Cuairt á tabhairt ag an Aire ar scoileanna i nDún na nGall agus í ag tabhairt ómóis don mhuintearas agus don ionchuimsitheacht láidir atá iontu
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2026
Tá cuairt á tabhairt ag an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, ar scoileanna i nDún na nGall inniu (Dé hAoine) áit a mbuailfidh sí le baill de phobail na scoileanna áitiúla.
Tapóidh an tAire an deis freisin chun gach rath a ghuí ar na scoláirí atá ag ullmhú do scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta atá ar na bacáin.
I gColáiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach, buailfidh an tAire le baill den bhord bainistíochta, ionadaithe chumann na dtuismitheoirí, agus foireann ceannaireachta shinsearach na scoláirí. Feicfidh sí féin na háiseanna atá ar fáil sa scoil agus labhróidh sí go díreach leis na scoláirí sa séú bliain agus iad ag ullmhú do scrúduithe na hArdteistiméireachta.
Ag labhairt di roimh an gcuairt, dúirt an tAire Naughton:
“Tá fás as cuimse tagtha ar Choláiste na Maoile Rua le blianta beaga anuas. Tá líon na scoláirí ar an rolla níos mó ná dúbailte le deich mbliana anuas, ag méadú ó níos lú ná 300 scoláire go dtí níos mó ná 600 duine óg faoi láthair. Léiríonn an fás sin an mhuinín atá ag teaghlaigh ar fud abhantrach na scoile as an scoil seo agus as an oideachas atá á chur ar fáil inti.
“Is mian liom aitheantas a thabhairt d’ionchuimsitheacht na scoile seo, a chuir fáilte roimh scoláirí ó chúlraí éagsúla. Tá an tiomantas sin don ionchuimsitheacht, don tacaíocht agus don chúram fíorluachmhar agus le moladh.”
Ghlac an tAire buíochas freisin leis an bhfoireann agus le ceannaireacht na scoile as an tacaíocht, an spreagadh agus na deiseanna a chuireann siad ar fáil do scoláirí gach lá.
Le linn a cuairte ar Choláiste Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, tabharfaidh an tAire ómós do stair agus do thraidisiún iontach na scoile agus don mhéid atá curtha aici leis an oideachas i Leitir Ceanainn agus níos faide i gcéin le breis agus céad bliain anuas.
Dúirt sí:
“Is maith is eol dom an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfuil ár scoileanna feistithe chun freastal ar riachtanais na bpobal atá ag fás agus ar thosaíochtaí oideachais atá ag athrú. Scéal a bhaineann le teacht aniar, fís agus dul chun cinn is ea scéal Choláiste Naomh Adhamhnáin, agus leanann an scoil de bheith ag cur lena traidisiún bródúil agus í ag féachaint chun cinn go muiníneach.”
Ghuigh an tAire gach rath ar na scoláirí atá ag ullmhú do scrúduithe freisin.
Ina teachtaireacht chuig na scoláirí, dúirt sí:
"Guím gach rath oraibh in bhur scrúduithe agus tá súil agam go n-aimseoidh sibh an chonair chuig na cúrsaí, na poist agus na gairmeacha beatha a theastaíonn uaibh. Cuireann ár gcóras oideachais mórán bealaí agus deiseanna ar fáil le haghaidh foghlama sa todhchaí, agus tá sé tábhachtach a mheabhrú nach sainíonn sraith de thorthaí scrúduithe sibh.”
Dúirt an tAire freisin go bhfuil réimse agus rogha na ndeiseanna atá ar fáil do scoláirí Choláiste Naomh Adhamhnáin fairsing agus forleathan. Leag sí béim freisin ar an muintearas agus ar an ionchuimsitheacht láidir atá sa scoil.
Tabharfaidh an tAire cuairt ar Scoil Mhuire, Baile na nGallóglach freisin, áit a ndúirt sí go léiríonn éachtaí na scoile pobal atá gníomhach, comhbhách agus uaillmhianach i leith a cuid daltaí. Thug sí aitheantas do dhíograis na múinteoirí agus na foirne, ag rá go mbíonn tionchar mór ag an obair a dhéanann siad gach lá ar shaol na scoláirí agus a dteaghlach.
Dúirt an tAire freisin:
“Is cúis áthais dom cuairt a thabhairt ar Bhaile na nGallóglach chun bualadh le pobal scoile atá thar a bheith tiomanta, fuinniúil agus bródúil.”
Nótaí don Eagarthóir
- Ó 2020 i leith, tá €228.24 milliún i maoiniú caipitil curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Óige do scoileanna i nDún na nGall.
- Le linn na tréimhse sin, rinneadh uasghrádú ar 73 scoil san iomlán trí fhoirgneamh scoile nua, síneadh mórscála nó cóiríocht mhodúlach a sholáthar.
- Cuireadh san áireamh i bPlean Forfheidhmithe an NDP tionscadal scoile amháin a rachadh chuig céim na tairisceana nó na tógála in 2026 agus 2027.
- Tá 8 dtionscadal scoile á dtógáil i nDún na nGall faoi láthair.
- An samhradh seo, tá cead tugtha do 26 scoil oibreacha a dhéanamh mar chuid den Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide