Ceiliúrann an tAire Naughton agus an tAire Moynihan an Clár Samhraidh ar a raibh éileamh thar na bearta, agus 40,000 scoláire páirteach ann sa bhliain 2025
- Foilsithe: 10 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2026
Foilsíonn Cigireacht na Roinne ‘Muinín, Cruthaitheacht agus Ceangal: Buaicphointí ó Chláir Shamhraidh sa Bhliain 2025
Tá Hildegarde Naughton TD, an tAire Oideachais agus Óige, agus Michael Moynihan TD, an tAire um Oideachas Speisialta agus Ionchuimsiú, tar éis fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála ón gCigireacht maidir leis an gClár Samhraidh 2025.
Leis an gclár samhraidh, atá ar fáil do gach scoil, tacaítear le cothroime, le deis agus le rannpháirtíocht bhríoch san oideachas. Ghlac breis agus 1,600 scoil páirt sa chlár sa bhliain 2025, agus cláir á soláthar acu do níos mó ná 40,000 duine de leanaí agus daoine óga.
Dúirt an tAire Naughton:
“Is fíorúdar misnigh dom iad na samplaí d’eispéiris foghlama ar ardchaighdeán a soláthraíodh do leanaí agus daoine óga le linn cláir shamhraidh sa bhliain 2025. Tá na samplaí sin ina léiriú ar an díograis atá ag scoileanna, baill foirne, teaghlaigh agus pobail tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus leo sin atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na heagraithe, na bainisteoirí agus na baill foirne a sholáthraíonn an clár samhraidh gach bliain. Cothaíonn a gcuid oibre braistint muintearais agus leanúnachais a dhéanann fíordhifear do shaol leanaí agus daoine óga. Tá súil agam go dtarlóidh sé, a bhuí leis na léargais agus na samplaí ar ardchaighdeán atá sa tuarascáil seo, go spreagfar tuilleadh scoileanna fós páirt a ghlacadh sa chlár samhraidh sa bhliain 2026, rud a chabhróidh linn na tairbhí atá i gceist a sholáthar do thuilleadh leanaí agus daoine óga fós.”
“Léiríonn an méadú ar an líon scoileanna atá páirteach sa chlár an tiomantas comhroinnte atá ann d’ionchuimsiú agus deis, agus thóg sé mo chroí go háirithe go bhfuil níos mó ná leath na scoileanna speisialta uile ag tairiscint clár samhraidh anois. Chun tógáil ar an móiminteam sin, táim tiomanta go fóill d’obair i ndlúthchomhar le gach comhpháirtí agus geallsealbhóir chun an líon scoileanna a thairgeann an clár luachmhar seo a mhéadú arís eile sna blianta atá le teacht, rud a chinnteoidh go mbeidh tuilleadh daoine óga fós agus a dteaghlach in ann tairbhe a bhaint as tionchar dearfach an chláir.”
Dúirt Michael Moynihan TD, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Ionchuimsiú:
“Agus mé ag tabhairt cuairt ar roinnt scoileanna le linn an Chláir Samhraidh anuraidh, chonaic mé le mo shúile féin na deiseanna iontacha a thairgtear do leanaí agus daoine óga leis. Bíonn an samhradh ina chuid ríthábhachtach den bhliain do chuid mhór scoláirí agus teaghlach. Gabhaim buíochas ó chroí leis na scoileanna uile agus lena mbaill foirne a ghlacann páirt sa Chlár Samhraidh, toisc gurb iadsan a sholáthraíonn an clár do na mílte.
“Níor chuir sé iontas ar bith orm go dtarraingítear sa tuarascáil ón gCigireacht aird ar na tairbhí buana cumhachtacha a sholáthraítear do leanaí agus daoine óga leis na gclár samhraidh, go háirithe iad sin a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Léirítear inti an dóigh ar tacaíodh le leanaí agus daoine óga mar thoradh ar chairdis a neartú, ar mhuinín a mhéadú agus ar pháirt athnuaite a ghlacadh san fhoghlaim, ní amháin i rith an tsamhraidh ach nuair a d’fhill siad ar ais ar an scoil i mí Mheán Fómhair freisin. Sin an fáth a bhfuil súil againn go nglacfaidh tuilleadh scoileanna páirt sa Chlár Samhraidh i mbliana.”
Cuirtear i láthair sa tuarascáil ón gCigireacht seacht sampla d’eispéiris foghlama ar chaighdeán an-mhaith ar bhreathnaigh cigirí iad le linn cuairteanna ar chláir shamhraidh. Is ar chúig réimse a dhírítear sna samplaí sin: Cumas gníomhúcháin a chur chun cinn; Iniúchadh agus foghlaim sa phobal áitiúil; An teicneolaíocht dhigiteach a úsáid; Tacú le haistrithe oideachais; agus Eispéiris foghlama freagrúla agus gníomhaí. Ag deireadh na tuarascála, tugtar comhairle d’eagraithe cláir samhraidh agus do bhaill foirne scoile atá ag ullmhú don chlár samhraidh sa bhliain 2026. Iarrtar ar scoileanna atá ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar conas a d’fhéadfadh siad eispéiris chomhchosúla ar ardchaighdeán a fhorbairt do leanaí agus daoine óga ar an gclár samhraidh sa bhliain 2026 teagmháil a dhéanamh leis an gCigireacht chun tacaíocht a fháil ina leith sin.
Ag foilsiú na tuarascála di, dúirt Yvonne Keating, an Príomhchigire:
“Foghlaimíonn leanaí agus daoine óga ar an mbealach is éifeachtaí nuair a bhíonn rogha acu agus nuair is féidir leo gabháil don fhoghlaim ar bhealach spraíúil agus le fiosracht. Tá lúcháir orm an tuarascáil seo maidir leis an gclár samhraidh a fhoilsiú, ina gceiliúrtar an tionchar cumhachtach a bhíonn ag an gclár samhraidh ar leanaí agus daoine óga agus ina léirítear an dóigh ar méadaíodh a ndíograis don fhoghlaim leis an gclár, gur cothaíodh cumas gníomhúcháin leis, agus gur tacaíodh le leanúnachas leis an ngnáthscolaíocht. Agus iad tógtha ó chláir shamhraidh i mbunscoileanna, in iar-bhunscoileanna agus i scoileanna speisialta, tá na samplaí ar chaighdeán an-mhaith ina léiriú ar ghníomhaíochtaí cláir a pleanáladh agus a cuireadh i gcrích go stuama, ar lena linn a tugadh an deis ab fhearr do gach leanbh agus duine óg a gcuid foghlama a chur chun cinn, scileanna nua a fhorbairt agus rath a bhlaiseadh.
"Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na múinteoirí, na ceannairí scoile, na bainisteoirí cláir, na heagraithe, na leanaí agus na daoine óga a chuir a gcuid eispéireas agus dearcthaí ar an gclár samhraidh in iúl go fial do chigirí. Bhí rannchuidiú na ndaoine sin thar a bheith luachmhar, agus cuireann a gcuid díograise fíordhoimhneacht leis an obair seo. Táimid ag tnúth leis an gcomhpháirtíocht sin a neartú agus le leanúint le tacú leis an gclár samhraidh arís eile sa bhliain 2026.
"Tá an tuarascáil seo á foilsiú mar chuid den tiomantas atá ag an gCigireacht barr feabhais a chur chun cinn agus tacú le ceannairí agus baill foirne scoile leanúint le muinín agus ceangail a fhorbairt ar chláir shamhraidh amach anseo. Tá rún daingean ag an gCigireacht go fóill obair i ndlúthchomhar le gach geallsealbhóir chun an tionscnamh tábhachtach seo a bhrú chun cinn agus chun a chinntiú go mbainfidh tuilleadh leanaí agus daoine óga fós tairbhe as sna blianta atá le teacht.”
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo: Foilseacháin ón gCigireacht
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, seol ríomhphost chuig Inspectorate_Summerprogramme@education.gov.ie
Tuilleadh faisnéise
- Ó bhí an bhliain 2021 ann, tá deis ag gach bunscoil agus iar-bhunscoil phríomhshrutha agus ag gach scoil speisialta clár samhraidh scoilbhunaithe a thairiscint.
- Is é príomhaidhm an chláir cabhrú le leanaí agus daoine óga a lánacmhainneacht a bhaint amach, a bheith athléimneach agus iad ag déileáil le gnáthábhair struis a saoil, cúram a thabhairt dá bhfolláine fhisiciúil, agus braistint cuspóra, ceangail agus muintearais a bheith acu lena bpobal scoile. Leis an gclár, tugtar deiseanna do leanaí agus daoine óga scileanna nua a fhorbairt agus cairdis a neartú freisin, rud a thacaíonn le filleadh níos réidhe ar an bhfoghlaim i mí Mheán Fómhair.
- Ghlac beagnach 41,000 duine de leanaí agus de dhaoine óga páirt sa chlár samhraidh sa bhliain 2025. Is ionann é sin agus méadú breis agus 25,000 duine ó cuireadh tús leis an gclár sa bhliain 2021 i leith. Thairg breis agus 1,600 scoil an clár samhraidh sa bhliain 2025. Is ionann é sin agus méadú breis agus 700 scoil ó bhí an bhliain 2021 ann.
- Le linn shamhradh na bliana 2025, thug cigirí cuairt ar 123 cinn de na cláir shamhraidh.
- Cuirtear i láthair sa tuarascáil atá á foilsiú inniu samplaí d’eispéiris foghlama ar chaighdeán an-mhaith ar bhreathnaigh cigirí iad le linn na gcuairteanna sin. Tá na samplaí tógtha ó bhunscoileanna, ó iar-bhunscoileanna agus ó scoileanna speisialta. Léirítear sna samplaí an dóigh inar tugadh cabhair do na leanaí agus na daoine óga gabháil don fhoghlaim leis an gclár agus an dóigh ar cuireadh lena a mbraistint muiníne, cruthaitheachta agus ceangail leis.