Foilsíonn an tAire Naughton Plean Infheistíochta Earnála an NDP ar fiú €7.55 billiún é don tréimhse 2026 go dtí 2030

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Naughton Plean Infheistíochta Earnála an NDP ar fiú €7.55 billiún é don tréimhse 2026 go dtí 2030

  • Dírítear i dtús báire ar bheagnach 300 tionscadal atá á dtógáil faoi láthair a chur i gcrích chun breis agus 30,000 áit scoile breise agus nuachóirithe a sholáthar
  • 105 tionscadal le dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana nó na tógála le linn 2026 agus 2027 agus infheistíocht os cionn €1.6bn san iomlán mar chuid den chéad tráinse d'fheidhmiú céimneach an NDP. Na tionscadail seo chun 27,000 áit scoile breise agus nuachóirithe a sholáthar
  • Fócas láidir i bPlean an NDP ar an acmhainn atá ann cheana féin a uasmhéadú agus tús áite a thabhairt d’fheidhmiú céimneach na dtionscadal a dhéanfaidh freastal ar na riachtanais is práinní, go háirithe chun tacú le soláthar riachtanas speisialta oideachais
  • Soiléireacht agus cinnteacht curtha ar fáil anois maidir le tréimhse íocaíochta bhliantúil mhí na Nollag/Eanáir do dheontais Mionoibreacha agus TFC do scoileanna. Tús le cur le pleanáil i dtaca le socruithe chun maoiniú mionoibreacha a mhéadú ag an mbunleibhéal agus maoiniú mionoibreacha a thabhairt isteach ag leibhéal na hiar-bhunscoile níos déanaí i dtréimhse an NDP.
  • Maoiniú caipitil don Óige a dhúbailt go dtí €4m in aghaidh na bliana chun tacaíocht do Sheirbhísí Óige a fheabhsú

D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, inniu foilsiú Phlean Earnála an NDP d'earnálacha an Oideachais agus na hÓige.

Is éard atá i gceist le Plean Infheistíochta Earnála an NDP ná infheistíocht chaipitil de €7.55bn inár scoileanna agus inár nEarnáil Óige don tréimhse 2026 go dtí 2030. Cuireann an infheistíocht seo leis an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus tacóidh sí le feidhmiú an chórais scoile agus earnáil na hÓige leis an mbonneagar agus na háiseanna riachtanacha do na blianta amach romhainn.

Táthar ag súil go n-úsáidfear an maoiniú €7.55bn seo mar seo a leanas:

- €5 billiún de mhaoiniú NDP chun tacú le feidhmiú céimneach tionscadal tosaíochta chun acmhainn bhreise a sholáthar agus nuachóiriú a dhéanamh ar áiseanna a bhfuil gné láidir oideachais speisialta acu do gach tionscadal

- €2.25 billiún de mhaoiniú NDP chun díriú ar thacú leis an eastát scoile atá ann cheana féin i dtéarmaí cothabhála, mionoibreacha agus maoiniú deontais TFC, Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide, cláir aeráide eile agus maoiniú caipitil méadaithe d’Earnáil na hÓige.

- €0.3 billiún le húsáid mar chiste teagmhasach don tréimhse 2026 go dtí 2030.

Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton:

"Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Plean Infheistíochta Earnála an NDP d'earnálacha an Oideachais agus na hÓige don tréimhse 2026 go dtí 2030 foilsithe. Is infheistíocht an-suntasach í seo inár n-earnálacha Oideachais agus Óige agus cabhróidh sí lenár ngealltanas a chomhlíonadh, is é sin go mbeidh córas oideachais den chéad scoth againn a thacaíonn le gach foghlaimeoir a lánacmhainneacht a bhaint amach. Beidh soláthar a dhéanamh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu mar thosaíocht ar leith le linn na tréimhse NDP 2026 go dtí 2030.

"Tá dea-theist ar mo Roinnse maidir le soláthar, agus tabharfar tús áite don infheistíocht €7.55 billiún seo lena chinntiú go mbeidh áit scoile ag gach leanbh agus chun tacú le feidhmiú foriomlán an chórais scoile agus Earnáil an hÓige ó thaobh bonneagair caipitil de. Tá áthas ar leith orm soiléireacht agus cinnteacht a chur ar fáil do scoileanna maidir leis an amlíne íocaíochta bliantúil do mhí na Nollag/Eanáir do na mionoibreacha agus na deontais TFC, a chabhróidh le bainistiú buiséid agus a chuirfidh leis an dul chun cinn maith atá déanta maidir le maoiniú caipitíochta méadaithe i mBuiséad 2026. Infheistíocht an-tábhachtach agus straitéiseach i dtaca le cothabháil foirgneamh scoile is ea tús a chur leis an bpleanáil le haghaidh maoiniú deontais breise mionoibreacha do bhunscoileanna agus maoiniú deontais mionoibreacha a thabhairt isteach d’iar-bhunscoileanna agus beidh sé ag teacht go maith leis an infheistíocht shuntasach atá á déanamh freisin faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide."

I measc na bpríomhghnéithe den Phlean Earnála tá na nithe seo a leanas do 2026 agus 2027:

Feidhmiú céimneach na dTionscadal:

  • Tuairim is 300 tionscadal atá á dtógáil faoi láthair agus tá an chuid is mó acu le críochnú in 2026 chun os cionn 30,000 áit scoile breise agus nuachóirithe a chur ar fáil.
  • Eanáir 2026: Foilsiú an chéad liosta tráinse de 105 tionscadal mar chuid den chéad tréimhse dhá bhliain d’fheidhmiú céimneach an NDP lena mbaineann infheistíocht fhoriomlán de €1.6bn:
    • 80 Tionscadal Mórscála agus Scéim Cóiríochta Breise a bhfuil tosaíocht acu chun dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus/nó na tógála, de réir mar is cuí, le linn 2026 agus 2027 laistigh de pharaiméadair mhaoiniú an NDP.
    • Tosaíocht tugtha do 25 tionscadal faoin gClár Cóiríochta Modúlaí chun freastal ar riachtanais phráinneacha um acmhainn bhreise. Cuirfear tionscadail bhreise faoin gClár Modúlach leis an liosta seo chun riachtanais bhliantúla phráinneacha a bhainistiú.

Cuirfidh na 105 tionscadal seo os cionn 27,000 áit scoile breise agus nuachóirithe ar fáil. Tosaíocht ar leith is ea acmhainn a leathnú inár scoileanna speisialta.

  • Clúdaíonn an chéad tráinse de thionscadail an chéad tréimhse dhá bhliain d'fheidhmiú céimneach an NDP, agus déanfar an chéad tráinse eile de thionscadail a thabhairt chun críche agus a fhoilsiú ina dhiaidh sin (i ndiaidh 2027) tar éis próiseas plé le páirtithe leasmhara chun na chéad tosaíochtaí eile is práinní a shainaithint. Tabharfar faoin bplé leis na páirtithe leasmhara seo le linn 2026 agus 2027 agus áireofar ann measúnú ar cé chomh maith agus a uasmhéadaítear an acmhainn atá ann cheana agus go bhfuil beartais agus próisis rolluithe ag tabhairt tús áite do sholáthar oideachais speisialta áitiúil agus do riachtanais phríomhshrutha. Cuirfidh an Suirbhé Fuinnimh agus Reachta ar eastát na scoileanna, atá á dhéanamh faoi cheannas na Roinne agus a chuirfear i gcrích níos déanaí in 2026, bonn fianaise breise ar fáil chun tosaíochtaí a mheas.
  • Ranganna speisialta breise a sholáthar gach bliain chun freastal ar riachtanais bhliantúla agus é mar sprioc go n-osclófar suas le 80% díobh trí athearraíocht a bhaint as cóiríocht atá ann cheana féin.
  • Fócas láidir leanúnach ar acmhainn a leathnú i scoileanna speisialta atá ann cheana féin agus roinnt scoileanna speisialta nua a oscailt nuair is gá. Cabhróidh sé sin le feidhmiú céimneach na Seirbhísí Teiripe Oideachais.
  • An chéad tráinse de 297 tionscadal a fógraíodh le déanaí faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide a sholáthar. Foilseofar an chéad tráinse eile i mí Dheireadh Fómhair 2026. 100 tionscadal atá ann cheana mar chuid de chláir éagsúla aeráide atá á soláthar trí mheascán de chláir atá maoinithe ag an AE agus comhpháirtíochtaí le SEAI

Mionoibreacha agus Deontais TFC

  • Tá soiléireacht agus cinnteacht á soláthar don chóras scoile maidir le hamlíne íocaíochta deontais bhliantúla atá socraithe anois ag tréimhse íocaíochta Nollaig/Eanáir do gach bliain
  • Íocadh Deontas Mionoibreacha do bhunscoileanna i mí na Nollag 2025 do scoilbhliain 2026/2027
  • Deontas TFC do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna íoctha i mí Eanáir 2026
  • Mar chuid den phleanáil do chóras cothabhála neartaithe, tá Nollaig 2028/Eanáir 2029 á leagan síos mar amlíne íocaíochta pleanáilte le haghaidh (a) méadú ar mhaoiniú deontais mionoibreacha a thabhairt isteach ag an mbunleibhéal agus (b) deontas mionoibreacha a thabhairt isteach ag an iar-bhunleibhéal. Tús á chur le plé le páirtithe leasmhara ábhartha in 2026 chun modheolaíocht chuí a fhorbairt chun an infheistíocht mhéadaithe seo a dhíriú ar chothabháil eastát na scoileanna agus é sin bunaithe ar shonraí ó shuirbhé fuinnimh agus reachta na Roinne ar eastát na scoileanna atá le críochnú agus le bailíochtú faoi dheireadh 2026.

Príomhthionscnaimh eile atá á soláthar

  • Maoiniú caipitil feabhsaithe do Sheirbhísí Óige (ó €2m go €4m gach bliain) chun tacú le hinbhuanaitheacht agus forbairt ár Seirbhísí Óige
  • Tosaíochtaí le forbairt chun tús a chur le clár Hallaí Corpoideachais ó 2029 ar aghaidh do na scoileanna sin nach bhfuil teacht acu ar Halla Corpoideachais go fóill (faoi láthair tá teacht ag 90% d'iar-bhunscoileanna ar Halla Corpoideachais)
  • Leanúint ar aghaidh ag tacú le pleanáil chun cinn do riachtanais RSO lena n-áirítear feidhmiú céimneach pleanáilte na Seirbhíse Teiripe Oideachais do Scoileanna Speisialta

Nótaí d’Eagarthóirí

Is é leithdháileadh NDP na Roinne Oideachais agus Óige don tréimhse 2026 go 2030 ná €7.55 billiún. Is ionann sin agus €1.51 billiún ar an meán in aghaidh na bliana agus roinnt tús-ualaithe sa tréimhse thosaigh mar atá leagtha amach sa tábla thíos:

An Roinn Oideachais agus Óige - Miondealú ar €7.55 billiún i leithdháiltí bliantúla don tréimhse 2026-2030
2026 2027 2028 2029 2030 Iomlán
€bn €bn €bn €bn €bn €bn
Leithdháileadh an mhaoinithe faoin NDP 1.60 1.60 1.55 1.40 1.40 7.55

Is féidir teacht ar Phlean Earnála an NDP d'earnálacha an Oideachais agus na hÓige, agus sonraí na 105 tionscadal a rachaidh ar aghaidh go dtí céim na tairisceana agus/nó na tógála le linn 2026 agus 2027, anseo: School Building and Design.

D'fhógair an tAire na pleananna ag Scoil Náisiúnta Foghlaim le Chéile Bhaile an Phaoraigh i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15, áit ar chas sí an fód ar shíneadh chun cóiríocht bhreise a chur ar fáil do riachtanais speisialta oideachais.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat