Déanann an tAire McEntee agus an tAire Moynihan comhghairdeas leis na daltaí siúd atá ag fáil thorthaí a gcuid scrúduithe sa tSraith Shóisearach inniu
- Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2025
Rinne an tAire Oideachais Helen McEntee agus an tAire Stáit le freagracht as Oideachas Speisialta agus Ionchuimsiú Michael Moynihan comhghairdeas le breis is 73,000 dalta atá ag fáil thorthaí a gcuid scrúduithe sa tSraith Shóisearach inniu (8 Deireadh Fómhair).
Beidh torthaí an lae inniu ina léiriú ar an an athrú ar raonta grád na Sraithe Sóisearaí a d’fhógair an tAire McEntee Aibreán na bliana seo. Is ionann an t-athrú seo agus na ceithre thuairisc ar na gráid is mó (Pas le Gradam, Pas le hArdtuillteanas, Pas le tuillteanas, agus Pas) a bheith scaipthe go cothrom i raonta a bhfuil 15 pointe faoin gcéad eatharthu. An cinneadh chun an t-athrú sin a dhéanamh, rinne é ar lorg mhachnamh cáiréiseach de chuid na Roinne Oideachais agus Óige i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) agus leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) inar glacadh le haiseolas faoin tionchar féideartha a bhí ag raonta grád roimhe sin ar an eispéireas foghlama agus teagasc. Inniu tá 646,602 grád á n-eisiúint ar fud 21 ábhar scrúdaithe.
Dúirt an tAire McEntee:
“Na 73,336 dalta atá ag fáil thorthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí inniu, is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh libh go léir as ucht as an mbeart suntasach saoil sin a dhéanamh. I ngeall ar bhur gcuid oibre, agus ar bhur gcuid rannpháirtíochta i ngach a bhfuil le baint as an tSraith Shóisearach, tá sibh tar éis eolas, scileanna agus taithí a shealbhú a sheasfaidh libh amach anseo agus sibh ag tabhairt faoin gcéad chéim eile in bhur n-aistear oideachais. Guím gach rath oraibh go léir san am atá amach romhaibh.
“Ba mhaith liom aitheantas agus buíochas do bhur gcuid teaghlaigh, múinteoirí agus pobal scoile as na bealaí éagsúla a thug siad treoir agus tacaíocht daoibh chun an beart suntasach saoil seo a dhéanamh.
"Mar gheall ar na hathruithe ar na raonta grád i mbliana, déanfar deimhin de go mbeidh na gráid a bhronnfar ina léiriú ar obair agus ar dhua na ndaltaí, agus ar mhacasamhail a gcuid múinteoirí, agus iad ar an aistear foghlama agus rannpháirtíochta atá ag croí na Sraithe Sóisearaí. Tá lúchair orm gurbh fhéidir le Coimisiún na Scrúduithe Stáit an t-athrú sin a chur i bhfeidhm le haghaidh thorthaí 2026 agus, mar is gnách, gabhaim buíochas ó chroí leo agus leo siúd go léir a raibh páirt acu sa phróiseas scrúduithe a chur i gcrích.”
Deir an tAire Moynihan:
“Comhghairdeas le gach uile dhalta atá fáil torthaí inniu, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu. Bhur gcuid crua-oibre féin, bhur gcuid díograise, agus tacaíocht bhur gcuid teaghlach, múinteoirí, Cúntóirí riachtanas speisialta, agus scoileanna, thug siad siúd go léir chuig an gceann scríbe iontach seo in bhur gcuid aistir foghlama. Comhghairdeas libh agus le gach ar thug tacaíocht, treoir agus misneach daoibh le linn thrí bhlianta na Sraithe Sóisearaí."
Eiseofar torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i scoileanna inniu. Iarrthóirí nach féidir leo freastal ar scoil, is féidir leo siúd teacht ar a gcuid torthaí ar líne trí shuíomh gréasáin SEC ó 4pm.