Cuireann an tAire Naughton tús le próiseas léirithe spéise don Choinbhinsiún ar an Oideachas
- Foilsithe: 16 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2025
Tá tús curtha ag an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, leis an bpróiseas iarratais ar bhallraíocht sa Choinbhinsiún ar an Oideachas. Is féidir le leanaí, daoine óga, tuismitheoirí agus caomhnóirí, baill foirne scoile agus oideoirí luathbhlianta foirm léirithe spéise a chur isteach ar líne anois chun iarratas a dhéanamh le bheith ina mbaill.
Is deis aonuaire é an Coinbhinsiún ar an Oideachas do leanaí agus do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'fhoirne scoile agus do chleachtóirí luathbhlianta agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú ar feadh na mblianta amach romhainn. Is í an tOllamh Anne Looney a bheidh ina cathaoirleach ar an gCoinbhinsiún agus tiocfaidh sé le chéile ceithre huaire thar an deireadh seachtaine i mí an Mhárta, i mí na Bealtaine, i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna 2026 chun saincheisteanna tábhachtacha a phlé maidir le todhchaí an oideachais. Fógraíodh ainmneacha Leas-Chathaoirligh agus Rúnaíocht an Choinbhinsiúin i mí na Samhna.
Beidh 150 duine sa Choinbhinsiún ar fud 4 ghrúpa:
- Leanaí agus daoine óga (30 duine)
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí (30 duine)
- Fostaithe scoile agus oideoirí luathbhlianta (30 duine)
- Páirtithe leasmhara san oideachas (60 duine)
Beidh an coinbhinsiún dírithe ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna (meánscoileanna) chomh maith leis an aistriú ó na luathbhlianta go dtí an bunoideachas, agus ón iar-bhunoideachas go dtí an breisoideachas agus an t-ardoideachas. Beidh clár oibre an Choinbhinsiúin bunaithe ar chomhrá náisiúnta atá le tosú go luath san athbhliain. Breathnóidh sé ar cad atá ag obair go maith, cad iad na dúshláin a dteastaíonn aird a thabhairt orthu, agus cad iad na hathruithe a d'fhéadfadh a bheith de dhíth sna blianta amach romhainn. Cuirfidh moltaí ón gCoinbhinsiún bonn eolais faoi straitéis nua fhadtéarmach na Roinne Oideachais agus Óige do scoileanna in Éirinn.
Táthar ag súil go gcuirfear suim shuntasach i mballraíocht sa Choinbhinsiún. Beidh deiseanna ann freisin do dhaoine aonair, do ghrúpaí agus do dhuine ar bith ar mian leis nó léi a smaointe a roinnt faoi thodhchaí an oideachais páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta.
Is féidir le leanaí agus daoine óga, a dtuismitheoirí agus a gcaomhnóirí agus fostaithe scoile agus oideoirí luathbhlianta iarratas a dhéanamh le bheith ina mbaill den Choinbhinsiún ag gov.ie/educationconvention. Scaipfear léirithe spéise trí scoileanna ón lá inniu chomh maith.
Is féidir tuilleadh eolais faoin gCoinbhinsiún ar Oideachas a fháil ag www.gov.ie/educationconvention.
Dúirt an tAire Naughton:
"Seo deis aonuaire chun cabhrú le todhchaí an oideachais in Éirinn a mhúnlú. Cuirfidh rannpháirtíocht ar chumas leanaí, daoine óga, tuismitheoirí agus pobal na scoile i gcoitinne a dtaithí agus a ndearcthaí a chur leis an gcomhrá náisiúnta seo. Tá áthas ar leith orm a dheimhniú gurb é seo an chéad Choinbhinsiún a chuimsíonn leanaí agus daoine óga mar bhaill iomlána.
"Tionóladh an Coinbhinsiún deireanach ar an Oideachas breis agus 30 bliain ó shin. Tá mórán athraithe ó shin. Is le gach duine an t-oideachas agus tá sé tábhachtach go gcloisfimid ón oiread guthanna éagsúla agus is féidir. Mholfainn d'aon duine ar spéis leis nó léi a t(h)uairim a roinnt léiriú spéise a chur isteach le bheith mar bhall den Choinbhinsiún ar an Oideachas."
Fanfaidh an fhoirm léirithe spéise ar oscailt go dtí an 16 Eanáir 2026, nuair a chuirfear tús le próiseas chun rannpháirtithe a roghnú.
Nótaí d’eagarthóirí
An Coinbhinsiún ar an Oideachas
Deis annamh is ea an Coinbhinsiún ar an Oideachas do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú go ceann blianta fada.
Beidh an próiseas iarratais don Choinbhinsiún ar oscailt ón lá inniu, an 11 Nollaig 2025 go dtí an 16 Eanáir 2026. Beidh ballraíocht na chéad trí ghrúpa, leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí agus caomhnóirí agus fostaithe scoile agus oideoirí luathbhlianta bunaithe ar roghnú randamach srathaithe trí chrannchur.
Is í an tOllamh Anne Looney a bheidh ina cathaoirleach ar an gCoinbhinsiún agus tiocfaidh sé le chéile ceithre huaire thar an deireadh seachtaine i mí an Mhárta, i mí na Bealtaine, i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna 2026 chun saincheisteanna tábhachtacha a phlé maidir le todhchaí an oideachais:
Beidh 150 duine sa Choinbhinsiún ar fud 4 ghrúpa:
- Leanaí agus daoine óga (30 duine)
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí (30 duine)
- Fostaithe scoile agus oideoirí luathbhlianta (30 duine)
- Páirtithe leasmhara san oideachas (60 duine)
Tionóladh an Coinbhinsiún deireanach ar an Oideachas breis agus 30 bliain ó shin. Ba é an tOllamh John Coolahan a bhí i gceannas ar an gCoinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachas in 1993. Léirigh an coinbhinsiún seo díospóireacht mhór dhaonlathach ar thodhchaí chóras oideachais na hÉireann. Leagadh amach bunús na díospóireachta sin sa Pháipéar Uaine, Oideachas do Dhomhan atá ag Athrú. Tháinig an páipéar sin sna sála ar Athbhreithniú ECFE ar Chóras Oideachais na hÉireann (1991).
Moladh sa Pháipéar Uaine, a d'fhoilsigh an tAire Oideachais i mí an Mheithimh 1992, mórthionscadal athchóirithe a chur i gcrích laistigh de chóras Oideachais na hÉireann. I réamhrá an Aire don Pháipéar Uaine bhí cuireadh dóibh siúd a bhí tiomanta d'fheabhsú an chórais oideachais páirt a ghlacadh i ndíospóireacht náisiúnta. Ina dhiaidh sin, chuir torthaí na díospóireachta náisiúnta bonn eolais faoi ghealltanais bheartais an rialtais i réimse an oideachais a leagfaí amach ansin sa Pháipéar Bán Ag Rianú ár dTodhchaí Oideachais.
Spreag foilsiú an Pháipéir Uaine, tréimhse cruinnithe, seimineár agus comhdhálacha ar fud na tíre. Ina theannta sin, fuair an Roinn Oideachais os cionn 1,000 aighneacht scríofa mar fhreagairt don Pháipéar Uaine. Ba é buaicphointe na gníomhaíochta seo ar fad ná gur fógraíodh an Coinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachais a bhí le reáchtáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 11 – 21 Deireadh Fómhair 1993.
Beidh Coinbhinsiún 2026 dírithe ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna (meánscoileanna), ar an aistriú laistigh den oideachas, ag féachaint ar na nithe atá ag obair go maith, cad iad na dúshláin a dteastaíonn aird a thabhairt orthu, agus cad iad na hathruithe a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil sna blianta amach romhainn. Cuirfidh moltaí ón gCoinbhinsiún bonn eolais faoi straitéis nua fhadtéarmach na Roinne Oideachais agus Óige don oideachas in Éirinn.
Cathaoirleach, Leas-Chathaoirligh agus an Rúnaíocht
Beathaisnéis Anne Looney, Cathaoirleach an Choinbhinsiúin ar an Oideachas
Is Iar-Dhéan Feidhmiúcháin ar Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í an tOllamh Anne Looney.
Is as Baile Átha Cliath í agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir iar-bhunscoile ar feadh ceithre bliana déag sula ndeachaigh sí leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in 1997, áit a ndearnadh Príomhfheidhmeannach di in 2001, post a bhí aici go dtí 2016. Bhí post aici mar Phríomhfheidhmeannach Eatramhach ag an Údarás um Ard-Oideachas sular thosaigh sí ag obair in OCBÁC in 2017.
Chuir sí a cuid staidéir dochtúireachta san oideachas i gcrích ag an Institiúid Oideachais i Londain. I measc na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu tá beartas agus cleachtas measúnaithe, curaclam, féiniúlacht múinteoirí agus caighdeáin ghairmiúla do mhúinteoirí agus don teagasc. D'fhoilsigh sí ábhar freisin a bhaineann le hoideachas reiligiúnach, morálta agus sibhialta, agus le beartas oideachais. Bhí sí ina ball foirne d'athbhreithnithe do ECFE maidir le cáilíocht, curaclam agus córais mheasúnaithe scoile, agus feidhmíonn sí mar shaineolaí teicniúil don Choimisiún Eorpach ar thionscadail in oideachas tosaigh múinteoirí. Tá sí ina huachtarán reatha ar an gCumann Forbartha Gairmiúla Idirnáisiúnta.
Sa bhliain 2001 ba í an chéad bhean í a ainmníodh ar choiste bainistíochta CLG agus bhí sí sa ról sin go dtí 2024.
Beathaisnéisí na Leas-Chathaoirleach
Aideen Howard, Leas-Chathaoirleach an ghrúpa Leanaí agus Daoine Óga
Tá Aideen Howard ina Stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha Leanaí na hÁirce D'oibrigh sí san amharclannaíocht agus sna healaíona mar stiúrthóir ealaíne, léiritheoir, comhairleoir amharclainne agus coimisinéir saothair nua. Nascann a ceannaireacht ar an Áirc abhcóideacht agus déanamh ealaíne, lena n-áirítear cleachtas rannpháirtíochta bunaithe ar chearta a bhunú agus bunú na féile um chearta leanaí Right Here Right Now. Is mac léinn PhD í Aideen in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus í i mbun taighde ar chomhoibriú leanaí agus daoine fásta sa taibhiú. Bhí sí ina ball den Fheachtas Náisiúnta do na hEalaíona, den Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta do Leanaí, den Sainghrúpa Comhairleach don Óige Ildánach agus de Thascfhórsa an Taoisigh do Chathair Bhaile Átha Cliath. Roimh The Áirc, bhí Aideen ina Stiúrthóir Liteartha ar Amharclann na Mainistreach agus ina heagarthóir ar Irish Shorts: Drámaí Nua ó Amharclann na Mainistreach. Bhí sí ina Stiúrthóir Ealaíne bunaidh ar Ionad Ealaíon ildisciplíneach Mermaid agus d'oibrigh sí mar chomhairleoir liteartha do thionscadail na Comhairle Ealaíon. In 2014 bhí sí i mbun coimeádaíochta ar chlár filíochta na féile The Mountains to Sea. Tá BA sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis ag Aideen ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus MA sa Drámaíocht ó COBÁC. Bhain sí Teastas i gCearta Leanaí amach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2018 agus Teastas Gairmiúil i Rialachas ag an bhForas Riaracháin in 2019.
Shari Irfan, Leas-Chathaoirleach an ghrúpa Leanaí agus Daoine Óga
Is mac léinn Dlí agus Staire é Shari Irfan in OCBÁC. Tá taithí fhairsing aige ag obair laistigh de struchtúir bheartais náisiúnta na Roinne Oideachais agus Óige, tar éis dó a bheith ar Chomhairle na gComhaltaí do CNCM. Chomh maith leis sin, bhí Shari ar ghrúpaí oibre éagsúla de chuid na roinne, lena n-áirítear an Sainghrúpa um Rannpháirtíocht Scoláiri, an Grúpa Forfheidhmithe um Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil, agus an Grúpa Oibre chun Athbhreithniú a dhéanamh ar Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta 2013 faoi Cineáltas Chuidigh sé leis an mBord Soláthair Cláir agus leis an bhFóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, ag obair ar athchóiriú curaclaim, cuimsiú agus comhionannas rochtana. Ag an leibhéal Eorpach, rinne Shari ionadaíocht thar ceann na hÉireann trí Bhiúró Eagraithe Aontas na Scoláirí Scoile Eorpacha (OBESSU) agus bhí sé páirteach i dtionscadal Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an AE (TSI). Mar iar-Uachtarán ar Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ), rinne sé ionadaíocht ar ghuth os cionn 300,000 scoláire.
Paul Gilligan, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa na dTuismitheoirí agus na gCaomhnóirí
Tá Paul Gilligan, BA, MA, DipClin Psych, RegPsychol, FPsSI ina Shíceolaí Cliniciúil agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Sheirbhísí Meabhairshláinte Naomh Pádraig (SPMHS). Is Ollamh Comhlach Taca é i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is iar-Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta na Leanaí, iar-Uachtarán ar Chumann Síceolaíochta na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus iar-Chathaoirleach ar Luath-Óige Éireann é Paul. Bhí sé ina bhall den Ghrúpa Monatóireachta Neamhspleách um Fhís don Athrú a bhunaigh an rialtas agus de Ghrúpa Forfheidhmithe Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Sula ndeachaigh sé i mbun a phoist reatha le SPMHS, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chumann na hÉireann um Chosaint Leanaí. Tá dhá leabhar tuismitheoireachta scríofa ag Paul, Keeping Your Child Safe (2008) agus Raising Emotionally Healthy Children (2015). Is abhcóide um chearta leanaí é a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus is Comhalta de Chumann Síceolaíochta na hÉireann é.
Kathy Hall, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa na bhFoirne Scoile agus na nOideoirí Luath-Óige
Is Ollamh Emeritus le hOideachas í Kathy Hall i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí róil éagsúla aici san oideachas lena n-áirítear múinteoir, príomhoide, léachtóir agus ollamh. Tá sí tar éis taighde a dhéanamh agus ábhar a fhoilsiú ar mhórán gnéithe den oideachas agus chuidigh sí le tionscnaimh beartais náisiúnta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. I measc samplaí de thaighde den sórt sin tá forbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach múinteoirí agus cleachtóirí faoi oiliúint don ghairm agus laistigh den ghairm (Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann) agus oideachas múinteoirí don chuimsiú (An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta). Tá smaointe soch-chultúrtha, amhail cuimsiú, féiniúlacht agus cumas gníomhaithe tar éis a cleachtas acadúil agus gairmiúil féin a mhúnlú mar mhúinteoir, meantóir agus ceannaire.
Ken Muir, Leas-Chathaoirleach ghrúpa na bPáirtithe Leasmhara Oideachais
Is Ollamh Oinigh é Ken Muir in Ollscoil Iarthar na hAlban. Chuaigh sé ar scor i mí an Mhárta 2021 óna phost mar Phríomhfheidhmeannach agus Cláraitheoir ar Chomhairle Ghinearálta Múinteoireachta na hAlban. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhchigire Oideachais ag déanamh meastóireachta ar cháilíocht an tsoláthair in earnálacha na luathbhlianta, na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an bhreisoideachais. I mí Lúnasa 2021, coimisiúnaíodh é mar Chomhairleoir neamhspleách do Rialtas na hAlban chun a thuarascáil, Putting Learners at the Centre: Towards a Future Vision for Scottish Education, a foilsíodh i mí Feabhra 2022 a sholáthar. Tá spéis ar leith aige i gcóras oideachais na Fionlainne áit ar oibrigh sé le hOllscoil Heilsincí agus le Gníomhaireacht Náisiúnta Oideachais na Fionlainne. Tá Kenneth ina Leas-Chathaoirleach ar Chumann Geografach Ríoga na hAlban agus ina Iontaobhaí ar Pharlaimint na Leanaí. Le trí bliana anuas bhí baint aige le hathbhreithniú a dhéanamh ar chláir oideachais múinteoirí in Éirinn faoi choimirce na Comhairle Múinteoireachta.
Beathaisnéisí na Rúnaíochta
An Dr Majella Dempsey
Is Ollamh Comhlach agus Ceannasaí na Roinn an Oideachais in Ollscoil Mhá Nuad í Majella Dempsey, áit a bhfuil sí ag léachtóireacht agus ag déanamh taighde ar Staidéar Curaclaim, Ceannaireacht agus Measúnú. Tá a cuid oibre dírithe ar oideolaíocht, daonlathas agus forbairt curaclaim. Tá sí ina Tionólaí Naisc do Líonra Curaclaim EERA, tá sí i gceannas ar Staidéar Curaclaim ESAI SIG, agus tá sí ina ball den Líonra Idirnáisiúnta um Staidéar Curaclaim. Bhí Majella ina cathaoirleach ar ghrúpaí curaclaim náisiúnta agus chuidigh sí le tionscadail atá á maoiniú ag an AE lena n-áirítear Erasmus+ agus FP7.
An Dr Niall Seery
Faoi láthair, tá an Dr Niall Seery ina Chathaoirleach ar an Oideachas Teicneolaíochta in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne Roimhe seo, bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Ghnóthaí Acadúla agus ina Chláraitheoir ag AIT, sular ceapadh é mar chomh-stiúrthóir ar an Tionscadal Ollscoile Teicneolaíochta, a raibh TUS mar thoradh air. Is acadóir é Niall a bhfuil taithí aige agus tá tionchar léirithe aige in Oideachas Múinteoirí Teicneolaíochta. Tá spéis ar leith aige in oideachas dearaidh agus teicneolaíochta agus sa chleachtas oideolaíoch atá gaolmhar leis. Bhí mar stiúrthóir staidéar ag leibhéal fochéime agus iarchéime d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí Teicneolaíochta, agus d'fhorbair sé clár oibre taighde gaolmhar freisin. Bhunaigh sé an Grúpa Taighde Oideachais Teicneolaíochta (TERG), áit a bhfuil sé fós gníomhach i bhforbairt taighde, maoirseacht, scaipeadh agus meantóireacht,
An tOllamh Jim Spillane
Is é James P. Spillane an tOllamh Spencer T. agus Ann W. Olin i bhFoghlaim agus Athrú Eagraíochtúil ag Scoil an Oideachais agus an Bheartais Shóisialta in Ollscoil Northwestern agus comhlach dáimhe ag Institiúid Taighde Beartais Northwestern. Is iarmhúinteoir bunscoile as Éirinn é Spillane agus tá mórán ábhair foilsithe aige ar shaincheisteanna a bhaineann le beartas oideachais, feidhmiú beartais agus athchóiriú scoileanna. Déantar iniúchadh ina chuid oibre ar an bpróiseas um fheidhmiú beartais, ag díriú ar chaidreamh idir-rialtasach. Déanann sé staidéar freisin ar cheannaireacht eagraíochtúil agus athrú, ag coincheapú na ceannaireachta mar chleachtas dáilte. Tá tacaíocht faighte ag a chuid oibre ón bhFondúireacht Eolaíochta Náisiúnta, Institiúid na nEolaíochtaí Oideachais, Fondúireacht Spencer, Fondúireacht Sherwood agus Corparáid Carnegie i Nua-Eabhrac. Tá roinnt leabhar scríofa aige lena n-áirítear Distributed Leadership (Jossey-Bass, 2006), Distributed Leadership in Practice (Teachers College Press, 2011), Diagnosis and Design for School Improvement (Teachers College Press, 2011), Navigating the Principalship: Key Insights for New and Aspiring School Leaders (ASCD, 2019), agus os cionn 150 alt irise agus caibidil leabhair. Toghadh Spillane chuig Acadamh Náisiúnta Oideachais na Stát Aontaithe in 2013 agus chuig Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Mheiriceá in 2020. Bhí sé ina Uachtarán ar an gComhdháil Idirnáisiúnta um Éifeachtacht agus Feabhsú Scoile (ICSEI), 2022–2025.
Catherine Byrne
Is múinteoir a bhfuil taithí aici, ceannaire ceardchumainn, comhairleoir, idirbheartaí agus idirghabhálaí í Catherine Byrne, a bhfuil tiomantas ar feadh an tsaoil aici don oideachas, do chearta an duine, do cheartas sóisialta agus do na healaíona. Bhí sí ina leas-ardrúnaí ar Chumann Múinteoirí Éireann agus d'oibrigh sí sa Bhruiséil do Chónaidhm na gCeardchumann Eorpach. Lean sí ar aghaidh uaidh sin chun a bheith ina Comhairleoir Sinsearach Beartais in Éirinn do The Atlantic Philanthropies, áit a ndearna Chuck Feeney infheistíocht mhór i dtionscadail sláinte, cearta daonna, sóisialta agus oideachais sa tír seo. Rinne sí staidéar i gColáiste Oideachais Dhún Carúin (bunmhúinteoireacht), in Ollscoil Sheffield (Máistreacht san Oideachas), san Fhoras Riaracháin (idirghabháil) agus in Institiúid cáiliúil Lee Strasberg (amharclannaíocht agus scannán) i gCathair Nua-Eabhrac. Bhí Catherine ar bhoird Amharclann na Mainistreach, THE ARK, CNCM, Oxfam Ireland, DICE agus VSO (Seirbhísí Deonacha thar Lear) agus bhí sí ina cathaoirleach ar eagraíochtaí a dhéileálann leis na healaíona, bunmhúinteoireacht sa Chambóid (SBBI), oideachas forbartha agus cultúrtha chomh maith le bord bainistíochta Scoil Rutland. Is Comhlach í i gColáiste Ealaíne na Boirne.
An tOllamh Jane Suiter
Is Ollamh í Jane Suiter i Scoil na Cumarsáide, agus dírítear ina cuid taighde ar an timpeallacht faisnéise sa réimse poiblí agus go háirithe ar phlé a mhéadú agus dul i ngleic le bréagaisnéis. Tá Jane ina stiúrthóir ar Institiúid OCBÁC um na Meáin, an Daonlathas agus an tSochaí sa Todhchaí. Bronnadh Laureate IRC uirthi in 2022 as COMDEL Examining the Potential of Communicative Deliberation for Climate Action. Bhí baint aici le cumais éagsúla taighde agus maoirseachta ar Thionól Saoránach na hÉireann (2012-2022) agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí We the Citizens (2011), an chéad turgnamh machnamhach in Éirinn. Tá sí ina ball de líonra FutureDemocracy an ECFE agus ar bhord comhairleach Chónaidhm na Nuálaíochta i nDaonlathas na hEorpa (FIDE) agus tá comhairle tugtha aici freisin in Albain agus in áiteanna eile maidir le tionóil saoránach. Tá fianaise tugtha ag Jane ag an ECFE, i bParlaimint na hEorpa, sna Náisiúin Aontaithe agus ag an UNDP chomh maith leis an Oireachtas. Bronnadh Bonn Brown don Daonlathas uirthi in 2019 agus Gradam an Uachtaráin don Taighde. Bronnadh teideal mór le rá Taighdeoir na Bliana de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn uirthi in 2020.
An Dr Hannagh McGinley
Is Ollamh Cúnta san Oideachas in MIC Durlas í an Dr Hannagh McGinley. Tá sí ina ball de phobal Mincéir/Pavee na hÉireann (dá ngairtear an Lucht Siúil go coitianta) agus d'fhág sí an scoil go luath. Is é a saineolas taighde ná oideachas don Lucht Siúil, frithchiníochas, agus cur chuige cultúrtha agus idirchultúrtha i leith an oideachais. I measc na ról a bhí aici roimhe seo bhí múinteoir iar-bhunscoile agus cleachtóir forbartha pobail. D'oibrigh an Dr McGinley freisin mar Oifigeach Oideachais sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), áit a raibh sí freagrach as moltaí CNCM maidir le Cultúr agus Stair an Lucht Siúil sa Churaclam : Iniúchadh Curaclaim.
An Dr Johanna Fitzgerald
Is oideachasóir múinteoirí agus taighdeoir san oideachas cuimsitheach agus speisialta í an Dr Johanna Fitzgerald le 20 bliain anuas, agus roimhe sin bhí sí ina múinteoir iar-bhunscoile agus ina múinteoir oideachais speisialta. Faoi láthair, tá sí ar iasacht ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann óna ról roimhe seo mar Cheannasaí ar Roinn na Síceolaíochta Oideachais, an Oideachais Chuimsithigh agus an Oideachais Speisialta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Is éard atá i gceist lena taighde reatha ná straitéis rannpháirtíochta eolais a threorú ar fud earnáil BOO na n-iar-bhunscoileanna, ag díriú ar chur chuige córasach, comhoibríoch, faoi threoir fianaise a fhorbairt maidir le hoideachas cuimsitheach agus speisialta agus forbairt ceannaireachta trí chomhoibriú ilpháirtithe leasmhara. Ina theannta sin, tá sí ina ball den fhoireann taighde ar an staidéar fadaimseartha Teachers' Professional Journeys: The First Decade, á chómhaoiniú ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an Roinn Oideachais agus Óige.
An tOllamh Laura Lundy
Tá an tOllamh Laura Lundy, ina hOllamh Emerita le Cearta Leanaí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus in hOllamh le Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá saineolas aici ar chearta idirnáisiúnta leanaí le béim ar leith ar fheidhmiú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, ar chearta oideachais agus ar cheart leanaí páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht agus bhí sí i gceannas ar an Sainghrúpa ar Rannpháirtíocht Scoláirí sa Roinn Oideachais. D'fhorbair an tOllamh Lundy an tsamhail ar a dtugtar 'Samhail Lundy um Rannpháirtíocht Leanaí', bealach chun ceart linbh chun rannpháirtíochta a choincheapú, mar atá leagtha síos in Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Tá sí ina Príomh-Chomheagarthóir ar an International Journal of Children's Rights agus ina habhcóide cáilithe sa dlí.