Guíonn an tAire McEntee agus an tAire Moynihan gach rath ar bhreis agus 140,000 scoláire agus scrúduithe Stáit á dtosú inniu
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2025
Tá Helen McEntee, an tAire Oideachais agus Óige, agus Michael Moynihan, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tar éis gach rath a ghuí ar na scoláirí uile ar fud na hÉireann a bheidh ag tosú scrúduithe Stáit inniu (Dé Céadaoin, an 4 Meitheamh).
Déanfaidh 140,457 scoláire san iomlán scrúduithe Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí nó Sraithe Sóisearaí i mbliana i mbreis agus 800 ionad ar fud na tíre, lena n-áirítear iar-bhunscoileanna agus láithreacha eile.
Dúirt an tAire McEntee:
“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na scoláirí uile ar fud na tíre a bheidh ag tosú a scrúduithe Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí nó Sraithe Sóisearaí inniu. Is eol dom an méid oibre agus iarrachta atá curtha isteach agaibh cheana féin. Seo toradh na hoibre atá déanta agaibh le blianta fada anuas.
“Is féidir leis an tréimhse seo a bheith an-strusmhar. Mar sin, ba mhaith liom a mheabhrú do gach duine nach féidir libh ach bhur ndícheall a dhéanamh sna scrúduithe. Beimid go léir taobh thiar díbh sna seachtainí atá le teacht, agus tá a fhios agam, beag beann ar thoradh na scrúduithe seo, go mbeidh cuid mhór deiseanna iontacha i ndán do gach duine díbh.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don tacaíocht a fuair scoláirí óna bpobail scoile, óna múinteoirí agus, ar ndóigh, óna dtuismitheoirí agus óna gcaomhnóirí. Go raibh maith agaibh, agus guím gach rath oraibh go léir sna seachtainí atá le teacht.”
Dúirt an tAire Moynihan:
“Ba mhaith liom gach scoláire ar fud na hÉireann a bheidh ag tosú a scrúduithe inniu a mholadh, go háirithe scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is eol dom cé chomh crua agus a d’oibrigh sibh go léir agus gach a bhfuil bainte amach agaibh go dtí seo.
“Is eol dom gur féidir leis an tréimhse scrúduithe a bheith strusmhar do scoláirí. Mar sin, tugaigí aire daoibh féin agus ná déanaigí dearmad go bhfuil cuid mhór conairí ann chuig an gcéad chéim eile in bhur saol. Seans nár smaoinigh sibh riamh faoi roinnt de na conairí sin. Níl a fhios agaibh cén uair a thiocfaidh deiseanna áirithe chun cinn nó cén chuma a bheidh orthu.
“Rachaidh na scileanna agus an t-eolas a ghnóthaigh sibh ar scoil chun tairbhe daoibh le linn na tréimhse scrúduithe agus ar feadh an tsaoil araon. Ba cheart go mbeadh sibh an-bhródúil asaibh féin.
"Guím gach rath oraibh in bhur scrúduithe.”