Cuairt á tabhairt ag an Aire Naughton ar Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe in éineacht le hAmbasadóir na hEastóine chun na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuairt á tabhairt ag an Aire Naughton ar Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe in éineacht le hAmbasadóir na hEastóine chun na hÉireann

Tabharfaidh an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton cuairt inniu (Déardaoin) ar Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe, áit a mbeidh Ambasadóir na hEastóine chun na hÉireann, Kairi Künka, in éineacht léi.

Tá an chuairt á tabhairt roimh Lá na hEorpa ar an Satharn, an 9 Bealtaine, agus beidh ceiliúradh ar fud an phobail á óstáil ag an scoil chun an ócáid a chomóradh.

Ag labhairt di roimh an gcuairt, dúirt an tAire Naughton:

“Is bliain an-speisialta í seo dúinne in Éirinn mar, faoi bhun dhá mhí ó inniu, beidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh á glacadh againn”

Tá cuairt an lae inniu mar chuid den tionscnamh péireála contae, faoina ndéantar gach contae a mheaitseáil le ballstát AE ar feadh thréimhse Uachtaránacht na hÉireann. Tá Gaillimh péireáilte leis an Eastóin.

Dúirt an tAire gur mhór an onóir di a bheith sa scoil chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, agus ghlac sí buíochas leis an Ambasadóir as a bheith in éineacht léi ar an gcuairt:

“Tá naisc láidre agus cosúlachtaí go leor idir Éirinn agus an Eastóin, go háirithe inár gcur chuige i leith an oideachais agus ár bpobail scoile.”

Agus béim á leagan aici ar thábhacht cheiliúradh na bliana seo, dúirt sí:

“Tá tábhacht ar leith ag baint le Lá na hEorpa in 2026 agus muid ag comóradh 40 bliain ó bhí an chéad cheiliúradh oifigiúil ann, mar aon le glacadh bhratach agus rosc an AE go poiblí. Léiríonn ciorcal 12 réalta óir na brataí ar chúlra gorm aontacht, dlúthpháirtíocht agus síocháin i measc mhuintir na hEorpa.”

Mhol an tAire iarrachtaí phobal na scoile freisin:

“Is sampla iontach de chomhoibriú idir an scoil agus an pobal uile an ceiliúradh atá ar siúl anseo inniu i Scoil Mhuire. Tá sé soiléir go ndearna daltaí, múinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, feighlithe agus foireann na scoile an-iarracht chun lá an-fhiúntach a dhéanamh den lá inniu.”

Tá an chuairt ag tarlú agus an tAire ag ullmhú chun taisteal go dtí an Bhruiséil an tseachtain seo chugainn don chruinniú deireanach de Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt an AE sula nglacfaidh Éire Uachtaránacht an AE sa dara leath de 2026.

Nótaí d’eagarthóirí

  • 76 bliain ó shin, ar an 9 Bealtaine 1950, thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, óráid stairiúil, ar a dtugtar Dearbhú Schuman. Réitigh sé an bealach do ré nua síochána, lánpháirtíochta agus comhair, a leag síos an bhunchloch don Aontas Eorpach mar is eol dúinn inniu é.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat