Déanann na hAirí comhghairdeas le breis agus 65,000 scoláire atá ag fáil a gcuid torthaí san Ardteistiméireacht inniu
- Foilsithe: 22 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2025
Rinne an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, comhghairdeas leis an 65,444 scoláire atá ag fáil a gcuid torthaí san Ardteistiméireacht inniu.
Cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) torthaí na hArdteistiméireachta do 2025 ar fáil ó 10am inniu do scoláirí a rinne scrúduithe na hArdteistiméireachta Bunaithe, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus scrúduithe Ghairmchlár na hArdteistiméireachta.
Tharraing an tAire McEntee agus an tAire Moynihan aird freisin ar an raon leathan tacaíochtaí atá ar fáil do scoláirí chun cabhrú leo agus iad ag fáil a dtorthaí inniu agus ag tosú ag breathnú chun cinn i dtreo roghanna amach anseo, a bhféadfadh breisoideachas agus ardoideachas, printíseachtaí agus saol na hoibre a bheith i gceist iontu.
D'fháiltigh na hAirí freisin roimh an dearbhú ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil sé ar intinn aige torthaí aon achomhairc san Ardteistiméireacht a eisiúint ar an 26 Meán Fómhair.
Dúirt an tAire McEntee:
"Cloch mhíle shuntasach i saol 65,444 scoláire ar fud na hÉireann, chomh maith lena dteaghlaigh agus lena bpobail scoile, is ea lá thorthaí na hArdteistiméireachta. Is toradh é ar na blianta atá caite agat ag obair go crua, le díograis agus le dúthracht. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine agaibh as bhur n-éachtaí.
"Is féidir leis an ócáid seo a bheith ina hócáid don mhothúchán, don mhachnamh agus don dóchas don todhchaí. Tá súil agam gur féidir leat taitneamh a bhaint as an am seo agus aitheantas a thabhairt do gach rud atá bainte amach agat, na cairde ar chuir tú aithne orthu agus na cuimhní cinn atá agat agus an méid atá curtha agat le saol do phobail scoile.
"Beag beann ar do chuid torthaí, is tús le turas nua atá sa lá inniu. Tá bealaí níos éagsúla ann anois ná riamh cheana chun gairm agus saol a fheileann duit a chruthú. Is cuma cé acu an rachaidh tú ar aghaidh chuig breisoideachas nó ardoideachas, printíseacht, obair, nó má théann tú ar chonairí eile, beidh an-chuid deiseanna agat. An rud is tábhachtaí ar fad ná rud éigin a aimsiú a mbaineann tú sásamh as agus a bhfuil suim agat ann. Tá an-chuid deiseanna romhat amach le haghaidh foghlama agus forbartha agus chun difríocht a dhéanamh. Guím gach rath ort sa saol atá amach romhat.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le do thuismitheoirí, do theaghlach agus do phobal scoile, chomh maith leis na múinteoirí, na cúntóirí riachtanas speisialta agus foireann na scoile a thacaigh leat agus a chumasaigh thú ar an mbealach chuig an ócáid thábhachtach seo. Táim cinnte go mbeidh siadsan páirteach sa chomhghairdeas freisin agus ceiliúradh á dhéanamh acu ar gach rud atá bainte amach agat agus ba mhaith liom gach rath a ghuí orthusan sa todhchaí freisin.
"Buíochas freisin le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus leis an iliomad múinteoirí a thug faoin obair mar scrúdaitheoirí i mbliana, as a dtiomantas agus a ndianobair chun na torthaí seo a sholáthar inniu."
Dúirt an tAire Stáit Moynihan:
"Comhghairdeas leis na scoláirí go léir a bhfuil a dtorthaí Ardteistiméireachta á mbailiú acu inniu. Tá éacht iontach déanta agat. Tá an oiread sin ama, iarrachta agus obair chrua curtha isteach agat chun an nóiméad seo a bhaint amach, agus is fianaise ar do charachtar an teacht aniar agus an tiomantas atá léirithe agat. Tá súil agam go mbraitheann tú bród ollmhór as gach rud atá bainte amach agat agus as na bealaí éagsúla inar shaibhrigh tú do phobal scoile le blianta beaga anuas.
"Is tús nua é seo duitse, agus tú ag breathnú ar an todhchaí, cuimhnigh go bhfuil raon leathan deiseanna agus tacaíochtaí ar fáil chun cabhrú leat do spriocanna agus barr do chumais a bhaint amach. Más ar bhreisoideachas, printíseacht, nó ar an bhfórsa saothair a thabharfaidh tú d’aghaidh, is bunús láidir iad na scileanna atá faighte agat do na chéad chéimeanna eile a ghlacfaidh tú. Is fútsa atá sé an todhchaí a mhúnlú, mar sin téigh ar aghaidh go muiníneach.
"Buíochas le bhur dteaghlaigh, bhur múinteoirí agus bhur bpobail scoile, as na scoláirí go léir a threorú, a spreagadh agus tacú leo chun teacht go dtí an lá seo. Bhí bhur spreagadh agus bhur gcreideamh ríthábhachtach ina gcuid ratha. Guímid gach rath ar na scoláirí go léir sa todhchaí agus táimid ar bís chun na rudaí iontacha a bhainfidh siad amach a fheiceáil."
Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Scoláirí agus an tseirbhís tacaíochta téacs ag feidhmiú ó 10am go dtí 5pm i rith na seachtaine (22, 25-29 Lúnasa) agus ó 10am go dtí 2pm ar an Satharn (23 agus 30 Lúnasa).
Tá Líne Chabhrach Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do cheisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach. Beidh líne chabhrach Thairseach na nIarrthóirí ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9am go dtí 5pm ón Aoine an 22 Lúnasa go dtí an Luan an 1 Meán Fómhair. Taobh amuigh de na huaireanta sin is féidir ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie.
Tá réimse acmhainní folláine a d'fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil anseo freisin.
Beidh soláthraithe seirbhíse FSS agus soláthraithe a fhaigheann maoiniú ó FSS ar fáil chun tacú le scoláirí agus ríomhsheirbhísí meabhairshláinte á gcur ar fáil acu. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón nasc seo .
Iarradh ar scoileanna tacaíocht a chur ar fáil d’iarrthóirí inniu, lá na dtorthaí, agus chuige sin cead a thabhairt dóibh teacht chuig an scoil ag am sceidealaithe, más mian leo, chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta do Scoláirí, amhail treoirchomhairleoirí, cinn bhliana, teagascóirí agus séiplínigh.
ENDS
Maidir le Líne Chabhrach na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí
Seirbhís saorghlao is ea an Líne Chabhrach a chuirtear ar fáil do scoláirí na hArdteistiméireachta, dá dtuismitheoirí agus dá gcaomhnóirí. Tá treoirchomhairleoirí a bhfuil taithí acu mar fhoireann ar an Líne Chabhrach agus cuirfidh siad tacaíocht duine le duine ar fáil do thuismitheoirí agus do scoláirí. Is baill d'Institiúid na dTreoirchomhairleoirí (IGC) iad na treoirchomhairleoirí atá páirteach sa líne chabhrach.
I mbliana, is féidir le scoláirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí glaoch a chur ar an líne chabhrach nó téacs a sheoladh chuici chun teagmháil a dhéanamh le treoirchomhairleoir a bhfuil taithí aige nó aici agus a chuirfidh tacaíocht bheo, dírithe ar an duine ar fáil. Tá gach glaoch saor in aisce. Tá rátaí caighdeánacha teachtaireachtaí i bhfeidhm agus seolfar freagraí téacs le linn uaireanta oscailte na líne cabhrach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ach glaoch a chur ar 1800 265 165 nó téacs a sheoladh chuig GUIDANCE ag 086 1800 685.
Tá an tseirbhís á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige, á comhordú ag Institiúid na dTreoirchomhairleoirí, agus ag fáil tacaíochta ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Iar-bhunscoileanna agus Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann. Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag déanamh urraíochta ar an Líne Chabhrach.
Tá foireann Líne Chabhrach na hArdteistiméireachta tiomanta do phríobháideacht aon duine a théann i dteagmháil leo ag lorg tacaíochta a chosaint. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a roinntear de réir threoirlínte RGCS.