Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Forbartha Fórsa Saothair cinniúnach le haghaidh CRSanna lainseáilte ag na hAirí

Sheol an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton agus an tAire Stáit le Freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Michael Moynihan inniu an chéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair riamh do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS), treochlár suntasach d’fhorbairt agus do ghairmiúlacht an fhórsa saothair CRS amach anseo.

Is toradh é an plean ar níos mó ná dhá bhliain de thaighde, rannpháirtíocht agus chomhairliúchán fairsing, agus tá CRSanna agus a gcomhlachtaí ionadaíocha i gcroílár a fhorbartha. Tríd an gcéad suirbhé náisiúnta ar CRSanna, a mheall freagraí ó níos mó ná 13,000 CRS, in éineacht le fócasghrúpaí agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, rinneadh an plean a chomhdhearadh leo siúd atá ag obair sa ról gach lá.

Tá an plean bunaithe ar chúig cholún straitéiseacha, agus aithnítear ann an rannchuidiú ríthábhachtach a dhéanann CRSanna chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu agus chun a rannpháirtíocht iomlán i saol na scoile a chumasú. Leagtar amach ann creat soiléir chun CRSanna a neartú agus tacú leo trí fhorbairt ghairmiúil fheabhsaithe, soiléireacht róil níos fearr, bearta inbhuanaitheachta fórsa saothair agus comhoibriú níos láidre ar fud na bpobal scoile.

Tá fás suntasach tagtha ar fhórsa saothair CRS le blianta beaga anuas agus tá beagnach 25,000 ball foirne ar fud na mbunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na scoileanna speisialta san áireamh anois. Tugann an plean treoir shoiléir do thodhchaí na seirbhíse, ag cinntiú gur féidir leis leanúint ar aghaidh ag freagairt do riachtanais athraitheacha agus riachtanais na scoláirí atá ag teacht chun cinn ar bhealach comhsheasmhach, solúbtha agus inbhuanaithe.

Dúirt an tAire Naughton:

“Is cloch mhíle shuntasach é an Plean Forbartha Fórsa Saothair seo do ghairm CRS agus d’oideachas cuimsitheach. Níos tábhachtaí fós, rinneadh é a mhúnlú trí chomhairliúchán fairsing agus trí fhíordhearadh le CRSanna agus lena n-ionadaithe. Bhí a dtaithí, a saineolas agus a léargas lárnach i bhforbairt an phlean seo.

”Tá ról ríthábhachtach ag an 25,000 CRS atá ag obair inár scoileanna chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu agus cabhrú leo páirt iomlán a ghlacadh i saol na scoile. Gach lá déanann siad difríocht ollmhór do scoláirí, do theaghlaigh agus do phobail scoile ar fud na tíre.

“Aithnítear sa phlean seo an tábhacht a bhaineann lena gcuid oibre agus leagtar amach fís shoiléir d’fhorbairt na gairme amach anseo. Neartóidh sé deiseanna foghlama gairmiúla, tacóidh sé le hinbhuanaitheacht an lucht saothair agus soláthróidh sé soiléireacht níos fearr maidir leis an ról agus cinnteoidh sé go leanfaidh an tseirbhís CRS ag forbairt chun freastal ar riachtanais na ndaltaí agus scoileanna.”

Lean an tAire Naughton ar aghaidh:

“Ba mhaith liom pointe tábhachtach a athdhearbhú freisin. Ní fheicfidh aon scoil laghdú ar a leithdháileadh CRS don scoilbhliain atá le teacht. Ina theannta sin, ba mhaith liom a dhearbhú, ó Mheán Fómhair 2027, nach mbeidh laghdú níos mó ná CRS amháin ag aon scoil in aon bhliain amháin. Léiríonn an cur chuige seo an t-aiseolas a fuair mé ó CRSanna, ó thuismitheoirí agus ó phobail scoile maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí athruithe tobann nó suntasacha ar leibhéil foirne tar éis athbhreithnithe amach anseo. Is é an cuspóir atá againn ná cinnteacht agus athdhearbhú a chur ar fáil do scoileanna, agus a chinntiú freisin go n-imscartar acmhainní san áit is mó a bhfuil gá leo.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Naughton:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na mílte CRS a roinn a dtuairimí agus a dtaithí le linn an phróisis seo, chomh maith lena n-eagraíochtaí ionadaíocha, ceannairí scoile, múinteoirí, tuismitheoirí, páirtithe leasmhara agus na leanaí agus daoine óga ar chabhraigh a nglór leo leis an bplean tábhachtach seo a mhúnlú.”

Ag fáiltiú di roimh fhoilsiú an Phlean, dúirt an tAire Moynihan:

“Is cuid lárnach dár gcóras oideachais iad CRSanna, ag tacú le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu rochtain a fháil ar a gcuid oideachais. Tar éis dom bualadh le go leor CRSanna, chonaic mé an difríocht dhochreidte a dhéanann siad sna seomraí ranga agus ar fud na bpobal scoile ar fad. Tá ardmheas ag teaghlaigh orthu agus ar chúis mhaith mar gur cuid ríthábhachtach de shaol scoile an linbh iad.

"Tá ról CRS tagtha chun cinn thar na blianta, mar atá ag ár scoileanna. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh gach rud is féidir linn chun tacú lenár CRSanna ina gcuid oibre laethúil.

"Sin é an fáth gur cloch mhíle chomh tábhachtach e an plean nua seo. Tugann sé róil níos soiléire do CRSanna, deiseanna foghlama níos fearr agus fórsa saothair níos inbhuanaithe, agus an fócas á choinneáil ar chabhrú le daoine óga rath a bhaint amach ar scoil.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir a gcuid ama, fuinnimh agus gairmiúlachta chun an chéad phlean fórsa saothair seo a chruthú. Bhí an obair foirne idir CRSanna, bainistíocht scoile agus Fórsa thar cionn, rud a léiríonn cé chomh tiomanta is atá gach duine do thacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Táim ag tnúth go leanfaidh muid ar fad ag obair le chéile chun na gníomhartha atá leagtha amach sa phlean seo a chomhlíonadh..”

Táthar ag súil go gcuirfidh cur i bhfeidhm an phlean le torthaí feabhsaithe do leanaí agus do dhaoine óga, tacaíochtaí feabhsaithe don fhórsa saothair agus cobhsaíocht fostaíochta do CRSanna, soiléireacht níos fearr do phobail scoile agus comhsheasmhacht cleachtais mhéadaithe ar fud na scoileanna.

Nótaí don Eagarthóir

Is é Plean Forbartha Fórsa Saothair na gCúntóirí Riachtanas Speisialta 2026-2037 an chéad chreat náisiúnta forbartha fórsa saothair do CRSanna.

Bunaíodh an tAonad Forbartha Fórsa Saothair na gCúntóirí Riachtanas Speisialta (SNAWDU) in 2022 agus ghlac sé cur chuige straitéiseach i leith forbairt beartais CRS, agus é mar chuspóir aige seirbhís fheabhsaithe CRS a fhorbairt a sheachadann an toradh is fearr do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu inár scoileanna.

Tá méadú tagtha ar líon lucht saothair CRS go beagnach 25,000 ball foirne ar fud na mbunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na scoileanna speisialta.

Forbraíodh an plean trí chomhairliúchán fairsing agus trí chomhoibriú le páirtithe leasmhara oideachais.

I measc na gcomhairliúchán a rinneadh bhí:

Tá tuairiscí ar na comhairliúcháin thuas ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ar gov.ie.

Tugtar isteach sa phlean forbairtí beartais faoi na cúig cholún straitéiseacha chun soiléireacht agus treoir a thabhairt d’fhórsa saothair CRS:

  1. Athbhreithniú agus Forbairt ról an CRS
  2. Bunú Creatlaí Ardchaighdeáin
  3. Clár náisiúnta Foghlama agus Forbartha a fhorbairt
  4. Tacú le hearcaíocht, coinneáil agus éagsúlacht
  5. Straitéis Chumarsáide a fhorbairt

Ina theannta sin, cuimsíonn an plean na príomh-aschuir seo a leanas:

  • Forbraíodh ciorclán nua maidir le ról an CRS i gcomhar le páirtithe leasmhara lena n-áirítear CRSanna, comhlachtaí bainistíochta scoile agus Fórsa, an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht thar ceann CRSanna.
  • Scéim Ath-imlonnaithe CRS
  • Athbhreithniú ar an gconradh fostaíochta CRS

Tacaíonn an plean le forbairt leanúnach an oideachais chuimsithigh agus tá sé mar aidhm aige tacaíochtaí a neartú do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

San iomlán, áirítear sa Phlean breithniú ar an mbealach is fearr ar féidir le ceannasaí scoile, múinteoirí agus CRSanna oibriú le chéile chun a chinntiú go bhfuil tacaíocht acu chun an tseirbhís is éifeachtaí a chur ar fáil do leanaí le riachtanais chúraim shuntasacha inár scoileanna.

SNA Workforce Development Plan
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat