Seolann na hAirí Naughton agus Moynihan an chéad chuid d'fheidhmiú céimneach na Seirbhíse Teiripe Oideachais (ETS)
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan, sonraí maidir leis an gcéad chuid d'fheidhmiú céimneach na Seirbhísí Teiripe Oideachais (ETS).
Tionscnamh mór tras-rannach chun tacaíochtaí a neartú do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu is ea an tSeirbhís Teiripe Oideachais, ar gealltanas neamhspleách é faoi Chlár an Rialtais. Déanfaidh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) an tseirbhís teiripe nua a sholáthar.
Beidh na chéad chnuasaigh lonnaithe i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, Cill Chainnigh, Lú, Laois, Luimneach, Longfort, An Mhí, Muineachán, Tiobraid Árann, An Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin. Is féidir sonraí na scoileanna ar leith a fháil anseo
Agus na chéad 45 scoil speisialta a bhainfidh leas as an tSeirbhís Teiripe Oideachais á bhfógairt aici, dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton:
“Is céim mhór chun cinn í an tSeirbhís Teiripe Oideachais sa chaoi a dtacaímid le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu inár scoileanna. De bhrí go bhfuil teiripeoirí á leabú go díreach laistigh de phobail scoile, táimid ag cinntiú gur féidir le leanaí rochtain a fháil ar thacaíocht thráthúil, phraiticiúil agus chomhleanúnach san áit a bhfoghlaimíonn siad gach lá.
“Is é fógra an lae inniu an chéad chéim i soláthar na seirbhíse tábhachtaí seo. Leanfaidh an feidhmiú céimneach ar aghaidh le linn 2026, agus tá sé beartaithe tuilleadh earcaíochta a dhéanamh in Uíbh Fhailí, Sligeach, an Clár, Maigh Eo agus Ros Comáin i mí an Mhárta 2026, agus ina dhiaidh sin i nDún na nGall, i gCiarraí, sa Chabhán agus i bPort Láirge faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2026. Leanfaidh feachtas earcaíochta náisiúnta ar bhonn céimneach ar aghaidh lena chinntiú go gcomhlíontar riachtanais teiripe ar fud an chórais scoile.
“Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na scoileanna, na teaghlaigh agus na gairmithe atá ag cuidiú chun an tseirbhís seo a mhúnlú agus a neartú. Tá a dtiomantas ríthábhachtach lena chinntiú go bhfaighidh gach leanbh a bhfuil tacaíocht de dhíth air nó uirthi an tús is fearr is féidir sa saol.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD:
“Is gealltanas bunúsach de chuid an Rialtais seo a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar an tacaíocht a theastaíonn uaidh nó uaithi chun a bheith rathúil ar scoil. Is garsprioc thábhachtach é an lá inniu i dtaca le soláthar na Seirbhíse Teiripe Oideachais, rud a dhéanfaidh fíordhifríocht do leanaí, go háirithe iad siúd inár scoileanna speisialta agus inár ranganna speisialta, tríd an nasc idir teiripe agus oideachas a neartú.
“Soláthraíonn an tseirbhís teiripe nua sraith bhreise de thacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu. Tabharfaidh soláthar teiripí i scoileanna an-tacaíocht do leanaí agus dá dteaghlaigh agus is bealach eile é chun an strus a bhíonn ar theaghlaigh uaireanta agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar thacaíochtaí teiripe a mhaolú. Ceapadh é chun cur le seirbhísí sláinte agus míchumais leanaí atá ann cheana féin, ní chun teacht ina n-ionad, agus oibreoidh sé ar bhealach comhordaithe agus comhlántach i dteannta SNSO, Cúram Príomhúil, Seirbhísí Míchumais Leanaí agus CAMHS. Táim ag tnúth le leathnú leanúnach na seirbhíse ríthábhachtaí seo le linn 2026 agus ina dhiaidh sin.”
Leanfar de bheith ag soláthar tacaíochtaí teiripe do 16 scoil tríd an gClár Píolótach Ionscoile Feabhsaithe agus do 3 scoil speisialta atá ag fáil tacaíochta faoi láthair ó CNOS trí sholáthar teiripe leanúnach ionscoile.
Rachfar i mbun plé leis na scoileanna uile sa chéad chéim seo sna seachtainí amach romhainn agus sula ndéanfar teiripeoir a shannadh. Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear Ceisteanna Coitianta, ar fáil ar shuíomh gréasáin CNOS agus ar Gov.ie
Cinneadh na cnuasaigh thosaigh seo tar éis dianphlé leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE), FSS, agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS).
Nótaí d’eagarthóirí:
- Le déanaí, chuir CNOS feachtas earcaíochta do Theiripeoirí Saothair Sinsearacha agus Foirne agus do Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga i gcrích, agus tá agallaimh sceidealaithe don mhí seo.
- Is céimeanna suntasacha chun cinn iad earcú teiripeoirí agus ceapachán Ceannasaí Teiripe le déanaí i dtreo feidhmiú céimneach iomlán ETS i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta laistigh de shuíomhanna príomhshrutha. Táthar ag súil go n-earcófar gráid teiripe breise mar thoradh ar fheachtais earcaíochta amach anseo, lena n-áirítear Bainisteoirí Teiripe, Speisialtóirí Cliniciúla, agus Cúntóirí Teiripe.
- Faoin ETS, déantar teiripe a sholáthar trí shamhail tacaíochta il-leibhéal a fhreagraíonn do riachtanais aonair leanaí agus a chothaíonn timpeallachtaí cuimsitheacha a bhféadann gach foghlaimeoir a bheith páirteach go fiúntach iontu. Aithnítear sa tsamhail an tábhacht a bhaineann le tacú le daoine aonair, ranganna iomlána, agus pobail scoile i gcoitinne.
- Leanann an roinn de bheith ag obair go dlúth le FSS chun ailíniú agus obair chomhtháite a chinntiú ar fud na seirbhísí uile, lena n-áirítear pleanáil chomhordaithe don lucht saothair. Tá sé mar aidhm ag na bearta seo a chinntiú go mbeidh seirbhísí Teiripe Saothair agus Teiripe Urlabhra agus Teanga á soláthar go sábháilte agus go héifeachtach i scoileanna agus ag an am céanna go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní atá ar fáil.
- Tá an roinn tar éis dul i mbun dianphlé le páirtithe leasmhara le linn dhearadh an ETS, lena n-áirítear plé le scoileanna, teaghlaigh agus gairmithe chun léargais a bhailiú agus bonn eolais a chur faoin gcaoi is fearr chun tacaíochtaí teiripe a chomhtháthú sa chóras scoile. Tá plé leanúnach le scoileanna speisialta ar siúl trí shraith grúpaí fócais, a leanfaidh ar aghaidh le linn don tseirbhís a bheith á feidhmiú go céimneach agus á leathnú.