An tAire Naughton ag tathant ar thuismitheoirí den uair dheiridh agus í ag rá ‘Ná caill an deis chun do thuairim a léiriú’
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
Tá breis is 34% de na teaghlaigh incháilithe tar éis a dtuairimí a léiriú ar an suirbhé bunscoile ag an bpointe seo, agus tá 168,000 freagra faighte go dtí seo.
Tá an tAire ag tathant ar gach tuismitheoir bunscoile agus réamhscoile agus ar phobail na mbunscoileanna a dtuairimí a chur in iúl faoi thodhchaí a mbunscoile sula ndúntar an suirbhé ar an 16 Nollaig 2025.
Mhol an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton TD, inniu do thuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil leanaí acu sa bhunscoil agus dóibh siúd a bhfuil leanaí níos óige acu páirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne do phobail na mbunscoileanna.
Tá an suirbhé – an ceann is mó dá leithéid a rinneadh riamh in Éirinn – sainiúil don scoil agus tá sé mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar éileamh agus roghanna tuismitheoirí i dtaca le cineálacha éagsúla soláthair bunscoile lena n-áirítear pátrúnacht/éiteas, comhoideachas nó soláthar scoile aonghnéis agus teanga theagaisc (Béarla nó Gaeilge).
Seoladh an suirbhé ar an 4 Samhain agus dúnfar é Dé Máirt an 16 Nollaig.
Tá cuireadh á thabhairt do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí atá ar an mbunscoil, nó a bheidh ag tosú ar an mbunscoil go luath, lena n-áirítear baill foirne agus Boird Bhainistíochta, a dtuairimí a chur in iúl sna laethanta deiridh den suirbhé.
Dúirt an tAire Naughton:
“Is iad na tuismitheoirí agus na caomhnóirí na fíorshaineolaithe maidir lena leanaí, agus is ceart go mbeadh a nguthanna lárnach maidir leis an gcaoi a gcuirimid oideachas ar fáil in Éirinn.
“Ba mhaith liom ráta láidir freagartha a fheiceáil do gach bunscoil lena chinntiú go bhfuil tuairimí an oiread teaghlach agus pobal agus is féidir cloiste againn.
“Ba mhaith liomsa agus le mo roinn a fháil amach cad atá ag teastáil ó thuismitheoirí agus ó phobail scoile dá scoil, agus, agus de bhrí go bhfuil dáta deiridh an tsuirbhé seo ag druidim linn, táim ag moladh do thuismitheoirí, caomhnóirí agus pobail scoile i gcoitinne páirt a ghlacadh lena chinntiú go mbeidh a dtuairimí mar chuid dár dtodhchaí.”
Lean an tAire Naughton ar aghaidh agus an méid seo a leanas á rá aici:
"Má dhéanaimid measúnú ar éileamh na dtuismitheoirí i ngach pobal, is féidir linn an riachtanas a aithint agus oibriú le scoileanna chun tacú leo tríd an bpróiseas sin. Níl sa suirbhé seo ach tús ár gcuid plé. Sa chás go bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun athrú a bhreithniú, cuirfear tús le próiseas cuimsitheach plé eile.
"Sa chás gur mian le scoileanna roghanna a iniúchadh, cuirfidh mo roinn tacaíocht dhíreach ar fáil, lena n-áirítear éascaitheoir a cheapadh chun oibriú le boird, le baill foirne agus le tuismitheoirí.
“Cabhróidh tuilleadh plé le páirtithe leasmhara le cuir chuige atá i bhfeidhm cheana féin a neartú, ag cinntiú soiléireachta agus comhsheasmhachta do scoileanna agus do thuismitheoirí, agus ag cinntiú go gcoimeádfar an ceart atá ag gach leanbh oideachas cuimsitheach agus measúil a fháil.”
Beidh gach freagra ar an suirbhé faoi rún agus anaithnid.
Tá socruithe láidre i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Óige chun sláine agus slándáil phróiseas an tsuirbhé bunscoile a chinntiú. Feidhmíonn na socruithe chun tuairisceáin an tsuirbhé a bhailíochtú tar éis tuairisceáin an tsuirbhé a fháil toisc go gcuireann sé seo le héascaíocht úsáide d'úsáideoirí an tsuirbhé.
Is féidir teacht ar eolas maidir le comhoideachas, pátrúnacht / éiteas agus oideachas lán-Ghaeilge anseo: www.gov.ie/primaryschoolsurvey.
Tá an suirbhé ar líne ar fáil anseo: www.gov.ie/primaryschoolsurvey.
Bainfidh an Roinn úsáid as torthaí an tsuirbhé mar ionchur ina cuid anailíse ar shonraí náisiúnta, áitiúla agus ar shonraí a bhaineann go sonrach le scoil chun cabhrú leis an Roinn maidir le pleanáil ag leibhéal na bunscoile. Oibreoidh an Roinn le páirtithe leasmhara ábhartha chun torthaí na suirbhéanna a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na pleanála scoile amach anseo. Ní céim dheiridh atá sa suirbhé seo. Sa chás go bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun athrú a bhreithniú, cuirfear tús le próiseas cuimsitheach plé eile.
Miondealú de réir contae ar rátaí freagartha go dtí seo
| Contae | Teaghlaigh Incháilithe | An Ráta Freagartha go dtí seo | |
|---|---|---|---|
| CEATHARLACH | 6,593 | 33.90% | |
| AN CABHÁN | 10,320 | 33.10% | |
| AN CLÁR | 9,186 | 32.00% | |
| CHORCAIGH | 54,904 | 32.80% | |
| DÚN NA nGALL | 15,155 | 33.40% | |
| BAILE ÁTHA CLIATH | 132,717 | 34.40% | |
| GAILLIMH | 21,261 | 40.50% | |
| CIARRAÍ | 12,906 | 33.30% | |
| CILL DARA | 29,709 | 36.10% | |
| CILL CHAINNIGH | 7,353 | 35.40% | |
| LAOIS | 8,785 | 30.60% | |
| LIATROIM | 2,566 | 40.00% | |
| LUIMNEACH | 21,846 | 33.70% | |
| AN LONGFORT | 4,627 | 35.40% | |
| LÚ | 18,960 | 32.10% | |
| MAIGH EO | 12,708 | 37.50% | |
| AN MHÍ | 16,767 | 33.00% | |
| MUINEACHÁN | 6,242 | 34.50% | |
| UÍBH FHAILÍ | 7,408 | 32.70% | |
| ROS COMÁIN | 8,609 | 38.30% | |
| SLIGEACH | 6,505 | 35.60% | |
| TIOBRAID ÁRANN | 14,620 | 33.30% | |
| PORT LÁIRGE | 14,717 | 35.30% | |
| AN IARMHÍ | 10,875 | 36.20% | |
| LOCH GARMAN | 16,256 | 36.10% | |
| CILL MHANTÁIN | 13,987 | 35.80% |
Is garmheastachán é an comhiomlánú go leibhéal an chontae. Déantar na freagraí a chomhiomlánú ar dtús chuig réigiúin eochair-ródaithe an Éirchóid, arna sainiú ag na chéad trí charachtar den Éirchód. Ansin, sanntar gach réigiún eochair-ródaithe don chontae ina bhfuil an sciar is mó dá achar talún, chun figiúirí táscacha ar leibhéal an chontae a dhíorthú. Tar éis dhúnadh an tsuirbhé, déanfar geochódú ar Éirchóid iomlána ag baint úsáid as sonraí tagartha ceadúnaithe agus mar thoradh air sin féadfar freagraí a leithdháileadh ar bhealach níos cruinne ar limistéir gheografacha le haghaidh na hanailíse deiridh.
Is iad na figiúirí na rátaí freagartha foriomlána tosaigh agus níl siad bailíochtaithe go hiomlán fós. Feidhmíonn na socruithe seo chun tuairisceáin an tsuirbhé a bhailíochtú tar éis tuairisceáin an tsuirbhé a fháil toisc go gcuireann sé seo le héascaíocht úsáide d'úsáideoirí an tsuirbhé. Gné ríthábhachtach is ea an tÉirchód a sholáthraíonn tuismitheoirí agus caomhnóirí do na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a leanaí orthu. Déantar na hÉirchóid a chuirtear isteach a sheiceáil i gcoinne Bhunachar Sonraí Ar Líne na Roinne do Bhunscoileanna (POD) i leith leanaí bunscoile agus sonraí Sochair Leanaí i leith leanaí atá níos óige lena chinntiú go bhfuil na freagraí ag teacht ó theaghlaigh ina bhfuil leanaí bunscoile nó leanaí atá níos óige. Bíonn seiceálacha le haghaidh freagraí dúblacha i gceist le próiseas bailíochtaithe na roinne freisin.
Nótaí d’eagarthóirí
Suirbhé Scoile www.gov.ie/primaryschoolsurvey – live
Forléargas ar an Suirbhé Bunscoile
Cad é an Suirbhé Bunscoile?
Sa Suirbhé Bunscoile, iarrtar ar thuismitheoirí, caomhnóirí, baill foirne scoile agus baill de bhoird bhainistíochta a rogha léiriú maidir leis na bunscoileanna ina n-oibríonn siad, nó a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh a leanaí orthu sna blianta amach romhainn. Bainfidh an Roinn Oideachais agus Óige úsáid as torthaí an tsuirbhé chun pleanáil a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcuirimid oideachas ar fáil ag an mbunleibhéal, agus lena chinntiú go bhfreastalaíonn scoileanna ar riachtanais a bpobal áitiúil.
Cén fáth a bhfuil an Roinn Oideachais agus Óige ag tabhairt faoin suirbhé seo?
Léiríonn pobail scoile an tsochaí shaibhir agus éagsúil ina mairimid. I gcomhthéacs na timpeallachta ina bhfuil scoileanna ag feidhmiú agus an timpeallacht sin ag athrú, tá sé an-tábhachtach sonraí cothrom le dáta a bheith ar fáil agus go háirithe, sonraí soiléire maidir le roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí i dtaca leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a gcuid leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta amach romhainn. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an Roinn soláthar oideachais a phleanáil ag an mbunleibhéal.
Cad iad na ceisteanna a chuirtear sa suirbhé?
Cuireann an suirbhé gearr, ar líne, a bhaineann go sainiúil le scoil, líon beag ceisteanna, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Arbh fhearr leat do bhunscoil a bheith ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?
- Arbh fhearr leat go bhfeidhmeodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?
- Arbh fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil go príomha trí Bhéarla nó trí Ghaeilge?
Cathain a dhúnfar an suirbhé?
Tá an suirbhé ar oscailt ón 4 Samhain go dtí an 16 Nollaig 2025.
Cé hiad siúd ar chóir dóibh an suirbhé a chomhlánú?
Is dóibh seo a leanas an suirbhé seo:
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil faoi láthair
- Baill foirne i mbunscoileanna
- Baill de Bhoird Bhainistíochta i mbunscoileanna
Conas a dhéanaim an suirbhé a chomhlánú?
Is féidir an suirbhé a chomhlánú ar líne agus tá sé ar fáil ó www.gov.ie/primaryschoolsurvey. I gcás tuismitheoirí agus caomhnóirí ar bith nach bhfuil in ann suirbhé ar líne a chomhlánú ar chúiseanna pearsanta, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an roinn ag schoolsurvey@education.gov.ie chun cúnamh a fháil.
Cén tslándáil atá i bhfeidhm ar an suirbhé??
Tá socruithe láidre agus ilsrathacha i bhfeidhm ag an roinn chun sláine agus slándáil phróiseas an tsuirbhé bunscoile a chinntiú. Oibríonn na socruithe seo chun tuairisceáin an tsuirbhé a bhailíochtú tar éis tuairisceáin an tsuirbhé a fháil toisc go gcuireann sé seo le héascaíocht úsáide d'úsáideoirí an tsuirbhé.
Is féidir leis an bpróiseas bailíochtaithe sin déileáil le haon chás ina mbíonn tuairisceáin iomadúla ann agus oibríonn sé sa chúlra tar éis tuairisceáin an tsuirbhé a fháil agus déantar é ar bhonn fíor-ama.
Is gné ríthábhachtach dóibh siúd atá ag tabhairt faoin suirbhé an tÉirchód a sholáthraíonn tuismitheoirí agus caomhnóirí do na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a leanaí orthu. Déantar na hÉirchóid a chuirtear isteach a sheiceáil i gcoinne Bhunachar Sonraí Ar Líne na Roinne do Bhunscoileanna (POD) i leith leanaí bunscoile agus sonraí Sochair Leanaí i leith leanaí atá níos óige lena chinntiú go bhfuil na freagraí ag teacht ó theaghlaigh ina bhfuil leanaí bunscoile nó leanaí atá níos óige. Bíonn seiceálacha le haghaidh freagraí dúblacha i gceist le próiseas bailíochtaithe na roinne freisin. Glactar bearta lena chinntiú nach ndéantar ach aighneacht amháin a chomhaireamh. I gcásanna ina mbraitear patrún d’aighneachtaí iomadúla, cuirtear bratach leis na hÉirchóid agus is féidir bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil leis sin. Má thagann cásanna iomadúla de ghníomhaíocht amhrasach chun cinn, is féidir bearta slándála breise a úsáid chun deireadh a chur le cumas na bhfreagraí uathoibrithe.
Tá athbhreithniú piaraí déanta ar an bpróiseas suirbhé ag an Lár-Oifig Staidrimh, arb iad saineolaithe an Stáit iad maidir le tabhairt faoi phróisis suirbhé.
Cathain a bheidh torthaí an tsuirbhé ar fáil?
Déanfar torthaí ardleibhéil tosaigh a fhoilsiú go luath in 2026.
Cad a tharlóidh do thorthaí an tsuirbhé?
Bainfidh an Roinn úsáid as torthaí an tsuirbhé mar ionchur ina cuid anailíse ar shonraí náisiúnta, áitiúla agus ar shonraí a bhaineann go sonrach le scoil chun cabhrú leis an Roinn maidir le pleanáil ag leibhéal na bunscoile. Oibreoidh an Roinn le páirtithe leasmhara ábhartha chun torthaí na suirbhéanna a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na pleanála scoile amach anseo. Ní céim dheiridh atá sa suirbhé seo. Sa chás go bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun athrú a bhreithniú, cuirfear tús le próiseas cuimsitheach plé eile.
Eolas faoi na príomhthéarmaí atá san áireamh sa suirbhé
Cuirtear líon beag ceisteanna sa suirbhé, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:
- comhoideachas nó scoil aonghnéis
- pátrúnacht/éiteas
- Teanga (oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge)
Tugaimid míniú ar gach ceann de na réimsí sin thíos.
1.Scoileanna comhoideachas nó scoileanna aonghnéis
Cuireann thart ar 90% de bhunscoileanna in Éirinn oideachas ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní i ngach rang. Tugaimid comhoideachas air sin. Is bunscoileanna aonghnéis iad an 10% eile nó mar sin agus cuireann siad oideachas ar fáil do bhuachaillí amháin nó do chailíní amháin i roinnt ranganna nó i ngach rang.
| An Cineál Scoile | Céatadán na mbunscoileanna go neasach |
|---|---|
| Bunscoileanna comhoideachais (buachaillí agus cailíní a fhaigheann oideachas sa scoil chéanna) | 90% |
| Bunscoileanna aonghnéis | 10% |
2.Pátrúnacht/éiteas
I dtaca leis na bunscoileanna aitheanta go léir (beag beann ar an bpátrún):
- leanann siad an curaclam náisiúnta
- leanann siad rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais agus Óige
- tá pátrún scoile acu
Ceapann pátrún na scoile Bord Bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Faoin Acht Oideachais, 1998 cinneann an pátrún éiteas na scoile freisin.
| Éiteas na mBunscoileanna | |
|---|---|
| Sainchreidmheach – Caitliceach | 88.3% |
| Sainchreidmheach - Reiligiúin eile, Eaglais na hÉireann den chuid is mó | 6.2% |
| Il-sainchreidmheach | 5.5% |
Foghlaimíonn leanaí i scoileanna ilchreidmheacha faoi gach creideamh agus córas creidimh mar chuid den lá scoile. Úsáideann siad cláir ilchreidmheacha, amhail:
- Goodness Me! Goodness You de chuid Bhunscoileanna Pobail na mBord Oideachais agus Oiliúna
- Learn Together de chuid Fhoghlaim le Chéile
- Croí na Scoile de chuid an Fhorais Pátrúnachta.
3.Teanga (oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge)
Cuireann 92% de na bunscoileanna oideachas ar fáil trí Bhéarla. Cuireann an 8% eile oideachas trí Ghaeilge ar fáil.
| Teanga Theagaisc | Céatadán na mbunscoileanna |
|---|---|
| Oideachas trí Bhéarla | 92% |
| Oideachas trí Ghaeilge | 8% |