Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann na hAirí McEntee agus Moynihan Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais agus Óige 2025 – 2028

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Sóisialta Michael Moynihan TD, foilsiú Oideachas Ionchuimsitheach do Chách, Ráiteas Straitéise nua na Roinne Oideachais agus Óige, a chlúdaíonn an tréimhse 2025 – 2028.  

Dúirt an tAire McAntee:  

“Mar Aire Oideachais agus Óige, tá an-áthas orm an Ráiteas Straitéise 2025 – 2028 seo a fhoilsiú don Roinn Oideachais agus Óige.” 

“Leagtar amach sa straitéis seo ár spriocanna agus ár dtosaíochtaí do na chéad trí bliana eile agus athdhearbhaítear inti ár dtiomantas do chóras oideachais den scoth a chruthú a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach.” 

“Sna trí bliana seo amach romhainn beimid ag díriú ar na príomhréimsí a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais agus acmhainní breise a sholáthar do scoileanna.

“Tugtar aitheantas idirnáisiúnta d’Éirinn go fóill as cáilíocht agus neart a cuid oideachais ach tá a fhios againn freisin go bhfuil níos mó le déanamh lena chinntiú go dtacaítear le gach foghlaimeoir, beag beann ar chúlra nó ar chumas. Céim thábhachtach eile chun tosaigh is ea an straitéis seo agus cuid de thuras níos faide i dtreo córas níos cothroime, níos cuimsithí, ar córas é nach bhfágann aon leanbh ar lár i ndáiríre. ”

“Díreofar inár bplean ar chuimsiú a chothú do gach leanbh agus duine óg inár scoileanna agus inár seirbhísí óige agus a chinntiú go bhfuil meas ar leanaí agus ar dhaoine óga agus go mbeidh siad páirteach i múnlú a n-eispéireas oideachais agus forbartha.” 

Dúirt an tAire Moynihan: 

Mar Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá áthas orm foilsiú Ráiteas Straitéise na Roinne do 2025-2028 a fhógairt.    

“Leagtar amach sa straitéis seo an tiomantas leanúnach atá ann i dtaca le rochtain ar oideachas cuimsitheach agus ardchaighdeáin a chinntiú do gach leanbh agus duine óg, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu. Táim meáite ar dhul chun cinn fiúntach a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar thacaíochtaí dóibh.

“Mar Aire atá freagrach as iompar scoile, táim tar éis a chinntiú freisin go léiríonn an straitéis a ról tábhachtach maidir lena chinntiú gur féidir le leanaí agus daoine óga dul chuig an scoil oiriúnach is gaire dóibh ar bhealach sábháilte agus iontaofa. Leanfaimid orainn ag leabú an chothromais agus an chuimsithe sna Scéimeanna Iompair Scoile, ionas go mbeidh deis chomhionann ag leanaí agus ag daoine óga, is cuma cén cumas nó suíomh atá acu, foghlaim agus a bheith rathúil.”    

Tá an ráiteas straitéise nua ar fáil ag Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais agus Óige

Ceanglaítear ar Ranna Rialtais ráiteas straitéise nua a ullmhú nuair a cheaptar Aire nua. 

Nótaí d’Eagarthóirí:  

Arna threorú ag Clár an Rialtais: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, príomhthosaíochtaí an Rialtais, creataí beartais agus saincheisteanna suntasacha eile, mar aon le comhairliúchán fairsing lenár bpáirtithe leasmhara lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, leagtar amach sa Ráiteas Straitéise fís straitéiseach na Roinne don tréimhse 2025 – 2028. Sa Ráiteas Straitéise, leagtar amach cúig cinn de spriocanna agus 41 cuspóir straitéiseach atá riachtanach chun na spriocanna a bhaint amach: 

  • Sprioc a hAon: Eispéireas foghlama ar na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a sholáthar do scoláirí(12 chuspóir)    
  • Sprioc a Dó: Constaicí a shárú do ghrúpaí atá i mbaol eisiata (6 chuspóir) 
  • Sprioc a Trí: Foghlaimeoirí de gach aois agus gach cumas a chumasú chun a bheith rannpháirteach agus rathúil sa saol agus an saol sin ag athrú (6 chuspóir) 
  • Sprioc a Ceathair: Tacú le hÉirinn chun a bheith ina ceannaire ar fud raon leathan réimsí (7 gcuspóir)  
  • Sprioc a Cúig: Tacú le scoláirí agus le gach duine atá ag obair i réimse an oideachais (10 gcuspóir)  

Tá na spriocanna sin ag teacht le colúin oideachais Chlár an Rialtais agus tá siad dírithe ar thosaíochtaí straitéiseacha na Roinne, ag cinntiú, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe, go bhfuil an Roinn freagrúil agus nuálach i dtaca le soláthar seirbhísí oideachais agus óige chun freastal ar riachtanais gach linbh agus duine óig. 

Tugadh faoi phróiseas forleathan comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoin straitéis seo. San áireamh ann, bhí grúpaí fócais le leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, cúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna), agus baill foirne eile i scoileanna. Bhí na grúpaí fócais sin ar siúl i roinnt áiteanna ar fud na tíre agus sholáthair siad ionchur luachmhar don phróiseas comhairliúcháin níos leithne agus don straitéis araon. San áireamh sa phróiseas comhairliúcháin níos leithne freisin bhí comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara, le ranna rialtais eile, agus le baill foirne inmheánacha.  

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat