Fáiltíonn an tAire Naughton roimh fhoilsiú ‘Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta 2025’ na Cigireachta
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2026
Foilsíonn Cigireacht na Roinne ‘Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta 2025’, ina gcuirtear i láthair na tuairimí agus na heispéiris a bhí ag beagnach 4,000 duine, idir leanaí agus dhaoine óga.
Chuir Aire na Roinne Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton fáilte roimh fhoilsiú ‘Dearchtaí ar Iompar Bulaíochta 2025,’ tuairsic de chuid Chigireacht na Roinne Oideachais agus Óige. Léirítear sa tuarascáil go mbíonn taithí ag an gcuid is mó de scoláirí ar an scoil mar thimpeallacht atá sábháilte agus tacúil agus an tromlach díobh ag tuairisciú go gcaitheann aosaigh leo le cineáltas agus meas. Léirítear sa tuarascáil freisin ámh, gur thuairiscigh 15.5% de scoláirí go ndearnadh bulaíocht orthu sa dá mhí dhéag roimhe; bhí rátaí ní b’airde ann i measc scoláirí nár chuir a n-inscne in iúl nó ar chuir a n-inscne in iúl mar inscne “eile”. Tugtar le fios sna figiúirí sin nach mar an gcéanna a bhíonn taithí de bhraistint sábháilteachta ag na scoláirí uile agus gur féidir leas a bhaint as na figiúirí d’fhonn réimsí a aithint ina bhfuil tuilleadh tacaíochtaí de dhíth.
Ag fáiltiú di roimh an tuarascáil, dúirt an tAire Naughton:
“Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éistfimis go cúramach lena bhfuil le hinsint ag leanaí agus ag daoine óga dúinn faoi iompraíocht bhulaíochta. Caitear solas sa tuarascáil seo ar a n-eispéiris ó lá go lá: an iliomad samplaí dearfacha de chineáltas agus d’ionchuimsiú inár scoileanna, ach, de bhreis air sin, an fhíordhíobháil a d’fhéadfadh teacht as iompraíocht bhulaíochta nuair nach gcuirtear ina coinne. Ba mhaith liom na scoláirí a ghlac páirt sa suirbhé seo agus sna fócasghrúpaí, chomh maith leis na ceannairí scoile agus na baill foirne a thacaíonn leo, a mholadh. Beidh a léargais mar bhonn eolais díreach faoin mbealach a leanfaimid de Cineáltas, ár bplean gníomhaíochta náisiúnta ar an iompraíocht bhulaíochta, a fhorfheidhmiú, ionas go mbeidh gach leanbh agus gach duine óg in ann cómhuintearas a mhothú ar scoil agus a mhothú go bhfuil siad sábháilte agus ionchuimsithe ar scoil.”
Tarraingítear aird sna cinntí go ndéantar iompraíocht bhulaíochta ar bhealaí sóisialta agus ó bhéal den chuid is mó, agus gur minic a bhíonn sí i bhfoirm eisiaimh, glaoch ainmneacha agus iompraíochtaí ar líne amhail íomhánna dímheasúla nó físeáin dhímheasúla a chomhroinnt, seachas ionsaithe fisiciúla follasacha. Labhair scoláirí i bhfócasghrúpaí faoi na brúnna a bhaineann le breithiúnas piaraí, faoin tionchar a bhíonn orthu nuair a fhágtar amach iad as comhráite grúpa nó as imeachtaí sóisialta, agus faoi na bealaí ar féidir le hardáin ar líne coimhlintí a dhéanamh níos déine agus iompraíocht dhíobhálach a dhéanamh níos infheicthe. Thuairiscigh scoláirí eispéiris dhearfacha freisin, lenar áiríodh rannpháirtíocht fhiúntach i dtionscnaimh a bhí faoi stiúir piaraí chun dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta, mar aon le cineálacha cur chuige scoile uile i leith cineáltas a chur chun cinn, ar chineálacha cur chuige iad a measadh a bheith dílis agus éifeachtach, in ionad a bheith fánach. Labhair a lán scoláirí go dearfach faoina n-idirghníomhaíochtaí le múinteoirí, agus aird á tarraingt acu ar chomharthaí a bhí beag ach fiúntach ag an am céanna, amhail beannú croíúil a fháil i dtús an lae. Tharraing siad aird freisin ar a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí seach-churaclaim, go háirithe mar spásanna le haghaidh rannpháirtíochta agus le haghaidh nasc atá bunaithe ar ábhair spéise choiteanna.
Ag foilsiú na tuarascála di, dúirt Yvonne Keating, an Príomhchigire:
“Foghlaimíonn leanaí agus daoine óga ar an mbealach is fearr nuair a mhothaíonn siad fíor-chómhuintearas agus nuair a mhothaíonn siad go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuil meas orthu. Tugtar fianaise láidir sa tuarascáil seo go mbíonn iompraíocht bhulaíochta, go háirithe ina foirmeacha sóisialta, caidreamhacha agus ar líne, fós ag múnlú na ngnátheispéireas laethúil a bhíonn ag an iomarca scoláirí, fiú nuair a d’fhéadfadh an leitheadúlacht fhoriomlán a bheith measartha beag, de réir cosúlachta, i gcomparáid le tíortha eile. Ag an am céanna, taispeántar inti obair mhachnamhach thiomanta na scoileanna a bhíonn ag cothú cultúir chineáltais, ag éisteacht go cúramach le guthanna na scoláirí agus ag freagairt go pras agus go héifeachtach nuair a tharlaíonn iompraíocht bhulaíochta. Leanfaidh an Chigireacht de thacaíocht a thabhairt do scoileanna chun leas a bhaint as na cinntí seo, lena n-áirítear léargais ó anailís staitistiúil na tuarascála, chun treisiú le cineálacha cur chuige oideachais uile i leith bulaíocht a chosc, i leith luath-idirghabhála, i leith formhaoirseachta agus i leith rannpháirtíocht na scoláirí.”
Ag deireadh na tuarascála, tá sraith moltaí chun tacú le forfheidhmiú leantach Cineáltas ar leibhéal an chórais agus ar leibhéal na scoile, agus díriú á leagan ar na réimsí seo a leanas:
- Iompraíocht bhulaíochta a thuiscint trí lionsa caidreamhach
- Dul i ngleic le heisiamh sóisialta i gcaidrimh le piaraí
- Eispéiris grúpaí scoláirí imeallaithe a thuiscint
- Aitheantas a thabhairt don ról a bhíonn ag stádas agus ag dinimic piaraí i dteagmhais bhulaíochta
- Maoirseacht agus bulaíocht ar fud an lae scoile
- Cur le muinín na scoláirí as freagairtí na n-aosach do bhulaíocht
- Bealaí rúnda inrochtana a sholáthar do scoláirí chun bulaíocht a thuairisciú
- Tionchar na gclár folláine scoilbhunaithe a neartú
- Treisiú le rannpháirtíocht na scoláirí i mbulaíocht a chosc
- Tuiscint a fháil ar an mbulaíocht i gcomhthéacsanna ar líne agus as líne
Tá an tuarascáil iomlán, Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta 2025, ar fáil ar leathanach Gréasáin foilseachán Chigireacht na Roinne Oideachais agus Óige ag: Foilseacháin ón gCigireacht
Tuilleadh faisnéise
- Is é Cineáltas creat náisiúnta na hÉireann le haghaidh iompraíocht bhulaíochta i scoileanna a chosc agus dul i ngleic léi. Leagtar amach ann cur chuige córais uile chun meas, ionchuimsiú agus cómhuintearas a chur chun cinn i scoileanna in Éirinn.
- Seoladh Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht i mí na Nollag 2022, agus leagtar amach ann gníomhartha chun iompraíocht bulaíochta i ngach foirm a chosc agus dul i ngleic léi, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch, bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne, agus ciapadh gnéasach. Tháinig plean forfheidhmithe cúig bliana (2023 – 2027) sna sála ar an bplean gníomhaíochta. Leagadh amach sa phlean forfheidhmithe sin conas a chuirfí na gníomhartha sin i gcrích sa chleachtas.
- Faoi Ghníomh 1.11, ceanglaítear ar Chigireacht na Roinne Oideachais agus Óige tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ar thuairimí leanaí agus daoine óga maidir leis an dóigh a gcuireann scoileanna cosc ar iompraíocht bhulaíochta agus a dtéann siad i ngleic léi. Is é Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2025) an tríú tuarascáil sa tsraith seo.
- Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na cinntí ó shuirbhé náisiúnta ar líne ar leanaí agus ar dhaoine óga a rinneadh le linn Sheachtain na Frithbhulaíochta, 2025. Comhlánaítear cinntí an tsuirbhé le téamaí a tógadh ó phléití fócasghrúpaí le scoláirí. Sa tuarascáil seo, tugtar forbhreathnú leathan ar leibhéal an chórais ar phatrúin agus treochtaí in iompraíocht bhulaíochta agus i gcultúr scoile. Ní dhéantar meastóireacht inti ar obair scoileanna aonair.
- In Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2025), déantar iniúchadh ar ocht bpríomhthéama a tháinig as na freagraí ar an suirbhé. Áirítear leis na téamaí sin:
- Leitheadúlacht na bulaíochta i suíomhanna scoile
- Dearcthaí sábháilteachta agus braistint chómhuintearais na scoláirí
- Foirmeacha agus saintréithe na hiompraíochta bulaíochta
- Na comhthéacsanna agus na suíomhanna ina dtarlaíonn bulaíocht
- Tuiscint na scoláirí ar bhulaíocht, agus a straitéisí freagartha
- Tosca a théann i bhfeidhm ar gan iompraíocht bhulaíochta a thuairisciú
- An tionchar atá ag freagairt na n-aosach agus ag nósanna imeachta scoile
- Rannpháirtíocht na scoláirí i mbulaíocht a chosc
- Léirítear sa tuarascáil go mothaíonn a lán scoláirí ar an iomlán go bhfuil siad sábháilte, go bhfuil meas orthu agus go bhfaigheann siad tacaíocht ar scoil, ach léirítear inti freisin nach mbíonn na heispéiris dhearfacha sin ag gach scoláire go cothrom. Bíonn éagsúlacht ann i mbraistint chómhuintearais, sábháilteachta agus folláine na scoláirí ó ghrúpa go grúpa, agus bíonn tionchar mór ag ordlathais piaraí, ag an ngean braite, ag teanga an bhaile agus ag an bhféiniúlacht inscne ar an mbraistint sin, agus scoláirí a chuireann a n-inscne in iúl mar inscne ‘eile’ agus scoláirí nach labhraíonn Béarla ná Gaeilge i gcónaí sa bhaile ag tuairisciú rátaí níos airde bulaíochta agus leibhéil níos ísle mothúchán sábháilteachta agus sonais.
- Tarlaíonn bulaíocht chaidreamhach (eisiamh, magadh, breithiúnas sóisialta) níos minice ná mar a tharlaíonn ionsaithe fisiciúla, agus bíonn scoláirí thíos léi go míchothrom freisin.
- Maidir le cinntí na scoláirí ar cé acu ba cheart nó nár cheart bulaíocht a thuairisciú, bíonn siad casta agus bíonn tionchar orthu ag eagla go ndéanfaí damáiste do chairdis, go rachadh an cás in olcas, nó go gcuirfí lipéid dhiúltacha orthu, go háirithe i measc scoláirí níos sine.
- Leagtar béim sa tuarascáil freisin ar an ról ríthábhachtach a bhíonn ag aosaigh: is mór ag scoláirí na freagairtí sin atá dírithe ar éisteacht, atá comhbhách, atá cothrom (nach bhfuil róbheag ná róphionósach), agus a chuirtear in iúl go soiléir, le tacaíocht ó chórais tuairiscithe atá inrochtana agus faoi rún.