Tabharfaidh an tAire Naughton aitheantas d’obair phobail na scoileanna agus í ag tabhairt cuairt ar scoileanna i Muineachán
- Foilsithe: 22 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026
Déanfaidh an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton foirgneamh modúlach nua i gColáiste an Inbhir, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin a oscailt go hoifigiúil ar maidin inniu (Déardaoin).
Ag labhairt di roimh an gcuairt, dúirt an tAire gur mhór an phribhléid di an dualgas seo a chomhlíonadh don ócáid iontach seo. Dúirt sí go raibh súil aici go gcuirfeadh an foirgneamh modúlach nua suíomh ar fáil do scoláirí chun a gcumas a fhorbairt agus deiseanna a chruthú dá bhforbairt phearsanta.
Dúirt an tAire Naughton:
“Táim cinnte go bhfuil gach duine thar a bheith bródúil as an bhfoirgneamh modúlach breise seo. Feabhsaíonn an t-oideachas ár sochaí, cuireann sé le cumas ár leanaí agus tá sé ríthábhachtach dár rath eacnamaíoch. Is é atá i gceist lenár gcur chuige i leith an oideachais ná deis chomhionann sa saol a thabhairt do gach leanbh, agus tacaíocht á fáil sa scoil seo tríd an gclár DEIS agus trí fhoirgnimh chuimsitheacha a sholáthar a chuireann bonn praiticiúil faoi na huaillmhianta sin.”
Ghlac an tAire buíochas le Príomhoide na scoile, Sinéad Mc Colgan, leis na Príomhoidí Tánaisteacha, Fiona Mulholland agus Pauric Finnegan, agus le Colm McCarthy, Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, as an gcuireadh cuairt a thabhairt ar an scoil.
Thug sí aitheantas freisin don Dr. Fiona Mc Grath, Príomhfheidhmeannach, agus le Paddy Flood, Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin, agus le hionadaithe an Bhoird Bainistíochta a bhí freagrach as an tionscadal seo a thabhairt go dtí an áit a bhfuil sé inniu.
Scoil Náisiúnta Naomh Damhnait, Tigh Damhnata
Tabharfaidh an tAire Naughton cuairt ar Scoil Náisiúnta Naomh Damhnait freisin agus í ag rá gur cuid an-tábhachtach den phobal áitiúil i dTigh Damhnata í agus gur scoil í a bhfuil traidisiún láidir aici maidir le cabhrú le gach leanbh forbairt a dhéanamh. Thug sí aitheantas don fhoireann múinteoirí, do na Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus don fhoireann a oibríonn le daltaí gach lá i Scoil Naomh Damhnait, ag rá gurb é a ndúthracht croí agus anam na scoile.
Dúirt an tAire Naughton:
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le gach duine a chuireann leis an bpobal scoile seo agus atá mar chuid de. Tá a gcúnamh ríthábhachtach chun todhchaí an oideachais sa phobal seo a mhúnlú. Táim ar bís chun na héachtaí dochreidte a thiocfaidh ón scoil seo a fheiceáil agus an tionchar dearfach a bheidh aici ar ár bpobal.”
Ghlac an tAire buíochas le Príomhoide na Scoile, Daniel Murphy, agus le Caroline McNally, cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, as an deis a thabhairt di cuairt a thabhairt ar an scoil.
Tabharfaidh an tAire Naughton cuairt ar Scoil Choláisteach Mhuineacháin, Corr Leacht, Co. Mhuineacháin inniu freisin, áit a mbeidh sí in ann obair agus dúthracht bhaill phobal na scoile a fheiceáil di féin.
Dé hAoine (23 Eanáir), tabharfaidh an tAire Naughton cuairt ar Scoil Speisialta Pobail Mhuineacháin i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin.
Ag labhairt di roimh a cuairt, mhol sí gach duine a raibh baint acu le hullmhú an fhoirgnimh seo do mhí Mheán Fómhair 2025.
Dúirt an tAire Naughton:
“Is sampla é Scoil Speisialta Pobail Mhuineacháin den bhrí atá le bheith i do scoil fhíorchuimsitheach. Ní gá do dhaltaí agus do scoláirí Mhuineacháin taisteal achair chomh fada sin a thuilleadh, chuig contae eile agus is féidir leo taitneamh a bhaint as an méid atá le tairiscint ag ár gcóras oideachais ina gcontae féin.”
“Tá tuilleadh mionathruithe beartaithe lasmuigh den téarma, nuair is féidir, ionas go ndéanfar an cur isteach is lú is féidir ar an timpeallacht foghlama.”
Ghlac an tAire buíochas leis an bPríomhoide, Belinda Waters; leis an bPríomhoide Tánaisteach, Majella Nugent, le Stiúrthóir na Scoileanna, Paddy Flood, agus le gach duine a chabhraigh chun an chuairt seo a chur ar fáil. Dúirt sí gur fianaise í an scoil ar thiomantas BOO an Chabháin agus Mhuineacháin d’oideachas ardchaighdeáin, cuimsitheach a sholáthar do chách.
Nótaí d’eagarthóirí
Ó 2020 i leith, tá breis is €6 billiún infheistithe ag an Roinn inár scoileanna ar fud na tíre faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, agus dá bharr sin tá beagnach 1,400 tionscadal tógála scoile tugtha chun críche.
Ina theannta sin, is mar thoradh ar athearraíocht agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainn chóiríochta atá ann cheana féin ar fud eastát na scoileanna a bhíothas ábalta acmhainn ranga speisialta a sholáthar go tráthúil agus go háitiúil ar bhealach a thacaíonn le dea-chleachtas sa chuimsiú agus sa lánpháirtiú. Tá thart ar 80 faoin gcéad de na ranganna speisialta nua in 2025/26 á n-éascú i gcóiríocht ranga ar baineadh athearraíocht aisti.
Tá beagnach 300 tionscadal á dtógáil faoi láthair, lena n-áirítear 38 foirgneamh scoile nua.
Ó 2020 i leith, tá infheistíocht *de bhreis agus €104.41m déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige ag tacú le críochnú 24 tionscadal tógála scoile agus ceithre thionscadal eile á dtógáil faoi láthair i Muineachán. Fógraíodh trí thionscadal i Muineachán sa chéad tráinse de 297 tionscadal faoin Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide.