Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Soláthraíonn an tAire Naughton tréimhse íocaíochta chaighdeánaithe maidir le maoiniú deontais bhliantúil de €65m do Mhionoibreacha agus TFC

  • Socrófar an tréimhse íocaíochta do na deontais seo mar mhí na Nollag/Eanáir gach bliain agus cuirfear san áireamh í i bhféilire íocaíochtaí na ndeontas bliantúil do scoileanna
  • Deontas €30m do Mhionoibreacha le heisiúint do scoileanna i mí na Nollag 2025
  • Deontas €35m do TFC le heisiúint do scoileanna i mí Eanáir 2026

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton T.D., inniu (15 Nollaig 2025) tréimhse íocaíochta chaighdeánaithe do mhaoiniú deontais bhliantúil na Mionoibreacha agus TFC do scoileanna. Soláthraíonn sé sin soiléireacht agus deimhneacht don chóras scoile agus cuirfear san áireamh anois é i bhféilire íocaíochtaí na ndeontas bliantúil do scoileanna. Cabhróidh sé seo le scoileanna i dtaca le bainistiú buiséid.

Cuirfear €30 milliún i maoiniú deontais do Mhionoibreacha ar fáil do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta an tseachtain seo chun go mbeidh siad in ann é a úsáid ar bhonn déabhlóidithe le haghaidh oibreacha cothabhála agus feabhsúcháin ar mhionscála.

Eiseofar €35 milliún mar mhaoiniú do bhonneagar TFC i mí Eanáir 2026 do gach scoil speisialta, bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta.

Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton:

“Ag teacht le Cur i bhFeidhm NDP agus mar chuid de chomhlíonadh ghealltanais Chlár an Rialtais, tá áthas orm an tsoiléireacht agus an deimhneacht seo a sholáthar do scoileanna maidir lena maoiniú deontais do mhionoibreacha agus do TFC. Cabhróidh sé seo le scoileanna i dtaca le bainistiú buiséid agus soláthraíonn sé tréimhse mhaith roimh ré dóibh chun pleanáil don bhliain amach romhainn, maidir le cothabháil agus feabhsuithe ar scála beag araon, chomh maith le cabhrú le scoileanna TFC a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú”.

An tseachtain seo, eiseofar €30 milliún mar mhaoiniú deontais do mhionoibreacha do na Bunscoileanna go léir agus baineann sé leis an scoilbhliain 2026/2027. Ina theannta sin, eiseofar €35m de mhaoiniú deontais TFC do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna i mí Eanáir 2026 do scoilbhliain 2025/2026.

Mar thoradh ar shoiléireacht agus deimhneacht a sholáthar maidir le híocaíocht bhliantúil an Deontais Mionoibreacha agus an Deontais TFC i mí na Nollag/Eanáir, tacófar le scoileanna ina mbuiséadú agus tá sé ailínithe leis an méadú suntasach ar mhaoiniú caipitíochta a fógraíodh i mBuiséad 2026.

Ag aithint go bhfuil gach scoil difriúil, tugann íocaíocht an Deontais Mionoibreacha deis do scoileanna aonair, arb iadsan is fearr atá ábalta cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi is fearr chun an maoiniú seo a úsáid, aghaidh a thabhairt ar a riachtanais chothabhála féin. Tabharfaidh an tréimhse roimh ré seo roimh an scoilbhliain nua am do scoileanna a bpleananna agus a dtosaíochtaí a mheas maidir leis an gcaoi is fearr chun an maoiniú seo a úsáid dá riachtanais féin.

Tá sé ríthábhachtach foirgnimh scoile a chothabháil chun sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn, chun timpeallacht foghlama fáilteach a sholáthar, agus chun na leibhéil shuntasacha maoinithe poiblí atá á n-infheistiú i mbonneagar scoile nua agus uasghrádaithe a chosaint.

Déanfaidh an maoiniú TFC scoileanna a chumasú chun leas a bhaint as na deiseanna a chuireann an teicneolaíocht ar fáil, agus chun tacú le leanaí agus daoine óga le bheith ina bhfoghlaimeoirí inniúla, atá rannpháirteach go criticiúil.

Agus an domhan mórthimpeall orainn ag athrú go tapa, tá sé ríthábhachtach go mbeadh scoileanna in ann na scileanna a theastaíonn uathu a chothú i scoláirí chun a lánacmhainneacht a bhaint amach inár sochaí nua-aimseartha. Déanfaidh an maoiniú TFC seo scoileanna a chumasú chun leas a bhaint as na deiseanna a chuireann an teicneolaíocht ar fáil, agus chun tacú le leanaí agus daoine óga le bheith ina bhfoghlaimeoirí inniúla, atá rannpháirteach go criticiúil.

Tacóidh an maoiniú Mionoibreacha agus TFC le scoileanna chun a bhfoirgnimh a choinneáil sábháilte agus fáilteach do dhaltaí, ach freisin chun a chinntiú go bhfuil scoláirí ag foghlaim na scileanna a theastaíonn uathu inár scoileanna chun rathú i saol an lae inniu.

NÓTAÍ:

Maoiniú Mionoibreacha

Faoin scéim, cuirtear maoiniú ar fáil do gach bunscoil agus scoil speisialta ar an mbonn seo a leanas:

€5,500 de dheontas bunúsach móide €18.50 in aghaidh an dalta príomhshrutha agus €74 in aghaidh an dalta le riachtanais speisialta oideachais atá cláraithe sa scoil ar an 30 Meán Fómhair den bhliain roimh eisiúint an deontais. Baineann an ráta €74 le dalta a bhfuil riachtanas speisialta aige/aici agus atá ag freastal ar scoil speisialta nó atá ag freastal ar rang oideachais speisialta atá nasctha le scoil phríomhshrutha.

Tá an neamhspleáchas ag scoileanna an maoiniú seo a úsáid le haghaidh cothabhála agus feabhsuithe mionscála ar fhoirgnimh agus ar thailte scoile. Ós rud é go bhfuil gach suíomh scoile difriúil, is iad na scoileanna aonair is fearr atá in ann cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi is fearr chun an maoiniú seo a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha.

I measc na n-oibreacha is féidir a dhéanamh faoin Scéim Deontais do Mhionoibreacha tá cothabháil agus feabhsuithe mionscála ar fhoirgnimh agus ar thailte scoile, feabhsú nó athsholáthar seirbhísí meicniúla agus leictreacha, ceannach troscáin chaighdeánaigh agus trealaimh oideachais, ceannach clúdach urláir agus dallóg fuinneog, ceannach trealaimh a bhaineann le TF, feabhsuithe aerála, agus feabhsuithe ar thimpeallachtaí foghlama lasmuigh.

Ó 2020 i leith, leithdháileadh €310 milliún i nDeontais do Mhionoibreacha agus i nDeontais do Mhionoibreacha Feabhsaithe ar scoileanna. Áirítear leis seo íocaíocht Deontas um Oibreacha Beaga arb ionann iad agus beagnach €30 milliún a íocadh i mí an Mheithimh 2025 le bunscoileanna agus scoileanna speisialta don scoilbhliain reatha 2025/2026.

Deontas Mionoibreacha de réir Contae
do Scoilbhliain 2026/2027
Contae €0.0m
Ceatharlach 0.4
An Cabhán 0.6
An Clár 0.9
Corcaigh 3.3
Dún na nGall 1.4
Baile Átha Cliath 5.7
Gaillimh 1.8
Ciarraí 1.1
Cill Dara 1.2
Cill Chainnigh 0.6
Laois 0.5
Liatroim 0.3
Luimneach 1.3
An Longfort 0.3
0.8
Maigh Eo 1.2
An Mhí 1.2
Muineachán 0.5
Uíbh Fhailí 0.6
Ros Comáin 0.6
Sligeach 0.5
Tiobraid Árann 1.2
Port Láirge 0.8
An Iarmhí 0.7
Loch Garman 1.0
Cill Mhantáin 0.8
29.3

Maoiniú TFC

Is ionann an €35 milliún i maoiniú deontais TFC agus an ceathrú tráinse de mhaoiniú TFC faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 agus cuireann sé leis an €210 milliún atá leithdháilte cheana féin faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 Teagasc, Foghlaim agus Measúnú a fheabhsú roimhe seo, agus an €135 milliún atá eisithe go dtí seo faoin straitéis reatha.

I gcás bunscoile, cuimseoidh an deontas TFC faoin Straitéis Dhigiteach deontas bunúsach €2,000 móide €25.17 in aghaidh an dalta príomhshrutha, €30.20 in aghaidh an dalta le riachtanais speisialta oideachais atá ag freastal ar scoil speisialta nó ag freastal ar rang speisialta atá nasctha le scoil phríomhshrutha, agus €27.69 in aghaidh an dalta i scoileanna DEIS.

Mar shampla, gheobhaidh bunscoil 100 dalta €4,517 agus gheobhaidh scoil 500 dalta €14,585.

I gcás iar-bhunscoile, beidh deontas bunúsach €2,000 móide €30.20 in aghaidh an scoláire príomhshrutha agus €33.22 in aghaidh an scoláire i scoileanna DEIS i gceist leis seo.

Mar shampla, gheobhaidh scoil 500 dalta €17,110 agus gheobhaidh scoil 1,000 dalta €32,220.

Nótaí breise agus eolas ginearálta maidir leis na nithe ar féidir leis an maoiniú deontais TFC tacú leo:

  • Scoileanna maidir le cur i bhfeidhm an cheanglais plean foghlama digiteach a bheith i bhfeidhm, chomh maith le Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP), ina leagtar amach na cearta, na pribhléidí, na freagrachtaí agus na pionóis a bhaineann le húsáid an idirlín agus teicneolaíochtaí digiteacha laistigh den scoil.
  • Breisiú a sholáthar do scoileanna DEIS maidir le dúshláin bhreise a shárú chun tacú lena bhfoghlaimeoirí.
  • Bhí roinnt straitéisí agus tionscnamh rialtais ann le scór bliain anuas chun úsáid éifeachtach teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc agus san fhoghlaim a spreagadh agus a chur chun cinn. Léirítear polasaí na Roinne Oideachais sa réimse seo sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 a foilsíodh in 2022, ar straitéis í a thógann ar an dul chun cinn a rinneadh faoin Straitéis 2015-2020 chun leanúint de theicneolaíochtaí digiteacha a leabú ngach gníomhaíocht ranga agus scoile ionas go mbeidh úsáid na teicneolaíochta digití mar chuid shaoráideach den taithí oideachais iomlán.
  • Tógann an straitéis seo ar straitéisí roimhe seo agus cuimsíonn sí athchóiriú oideachais le blianta beaga anuas. Is é atá mar aidhm léi ná cabhrú le daoine óga a bheith ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha agus tacaíonn sí le forbairt scileanna an 21ú hAois amhail smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, comhoibriú, cumarsáid agus inniúlacht dhigiteach.
  • Léiríonn an Straitéis tosaíochtaí an AE freisin, ag teacht le Plean Oideachais Dhigitigh an AE, agus tacaíonn sí le príomhpholasaithe na roinne, go háirithe an Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Inniúlachta Digití atá foilsithe, chomh maith leis an Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM.
  • Is féidir le soláthar an mhaoinithe seo tacú le hathrú curaclaim freisin, lena n-áirítear ar an gcuraclam bunscoile a shamhlaíonn go dtacaítear le leanaí le bheith ina bhfoghlaimeoirí digiteacha, atá fiosrach, cruthaitheach, muiníneach agus criticiúil i dtaca leis an teicneolaíocht dhigiteach.
  • Faigheann scoileanna a ghearrann táillí maoiniú ar ráta 50 faoin gcéad. €1,000 mar chnapshuim agus €15.10 in aghaidh an duine.

Straitéis Dhigiteach do Scoileanna

Is é atá mar aidhm leis an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 ná cur leis an dul chun cinn atá déanta maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

De bharr go mbeidh €35 milliún á eisiúint i mí Eanáir 2026, meastar go bhféadfar an t-iarmhéid maoinithe de €30 milliún atá fágtha i ngealltanas an Phlean Forbartha Náisiúnta a eisiúint thar na blianta atá fágtha den straitéis reatha.

Tá an maoiniú seo mar bhonn faoin tiomantas leanúnach tacú le scoileanna agus iad a chumasú lena chinntiú go leanfar ar aghaidh ag leabú teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

Figiúirí Sealadacha de réir Contae - Deontas TFC Le híoc i mí Eanáir 2026
Bunscoileanna Iar-bhunscoileanna
€0.0m €0.0m
Ceatharlach 0.3 0.2
An Cabhán 0.4 0.2
An Clár 0.6 0.3
Corcaigh 2.3 1.6
Dún na nGall 0.9 0.5
Baile Átha Cliath 4.6 3.3
Gaillimh 1.2 0.8
Ciarraí 0.7 0.4
Cill Dara 1.0 0.7
Cill Chainnigh 0.4 0.3
Laois 0.4 0.2
Liatroim 0.2 0.1
Luimneach 0.9 0.6
An Longfort 0.2 0.2
0.6 0.5
Maigh Eo 0.7 0.4
An Mhí 0.9 0.6
Muineachán 0.3 0.2
Uíbh Fhailí 0.4 0.2
Ros Comáin 0.4 0.2
Sligeach 0.3 0.2
Tiobraid Árann 0.8 0.5
Port Láirge 0.5 0.4
An Iarmhí 0.5 0.3
Loch Garman 0.7 0.5
Cill Mhantáin 0.6 0.5
Iomlán 20.8 14.2

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat