Fógraíonn an tAire McEntee agus an tAire Moynihan foilsiú na Tuarascála ar Fhócasghrúpaí le Múinteoirí ar Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
D’fhógair Helen McEntee TD, an tAire Oideachais agus Óige, agus Michael Moynihan TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, inniu foilsiú na Tuarascála ar Fhócasghrúpaí le Múinteoirí ar Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta.
Thug an Roinn faoi na fócasghrúpaí mar chuid de thaighde a rinne an Roinn mar ullmhúchán don chéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus tá siad ar na fócasghrúpaí is déanaí i sraith lenar áiríodh fócasghrúpaí le cúntóirí riachtanas speisialta agus le ceannairí scoile. Tá na tuarascálacha ó fhócasghrúpaí roimhe foilsithe ar shuíomh Gréasáin na roinne ar www.gov.ie
Dúirt an tAire McEntee:
“Chabhraigh an t-aiseolas ó mhúinteoirí sna fócasghrúpaí le mo roinn tuiscint a ghnóthú ar an gcaidreamh gairmiúil idir múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta agus tarraingítear aird ann ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhoibriú sin maidir leis an eispéireas oideachais is fearr agus an toradh oideachais is fearr a sholáthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
“Is mór agam an t-am a chuir na múinteoirí a ghlac páirt sna fócasghrúpaí isteach. Úsáidfear na léargais a bailíodh ó na fócasghrúpaí sin chun tacú le cur chuige fianaisebhunaithe i leith an Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta.”
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú na tuarascála ar na fionnachtana ó na fócasghrúpaí sin, dúirt an tAire Moynihan:
“Tá obair bhuíne éifeachtach idir an múinteoir agus an cúntóir riachtanas speisialta ina cuid bhunriachtanach de chóras tacaíochta comhtháite a chruthú do dhaltaí, á gcinntiú go bhfreastalaítear ar a riachtanais oideachais agus ar a riachtanais chúraim araon agus iad ar scoil.
“Úsáidfear an t-ionchur a thug na múinteoirí sna fócasghrúpaí sin chun cabhrú linn straitéisí a fhorbairt chun tacú le pobail scoile tríd an bPlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na múinteoirí as páirt a ghlacadh sna fócasghrúpaí sin agus as plé a dhéanamh ar a n-eispéireas le hobair i gcomhar le cúntóirí riachtanas speisialta chun tacú le leanaí inár scoileanna.”
D’fhreastail níos mó ná 200 múinteoir ar na fócasghrúpaí i sé ionad ar fud na tíre. Úsáidfear an tuarascáil ar na fócasghrúpaí, chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht le haghaidh an Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta, atá le seachadadh i mí Mheán Fómhair 2025. A bhuí leis na fócasghrúpaí le múinteoirí ar ról na gcúntóirí riachtanas speisialta, tugtar léargas ar dhea-chleachtas agus ar an tábhacht a bhaineann le hobair bhuíne éifeachtach chun tacaíocht a sholáthar do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.
Nótaí don Eagarthóir
Bunaíodh an tAonad um Fhorbairt an Fhórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta sa bhliain 2022 agus glacann sé cur chuige straitéiseach i leith forbairt beartais Cúntóirí Riachtanas Speisialta, agus é mar chuspóir leis forbairt a dhéanamh ar sheirbhís bhreisithe Cúntóirí Riachtanas Speisialta lena soláthrófar an toradh is fearr do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.
Tá obair á déanamh ar an gcéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta riamh. Meastar go sheachadadh é i mí Mheán Fómhair 2025. Leis an bPlean, tabharfar isteach forbairtí beartais faoi na cúig cheannteideal leathana seo a leanas:
- Colún 1 – Ról an Chúntóra Riachtanas Speisialta a athbhreithniú agus a fhorbairt
- Colún 2 – Creat Cáilíochta a bhunú
- Colún 3 – Clár Foghlama agus Forbartha Cúntóirí Riachtanas Speisialta a bhunú
- Colún 4 – Tacú leis an earnáil um Earcú, Coinneáil agus Éagsúlacht Cúntóirí Riachtanas Speisialta
- Colún 5 – Straitéis Cumarsáide a fhorbairt
Tá sé beartaithe an Plean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta a sheachadadh i mí Mheán Fómhair 2025
Áirítear le taighde roimhe seo le haghaidh an phlean:
- Fócasghrúpaí le Cúntóirí Riachtanas Speisialta
- An Chéad Suirbhé Náisiúnta ar Chúntóirí Riachtanas Speisialta
- Fócasghrúpaí le Ceannairí Scoile
Tá na tuarascálacha gaolmhara ar fáil ar shuíomh Gréasáin na roinne ar gov.ie.
Tugadh faoi chomhairliúchán le leanaí agus le daoine óga le déanaí chun a dtuairimí a fháil ar ról na gcúntóirí riachtanas speisialta i scoileanna agus foilseofar an tuarascáil ghaolmhar ar www.gov.ie in am trátha.
Déanfar aiseolas ó na tionscnaimh thaighde sin a chomhcheangal le hionchur ó gheallsealbhóirí eile chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais faoi chúig cholún an phlean.