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; agus an Chomhairle Oidhreachta.

Agus í ag machnamh ar cé chomh láidir agus a bhí an rannpháirtíocht ó scoileanna ar fud na tíre, dúirt Frances Moss:

"Bhí caighdeán na n-iontrálacha a cuireadh isteach do chomórtas na bliana seo eisceachtúil. Léirigh scoláirí de gach aois cruthaitheacht agus rannpháirtíocht dhomhain le réimse leathan de scéalta staire, go minic ag nochtadh scéalta staire a ndearnadh neamhaird orthu nó a bhí ligthe i ndearmad."

Dúirt Caitríona Ní Cassaithe:

"Léirigh na haighneachtaí conas is féidir leis an stair a bheith gníomhach, spreagúil agus fiúntach nuair a thugtar deis do scoláirí í a iniúchadh dóibh féin."

Buaiteoirí

English Language

Primary

Winner

Scoil Mhuire, GlentiesWhat Caused the Crash of a British WWII Plane in the Blue Stack Mountains, Co. Donegal in 1944?

  • Johnny McGlynn,
  • Danny Boyle,
  • Fabio Ferreira,
  • Christopher Kennedy,
  • Daragh Gildea,
  • Maiia Mashyna,
  • Lilly Bonner,
  • Varvara Horodestka,
  • Danny McGeehan,
  • Senan Molloy

Recognition of excellence (Four winners)

Presentation Primary School Tralee - Why should we remember the Palatines who settled in Tralee?

  • Fatima Ishaq
  • Valeria Onica
  • Armaan Abdullah
  • Haniya Haniya
  • Nabeel Chowdhry
  • Malak Ashraf
  • Ahmed Khogaly
  • Rawda Eldars
  • Ezza Jamil
  • Lelas Abdallah
  • Yusra Ibrahim

Killinure NS, Limerick - The History of Boher Community Centre / Train station.

  • Elena Garcia,
  • Melissa Bromell,
  • Jack Kirby,
  • Elena Flanner

Kilcroan N.S. Galway - Our Local History & Heritage Project, 4th, 5th & 6th Class   

  • Hugh O’Flynn
  • Ruby Dolan
  • Nora Kenny
  • Dylan Mitchell
  • Ava Mannion
  • Kieran Mahon
  • Nadia Bekkal

St Patrick’s Cathedral Choir School - The French Family Window

  • Annalise Antochi
  • Marlena Doris
  • Elise Von Issendorff
  • Rebecca Blaj
  • Lilli Kretschmer
  • Nina Quintero Ryan
  • Alexander Shi
  • Marleigh Stynes
  • Nicolas Blazquez Fukuda
  • Cillian El Gueddari
  • Gloria Escribano
  • Joséphine McKenzie
  • Milo Mulkeen
  • Rosa lee Nixon O Neill
  • Maximus Shi
  • Peter Cowell
  • Lucy Feeley
  • Nicolette Justine
  • James Richard Tennant-Gough

Junior Cycle

Winner

St. Mary's Secondary School, Wexford - How Tom Ryan Had An Impact On Irish & Local History

  • Peig Morrissey

Recognition of Excellence

Beech Hill College, Monaghan - How did the Civil War Shape County, Monaghan with Bullets and Barracks

  • Daina Jurgaityte

Senior Cycle

Winner

St Joseph’s Community College, Mayo - Exploring the Shared Legacy of the Tuam Civil War Executions in 1923

  • Leah Honan

Recognition of Excellence

St Leo's College, Carlow - The Hillforts of Baltinglass

  • Caitlín Seitz

Irish Language projects

Primary

Winner

Scoil Iognáid Rís, The Mall, Daingean Uí Chúis, Co. Kerry - An Traein/ The Train

  • Cian Ó Murchú
  • Jude Swift
  • Cian Ó Dubháin
  • Oscar Maitiú
  • Alfie Kinvig

Recognition of Excellence

Scoil Iognáid Rís, An Meall, Daingean Uí Chúis, Co. Kerry - An Dreoilín/ The Wren

  • Daniel Ó Murchú
  • Donnchadh Ó Corcoráin
  • Paddy Bairéid
  • Paddy Bán Ó Brosnacháin

Junior cycle

Winner

Coláiste Mhuire, Cabra, Dublin Stair Míleata Angla-Éireannach: Conas go féidir linn cuimhneachán a dhéanamh ar stair míleata na hÉireann le linn an 20ú hAois trí shúile mo chlann?/ Anglo-Irish Military History: How can we commemorate Ireland's military history during the 20th Century through the eyes of my family?

  • Cian Mac Craith

Recognition of Excellence

Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Dublin - Cérbh é Caoimhín Ó hUiginn? / Who was Kevin Higgins?

  • Conchúr Mac Eochagáin

Senior Cycle

Winner

Pobalscoil Chorcha Dhuibhne - Meath & Tréigean Muintir an Bhlascaoid Mhóir/ Decline & Abandonment of the People of the Great Blasket

  • Cúan Ó Fiannachta

Recognition of Excellence

St Farnans Post Primary School St Prosperous Co KildareCén fáth ar tharla agus ar theip ar Éirí Amach 1798, agus cén fáth ar éirigh leis an Éirí Amach Rathúil?/Why did the 1798 Rebellion happen and fail, while the Prosperous Rebellion succeeded?

  • Aoife Quinn

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat