Feiceann an tAire Naughton an t-oideachas i ngníomh le linn cuairteanna scoile ar fud Chontae Chill Dara
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 15 Eanáir 2026
Thug an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, cuairt inniu (Dé Céadaoin, 14 Eanáir) ar thrí scoil i gCill Dara, lena n-áirítear Coláiste Pobail Naomh Wolstan i gCill Droichid agus sprioc thábhachtach ar leith á cheiliúradh aige - a 70ú bliain san oideachas, agus a 25ú bliain mar phobalscoil.
Dúirt an tAire go raibh an-áthas uirthi a bheith i láthair don ócáid speisialta agus chuir sí síos air mar am bródúil don scoil.
Dúirt an tAire Naughton:
"Is cúis áthais dom a bheith anseo i gColáiste Pobail Naomh Wolstan chun an obair iontach atá curtha i gcrích sa scoil seo le seachtó bliain anuas a cheiliúradh. Ní hamháin go léiríonn comóradh an lae inniu fad saoil, ach an ról buan atá ag an scoil seo i saol Chill Droichid agus an phobail i gcoitinne le seachtó bliain anuas.
“Is pointe ama bródúil é seo don scoil seo, ceann a thugann ómós don am atá thart, a cheiliúrann an lá atá inniu ann agus a fhéachann go muiníneach chun cinn.” Go raibh maith agaibh as cuireadh a thabhairt dom a bheith mar chuid den ócáid speisialta seo agus guím rath leanúnach ar phobal na scoile ar fad sna blianta seo amach romhainn.”
Ghlac an tAire buíochas le Príomhoide na scoile, Francis Carolan, leis na Príomhoidí Tánaisteacha Anne Smyth agus Elaine Brady agus le cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, David Trost, as a gcuireadh chun freastal ar an ócáid.
Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Collchoill, Cill Droichid
Chomh maith leis sin, thug an tAire cuairt ar Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Collchoill, Cill Droichid agus dúirt sí go raibh an scoil mar dhlúthchuid de phobal bríomhar a bhí ag fás.
Dúirt an tAire Naughton:
“Ba mhaith liom nóiméad a ghlacadh chun aitheantas a thabhairt don fhoireann múinteoirí, do na Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus don phobal scoile i gcoitinne agus buíochas a ghlacadh leo agus iad ag obair le daltaí go laethúil chun cabhrú leo a lánacmhainneacht agus barr a maitheasa a bhaint amach. Tá a gcuid dúthrachta mar chroí agus mar anam ag Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig. Táim muiníneach go leanfaidh na daoine óga sa phobal scoile seo orthu ag dul ó neart go neart faoina dtreoir.”
Ghlac an tAire Naughton buíochas le Príomhoide na Scoile, Jennifer Quigley, agus le Breda Holmes, cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, as an deis a thabhairt di cuairt a thabhairt ar an scoil inniu.
Coláiste Chiaráin, Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara
Thug an tAire Naughton cuairt freisin ar Choláiste Chiaráin, Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara, áit ar thug sí moladh don scoil as an obair iontach atá á déanamh aici.
Dúirt an tAire Naughton:
"Is sampla é Coláiste Chiaráin de scoil atá cuimsitheach i ndáiríre. Idir fháilte a chur roimh Scoil Náisiúnta Foghlaim le Chéile Léim an Bhradáin chun a gcampas a roinnt leo in 2022, agus mol a oscailt do scoláirí a bhfuil uathachas orthu, is scoil í seo a léiríonn na luachanna a chiallaíonn go bhfuil pobal scoile cuimsitheach.”
Dúirt an tAire go bhfuil gá ag an domhan seo againne le daoine ar cás leo ár bpláinéad agus go bhfuil Coláiste Chiaráin tiomanta do ról gníomhach a ghlacadh san iarracht sin.
Dúirt sí:
“Tá Coláiste Chiaráin chun tabhairt faoi thionscadal ollmhór athchóirithe a laghdóidh a lorg carbóin agus a dhéanfaidh an scoil níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh de. De réir mar a fhoghlaimímid faoi aire a thabhairt dár bpláinéad i gceachtanna scoile, níl aon bhealach níos fearr chun é a theagasc agus a fhoghlaim ná gníomhú ina leith.”
Ghlac an tAire buíochas leis an bPríomhoide, Mark Neville; leis an bPríomhoide Tánaisteach, Louise Doran, agus le gach duine a chabhraigh chun an chuairt a chur ar fáil.
Nótaí d’eagarthóirí
Ó 2020 i leith, tá breis is €6 billiún infheistithe ag an Roinn Oideachais agus Óige inár scoileanna ar fud na tíre faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, rud a chiallaíonn gur cuireadh beagnach 1,400 tionscadal tógála scoile i gcrích, lena n-áirítear breis is 70 foirgneamh scoile nua.
Ina theannta sin, is mar thoradh ar athearraíocht agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainn chóiríochta atá ann cheana féin ar fud eastát na scoileanna a bhíothas ábalta acmhainn ranga speisialta a sholáthar go tráthúil agus go háitiúil ar bhealach a thacaíonn le dea-chleachtas sa chuimsiú agus sa lánpháirtiú. Tá thart ar 80% de ranganna speisialta nua in 2025/26 á n-éascú i gcóiríocht ranga ar baineadh athearraíocht aisti.
Tá beagnach 300 tionscadal á dtógáil faoi láthair, lena n-áirítear 38 foirgneamh scoile nua.
Ó 2020 i leith, tá infheistíocht déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige sna nithe seo a leanas:
* Os cionn €397m ag tacú le críochnú 74 tionscadal tógála scoile agus 13 tionscadal eile á dtógáil i gCill Dara. Fógraíodh 5 thionscadal i gCill Dara sa chéad tráinse de 297 tionscadal faoin Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide.