Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí McEntee agus Moynihan sonraí faoi mhaoiniú €13.1 billiún don oideachas agus don óige i mBuiséad 2026

É dírithe ar Dhul i nGleic le Míbhuntáiste Oideachais agus Infheistíocht in Oideachas Speisialta Infheistíocht Bhreise chun Tacú le Scoileanna

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, sonraí inniu (Dé Céadaoin) faoi infheistíocht iomlán de €13.1 billiún san oideachas agus i seirbhísí óige i mBuiséad 2026 – méadú de bheagnach 7 faoin gcéad ar an mbliain seo caite.

I bPlean Oideachais 2025, a bhfuil sé mar aidhm aige córas oideachais den scoth a sholáthar a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach, tugtar breac-chuntas soiléir ar thiomantas an rialtais don oideachas agus é meáite ar a chinntiú go bhfuil deis ag gach duine barr a lánacmhainneacht a bhaint amach. Ní hamháin go ndéanfaidh Buiséad 2026 beart chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais i scoileanna ach tacóidh sé le hearcú múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) agus cuirfidh sé maoiniú breise tábhachtach ar fáil do scoileanna.

I mBuiséad 2026, soláthraítear ardú de €845 milliún i gcroímhaoiniú reatha don oideachas agus don óige ar an bhfigiúr a leithdháileadh do 2025, agus cuimsíonn an figiúr iomlán infheistíochta freisin €1.6 billiún a leithdháileadh do 2026 mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2026 – 2030.

Léiríonn an maoiniú sin tiomantas leanúnach an Rialtais, faoi Chlár an Rialtais, a chinntiú gur féidir le gach leanbh agus duine óg foghlaim, a bheith rathúil agus a lánacmhainneacht a bhaint amach. Tógann sé ar an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, agus ag an am céanna aithnítear go bhfuil gá le tuilleadh oibre chun an t-oideachas a dhéanamh níos cuimsithí agus níos cothroime do chách.

I measc na bpríomhghnéithe tá:

  • Maoiniú do 1,717 Cúntóir Riachtanas Speisialta breise, rud a thugann líon iomlán na gCúntóirí Riachtanas Speisialta i scoileanna go dtí beagnach 24,900. Is é seo an líon is airde riamh de Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá leithdháilte chun tacú le riachtanais cúraim leanaí i ranganna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta.
  • Maoiniú do 860 múinteoir breise don oideachas speisialta atá ag obair i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta, chomh maith le múinteoirí oideachais speisialta i suíomhanna príomhshrutha, chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. San iomlán, beidh os cionn 46,500 ball foirne tiomnaithe ag obair i scoileanna in 2026 chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
  • Infheistíocht de €69 milliún chun an scéim Iompair Scoile a neartú.
  • Maoiniú de €19 milliún chun leanúint le forbairt thábhachtach curaclaim agus oideachas múinteoirí atá gaolmhar léi. Áirítear leis seo tacaíocht do sholáthar Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí ar bhonn leanúnach mar aon le réimse d’fheabhsúcháin bheartaithe eile ar an eispéireas teagaisc agus foghlama inár scoileanna.

Costas de €48 milliún i mbliain iomlán chun scéim nua DEIS Plus a chur i bhfeidhm, ag tosú i mí Mheán Fómhair 2026 chun tacú le daltaí agus le scoláirí a bhfuil an baol is airde míbhuntáiste oideachais acu agus atá i mbaol míbhuntáiste oideachais i scoileanna DEIS agus i scoileanna nach scoileanna DEIS iad trí phlean DEIS nua. Beidh sé mar aidhm ag Plean DEIS nua an bhearna feidhmíochta idir scoileanna DEIS agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad a chúngú agus réitigh nuálacha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste.

  • €16 milliún chun leanúint ar aghaidh le feidhmiú teiripe scoile ar bhonn céimnithe laistigh de scoileanna speisialta agus í a leathnú chuig scoileanna príomhshrutha. Cabhróidh sé seo lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar theiripe riachtanach urlabhra agus teanga agus saothair go tráthúil.
  • €39 milliún de mhéadú ar mhaoiniú caipitíochta do bhunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta chun tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar i leith a gcostas reatha. Mar thoradh air sin, tiocfaidh ardú ar na rátaí caipitíochta caighdeánacha a íoctar le scoileanna de €50 in aghaidh an dalta do bhunscoileanna ó €224 go dtí €274 agus de €20 in aghaidh an dalta d’iar-bhunscoileanna ó €386 go dtí €406. Mar thoradh air sin freisin, beifear in ann ardú de €20 a chur ar rátaí caipitíochta do bhunscoileanna DEIS Banda Uirbeach a hAon, rud a ardóidh an ráta in aghaidh an dalta príomhshrutha sna scoileanna DEIS Banda Uirbeach a hAon seo go dtí €294. Mar thoradh ar na rátaí caipitíochta ardaithe seo freisin, anois gheobhaidh scoileanna speisialta na rátaí céanna caipitíochta do dhaoine óga atá 12 bhliain d'aois agus os a chionn, agus a gheobhaidh a gcomhghleacaithe i scoileanna iar-bhunscoile príomhshrutha.
  • Tacóidh €8 milliún in arduithe reatha agus caipitil le hinbhuanaitheacht
    agus forbairt seirbhísí don óige, ag soláthar tacaíochtaí agus spásanna saincheaptha dár ndaoine óga.
  • Maoiniú de €2 mhilliún don Choinbhinsiún ar an Oideachas chun deis uathúil a sholáthar do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne chun an córas oideachais a mhúnlú amach anseo.
  • €3 mhilliún chun breis tacaíochtaí ceannaireachta scoile a sholáthar, ag méadú líon na bpríomhoidí tánaisteacha i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
  • Tacóidh €1.6 billiún a leithdháileadh ar an bPlean Forbartha Náisiúnta in 2026 le dul chun cinn a dhéanamh ar sholáthar breis is 300 tionscadal tógála scoile atá á dtógáil faoi láthair agus meastar go mbeidh an chuid is mó díobh críochnaithe in 2026 agus 2027. Samhlaítear freisin go rachaidh thart ar 80 tionscadal tógála scoile ar aghaidh go dtí céim na tógála le linn 2026 agus 2027 mar chuid de chlár dhá bhliain a bheidh á fheidhmiú ar bhonn céimnithe.

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá an deis is fearr chun a bheith rathúil ar scoil agus a lánacmhainneacht a bhaint amach tuillte ag gach leanbh agus duine óg. Tá Buiséad 2026 ag tógáil ar dhul chun cinn, agus táim tiomanta a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí cearta i bhfeidhm againn chun é sin a chur i gcrích. Táim meáite ar thacaíocht a thabhairt do phobail scoile le bearta spriocdhírithe agus uilíocha araon, ag sárú constaicí, ag tabhairt aghaidh ar mhíbhuntáiste agus ag cabhrú le gach leanbh chun a bheith rathúil.

“Chun tacú lenár bpobail scoile, táim ag méadú an leibhéil maoinithe stáit a íoctar in aghaidh an dalta agus an scoláire trí rátaí caipitíochta. Feabhsóidh sé sin an maoiniú atá ar fáil do scoileanna chun a gcostais a chlúdach.

“Príomhthosaíocht domsa is ea go bhféadfadh leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu freastal ar scoil agus na tacaíochtaí saincheaptha a theastaíonn uathu a fháil chun go mbeidh rath orthu. Táimid ag infheistiú freisin chun tús a chur le feidhmiú seirbhísí teiripe scoilbhunaithe ar bhonn céimnithe i scoileanna speisialta agus na seirbhísí sin a leathnú chuig scoileanna príomhshrutha. Ní hamháin go gcinnteoidh sé seo go mbeidh rochtain thráthúil ag leanaí a bhfuil gá acu leo ar idirghabhálacha teiripeacha aonair ach go gcuirfidh sé le cumas phobail na scoileanna tacú níos fearr le gach dalta agus scoláire.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach domsa go bhfuil maoiniú suntasach san áireamh sa bhuiséad seo chun tacú leis na daltaí is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais. Seo an chéad bhliain de chlár oibre uaillmhianach nua chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais, ag tógáil ar an obair go dtí seo. Foilseoidh mé scéim nua DEIS plus agus plean nua DEIS roimh dheireadh na bliana, ina leagfar amach an chaoi a ndíreoimid an infheistíocht mhéadaithe riachtanach seo sa chéad bhliain den chlár nua.

“Ina theannta sin, neartóidh infheistíocht inár seirbhísí óige an bunús le haghaidh soláthar cuimsitheach, ardchaighdeáin agus cabhróidh sé le leanúnachas a chinntiú, raon feidhme a leathnú agus seirbhísí a chumasú chun freagairt do riachtanais dhaonra óg éagsúil na hÉireann agus na riachtanais sin ag forbairt.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan:

“Is mór an onóir domsa mar Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú an deis a bheith agam bualadh le múinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, teaghlaigh, daltaí agus scoláirí ar fud na hÉireann ar mo chuairteanna rialta ar scoileanna.

“Bhí a gcuid léargais agus a dtaithí chun tosaigh domsa agus Buiséad an Oideachais Speisialta do 2026 á fhorbairt, atá os cionn €3 bhilliún den chéad uair anois. Cabhróidh an leibhéal suntasach infheistíochta seo lena chinntiú go mbeidh gach deis ag ár leanaí agus ár ndaoine óga go léir gach rath a bheith orthu agus a lánacmhainneacht a bhaint amach.

"Tá soláthar foirne breise chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu ríthábhachtach, agus is é sin an fáth a bhfuil áthas orm maoiniú a fheiceáil do 860 múinteoir oideachais speisialta agus 1,717 cúntóir riachtanas speisialta i mBuiséad 2026. Ciallaíonn sé sin go bhfuil os cionn 46,500 ball foirne ag obair inár scoileanna anois atá tiomanta don oideachas speisialta, arb é an leibhéal is airde go dtí seo é.

"Agus maoiniú caipitil in 2026 dírithe ar oideachas speisialta a fhorbairt, in éineacht leis an méadú seo ar líon na foirne, ciallaíonn sé gur féidir linn 3,000 socrúchán breise a chruthú i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta do scoilbhliain 2026/27. Leanann sé seo de bheith ag cur leis an infheistíocht sa spás seo ó 2020 agus an infheistíocht sin ag méadú.

“Dúirt teaghlaigh agus pobail scoile liom cé chomh tábhachtach is atá sé do dhaltaí rochtain a fháil ar theiripí ar bhealach níos tráthúla. Sa bhuiséad seo, táthar ag cinntiú go leanfar ar aghaidh ag feidhmiú na Seirbhíse Teiripe Oideachais ar bhonn céimnithe an bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn go mbeidh teiripeoirí urlabhra agus teanga agus teiripeoirí saothair ag soláthar teiripí i scoileanna le linn an lae scoile, chomh maith le hacmhainní agus tacaíocht bhreise do scoláirí i scoileanna speisialta, i ranganna speisialta agus i scoileanna príomhshrutha.

“Cuirfidh an scéim nua DEIS plus acmhainní agus tacaíochtaí breise ar fáil do scoileanna a bhfuil na leibhéil is airde de mhíbhuntáiste oideachais comhchruinnithe acu. Díreoidh sé ar thacú le folláine scoláirí, rannpháirtíocht le teaghlaigh a mhéadú, tinreamh scoile, coinneáil, rannpháirtíocht agus dul chun cinn na scoláirí."

Dept of Education and Youth - Main Features Budget 2026
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat