Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceiliúrann na hAirí McEntee agus Moynihan Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 nua sa tSraith Shinsearach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Chuir an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee T.D, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan T.D, fáilte inniu (Dé Céadaoin, 22 Deireadh Fómhair) roimh cheiliúradh oifigiúil na gClár Foghlama Leibhéal 1 agus 2 sa tSraith Shinsearach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Is cloch mhíle shuntasach don oideachas in Éirinn é tabhairt isteach na gclár i scoileanna in 2024, na chéad chinn dá sórt sa tSraith Shinsearach.

Is é atá mar sprioc ag cláir na Sraithe Sinsearaí ná scoláirí a ullmhú don saol taobh amuigh den scoil. Is cláir phearsantaithe iad atá oiriúnaithe do riachtanais foghlama aonair an scoláire.

D’fhreastail cuid de na scoileanna a bhí i measc na chéad scoileanna a sholáthair Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tSraith Shinsearach, ó áiteanna ar fud na tíre, ar an ócáid cheiliúrtha.

Bhí sé mar aidhm ag an ócáid aitheantas a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach i bhforbairt na gclár, a tugadh isteach in 2024. Ina theannta sin, thug an lá deis do roinnt scoláirí Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tSraith Shinsearach teacht le chéile, mar aon lena múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, agus ceannairí scoile a thacaigh le tabhairt isteach na gclár nua seo.

Agus í ag fáiltiú roimh cheiliúradh na gclár, dúirt an tAire McEntee:

“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh cheiliúradh Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí, forbairt stairiúil d’oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn.”

“An mhí seo caite, cheadaigh mé réimse curaclaim breise, cúram pearsanta, agus sraith d’ábhair roghnacha, lena n-áirítear amharc-ealaín, a bhfuil aird á tarraingt uirthi inniu, mar chuid de Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ag an tSraith Shinsearach.”

“Is pribhléid mhór é mar Aire cabhair a thabhairt lena chinntiú go bhfuil rochtain ag scoláirí atá ag gabháil do na cláir foghlama ar réimse modúl atá éagsúil agus tarraingteach, atá oiriúnaithe dá n-ábhair spéise, dá gcumas agus dá n-uaillmhianta aonair.”

“Is deiseanna ríthábhachtacha iad ócáidí den chineál seo chun oideoirí agus ceannairí scoile atá ag cur na gclár seo i bhfeidhm ar fud na tíre a thabhairt le chéile agus chun cruthaitheacht, dul chun cinn agus éachtaí na ndaoine óga atá páirteach iontu a cheiliúradh.

“Léiríonn seoladh an lae inniu comhoibriú agus tiomantas forleathan ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), agus iad ag obair go dlúth le mo Roinn agus a cuid gníomhaireachtaí. Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh le CNCM, agus leis na baill den Ghrúpa Forbartha Ábhar don Oideachas Speisialta Iar-bhunscoile de chuid CNCM, a bhí lárnach i bhforbairt na gclár.

Ag labhairt dó roimh an ócáid cheiliúrtha níos luaithe inniu, dúirt an tAire Moynihan:

“Mar Aire atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá an-áthas orm fáilte a chur roimh cheiliúradh na gClár Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tSraith Shinsearach.

“Ceapadh na Cláir Foghlama seo chun scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu a chumasú ionas gur féidir leo a gcuid buanna, a gcuid scileanna agus a gcumais uathúla féin a thaispeáint.

Déanann ócáid an lae léiriú breise ar thiomantas an Rialtais seo feabhas a chur ar thacaíochtaí do scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Cinntíonn na cláir seo go bhfuil níos mó roghanna ag scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu maidir leis an gconair is mian leo a roghnú don saol tar éis na meánscoile.

Tógann sé ar an infheistíocht shuntasach a fógraíodh i mBuiséad 2026, a chuimsíonn 860 múinteoir oideachais speisialta breise agus os cionn 1,700 cúntóir riachtanas speisialta.

“Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leis na scoláirí a bheidh i measc na chéad scoláirí a dhéanfaidh na Cláir Foghlama seo ag an tSraith Shinsearach, agus gach rath a ghuí orthu ina gcuid staidéir. Is mian liom freisin buíochas a ghlacadh leis na múinteoirí agus na cúntóirí riachtanas speisialta a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir lena chinntiú go dtacaítear le leanaí agus le daoine óga i seomraí ranga gach lá, ar fud na tíre. An samhradh seo chugainn, is eol dom go mbeidh an-bhród ar gach duine a bhí páirteach, nuair a gheobhaidh scoláirí Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tSraith Shinsearach deimhniú ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, in éineacht lena gcomhghleacaithe.”

Bhí an ócáid ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, rud a thug deis do scoláirí páirt a ghlacadh i gceardlanna a bhaineann leis an Amharc-Ealaín, modúl atá ar fáil anois do scoláirí atá ag gabháil do na cláir foghlama.

Ag labhairt di faoi Ócáid Cheiliúrtha Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, dúirt Sinéad Rice, Ceannasaí an Oideachais agus an Chláreagraithe Phoiblí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann;

“Is pribhléid é an ócáid thábhachtach seo a óstáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, a dhéanann ceiliúradh ar fhorbairt agus ar sheoladh na gClár Foghlama nua Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 mar chuid den athchóiriú níos leithne ar an tSraith Shinsearach. Osclaíonn na cláir nuálacha seo conairí cuimsitheacha, fiúntacha do scoláirí éagsúla a bhfuil riachtanais bhreise acu, rud a chuireann ar a gcumas réimse de chroímhodúil agus de mhodúil roghnacha a chur i gcrích—amhail an modúl Amharc-Ealaíne atá le teacht—agus deimhniú a bhaint amach taobh lena gcomhghleacaithe.

Tá an obair seo ag teacht go mór le straitéis an Ghailearaí, Gailearaí Náisiúnta do Chách, ina ngeallaimid cuimsiú, inrochtaineacht, agus rannpháirtíocht fhiúntach le lucht féachana éagsúil. Léiríonn sé freisin ár ndúthracht fhadtéarmach i dtaca leis na healaíona san oideachas agus i bhforbairt curaclaim, agus neartaíonn sé an ailíniú láidir idir obair an Ghailearaí agus tosaíochtaí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Cosúil le CNCM, creidimid go gcuireann ‘foghlaim trí na healaíona go suntasach le forbairt an duine iomláin,’ agus is iontach an rud é an luach seo a fheiceáil leabaithe sna cláir nua seo.

Tá bród orainn a bheith ag tacú leis an Roinn Oideachais agus Óige ar an ócáid seo, agus seisiúin phraiticiúla atá dírithe ar scoláirí agus atá inrochtana agus cuimsitheach a fhorbairt agus a sholáthar, ar seisiúin iad a cheiliúrann an Bailiúchán Náisiúnta agus ag an am céanna a léiríonn ár luachanna oideachais comhroinnte. I gcás mórán de na daoine atá i láthair, b’fhéidir gurb é seo a gcéad chuairt ar an nGailearaí—tá súil againn gurb é seo an chéad chuairt de mórán cuairteanna, rud a dhoimhneoidh a nasc leis an ealaín, leis an gcruthaitheacht agus leis an rannpháirtíocht chultúrtha.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Cuid d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí is ea tabhairt isteach na gClár Foghlama Leibhéal 1 agus 2, clár athchóirithe uaillmhianach atá á threorú ag fís den tSraith Shinsearach a sholáthraíonn ‘cothromas agus sármhaitheas do chách’.

Tá an clár bunaithe ar Thuarascáil Chomhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh ar athrú a bheith ag fás agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.

Is cláir leantacha iad Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí do scoláirí atá ag dul ar aghaidh ó Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tsraith shóisearach. Is é atá mar sprioc ag cláir na sraithe sinsearaí ná scoláirí a ullmhú don saol lasmuigh den scoil, á gcumasú le bheith ina bhfoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil agus maireachtáil ar bhealach níos neamhspleáiche. Is cláir phearsantaithe iad na cláir Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tsraith shinsearach atá saincheaptha do riachtanais foghlama aonair an scoláire.

Tacaíonn Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, le tabhairt isteach na gclár nua seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Cláir Foghlama L1 agus L2 sa tSraith Shinsearach, tabhair cuairt ar: curriculumonline.ie.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí ar bhealach níos ginearálta, tabhair cuairt ar: gov.ie/seniorcycle

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Tá an bailiúchán náisiúnta d’ealaín na hÉireann agus na hEorpa i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Reáchtáladh an ócáid sa Ghailearaí chun nasc a dhéanamh leis an modúl “Amharc-Ealaín” a foilsíodh le déanaí mar chuid de na cláir foghlama.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat