Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Naughton and Moynihan foilsiú na Tuarascála ar an gComhairliúchán le Leanaí agus le Daoine Óga maidir le ról Cúntóirí Riachtanas Speisialta

D’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, inniu (15 Nollaig) an Tuarascáil ar an gComhairliúchán le Leanaí agus Daoine Óga maidir le Ról Cúntóirí Riachtanas Speisialta.

Tugadh faoin gcomhairliúchán, ina raibh grúpaí fócais le leanaí agus daoine óga as aon scoil déag ar fud na tíre, mar ghné ullmhúcháin don chéad Phlean Forbartha d’Fhórsa Saothair na gCúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS) Ba é cuspóir an chomhairliúcháin tuairimí leanaí agus daoine óga a fháil maidir le ról an CRS.

Dírítear aird sa tuarascáil ar léargas leanaí agus daoine óga a fheiceann CRSanna mar chuid riachtanach dá gcumas a bheith gafa, rannpháirteach agus rathúil i saol na scoile. Mar thoradh ar phlé oscailte agus fónta, rinne siad machnamh ar ghnéithe a oibríonn go maith maidir le tacaíocht an CRS agus ar an gcaoi ar mhaith leo go soláthrófaí an tacaíocht sin. Bhí ardmheas ag leanaí agus daoine óga ar an gcaidreamh, iontaofa agus tacúil atá acu leis na CRSanna.

Ceann de na teachtaireachtaí a tháinig chun cinn ón gcomhairliúchán ná gur mian le leanaí agus daoine óga ionchur díreach a bheith acu sa chaoi a soláthraítear tacaíocht CRS. Cuirfidh a moltaí machnamhacha air seo agus ar ghnéithe eile de thacaíocht an CRS bonn eolais faoin bpleanáil amach anseo.

Dúirt an tAire Naughton:

“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine de na leanaí agus de na daoine óga a ghlac an t-am chun a gcuid tuairimí ar ról an CRS a roinnt go hoscailte. Is féidir lena ndearcthaí aird a tharraingt ar dhúshláin a bhféadfadh roinnt daoine fásta neamhaird a thabhairt orthu, agus is féidir leo réitigh chruthaitheacha a sholáthar, rud a fhágfaidh go mbeidh beartais oideachais níos cuimsithí agus níos éifeachtaí dá mbarr. Tosaíodh ar an obair ar phlean forbartha d’fhórsa saothair na gCúntóirí Riachtanas Speisialta nuair a bhí mé i mo ról roimhe seo mar Aire Oideachais Speisialta nuair a shocraíomar béim a leagan ar ghuth an linbh agus a chinntiú go bhfuil ár gcóras oideachais múnlaithe timpeall ar fhíor-riachtanais agus ar fhíoreispéiris na bhfoghlaimeoirí féin.

"Is é an teachtaireacht chumhachtach agus shoiléir ó leanaí agus daoine óga ná go soláthraíonn na Cúntóirí Riachtanas Speisialta tacaíocht ríthábhachtach i bpobail scoile. Ní mór guthanna na scoláirí a bheith lárnach sa chaoi a múnlaímid an ról ríthábhachtach seo agus sa chaoi a dtugaimid tacaíocht dó amach anseo.”

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Moynihan:

“Tá an comhairliúchán seo ina shampla láidir de rannpháirtíocht fhónta le leanaí agus daoine óga agus léiríonn sé an t-aitheantas a thugtar dá gceart a bheith páirteach i gcinntí a mbíonn tionchar acu orthu, agus an t-aitheantas sin ag méadú.

"Ní hamháin gur inis leanaí agus daoine óga dúinn cad a oibríonn go maith, ach d’inis siad dúinn freisin conas is féidir linn rudaí a fheabhsú. Aithnítear go maith go bhfuil ról lárnach ag Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) i saol na scoile agus is léir ó na leanaí agus ó na daoine óga go dtacaíonn CRSanna le scoláirí ar bhealach a chinntíonn gur féidir leo páirt a ghlacadh i saol na scoile agus a bheith rathúil ann.

“Is údar dóchais a fheiceáil go léiríonn taithí na scoláirí a cuireadh in iúl sa chomhairliúchán an luach a chuirtear ar an gcaidreamh muiníneach agus tacúil le CRSanna, rud atá feicthe agam le mo shúile féin le linn cuairteanna ar scoileanna ar fud na tíre le míonna beaga anuas.

“Tá níos mó na cleachtadh éisteachta i gceist anseo. Táimid tiomanta a chinntiú go leanfaidh guthanna leanaí agus daoine óga de bheith ag múnlú beartas agus cleachtais maidir leis an tacaíocht a sholáthraíonn CRSanna. Cabhróidh an t-ionchur a sholáthraítear le straitéisí tacaíochta saincheaptha agus bearta fónta a fhorbairt sa phlean forbartha d’fhórsa saothair CRSanna.”

Nótaí don Eagarthóir

  • Tá an-dul chun cinn déanta ar an obair ar an gcéad Phlean Forbartha d’Fhórsa Saothair na gCúntóirí Riachtanas Speisialta. Tá an plean á fhorbairt i gcomhairle agus i gcomhar le páirtithe leasmhara lena n-áirítear ceannairí scoile, múinteoirí agus CRSanna, rud a thugann deis do na páirtithe go léir ionchur a sholáthar agus tuairimí a roinnt maidir le forbairt agus treo na seirbhíse CRS amach anseo.
  • Tabharfaidh an plean forbairtí beartais isteach faoi na cúig cheannteideal leathana seo a leanas chun soiléireacht agus treo a thabhairt don tseirbhís CRS:
  1. Colún 1 – Ról an CRS a athbhreithniú agus a fhorbairt.
  2. Colún 2 – Creat Cáilíochta a bhunú.
  3. Colún 3 – Clár Foghlama agus Forbartha CRS a bhunú.
  4. Colún 4 – Tacú le hEarcú, Coinneáil agus Éagsúlacht CRS.
  5. Colún 5 – Straitéis Chumarsáide a cheapadh.
  • Ar an iomlán, áireofar sa Phlean breithniú ar an gcaoi is fearr is féidir le ceannairí scoile, múinteoirí agus CRSanna oibriú le chéile lena chinntiú go dtacaítear leo chun an tseirbhís is éifeachtaí a sholáthar do leanaí inár scoileanna a bhfuil riachtanais shuntasacha chúraim acu.
  • Bhí an comhairliúchán seo ar cheann de shraith comhairliúchán ar an bPlean Forbartha d’Fhórsa Saothair CRS. Cuirfidh an fhaisnéis a bailíodh ionchur tábhachtach ar fáil do bhearta faoi chúig cholún an phlean. Tacóidh na torthaí, mar aon le haiseolas ó pháirtithe leasmhara eile, le pleanáil agus le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise d’fhonn seirbhís CRS feabhsaithe a sholáthar.
  • Go dtí seo, tá an roinn tar éis tabhairt faoi na comhairliúcháin seo a leanas ar an bplean:
  • Tuarascáil Fócasghrúpaí Foghlama agus Forbartha Cúntóirí Riachtanas Speisialta Bealtaine 2023 Fócasghrúpaí le CRSanna
  • An Chéad Suirbhé Náisiúnta ar CRSanna: Eisíodh suirbhé náisiúnta cuimsitheach ar CRSanna ag tús mhí Feabhra 2024 chun faisnéis bhunlíne faoi CRSanna a bhailiú agus a thaifeadadh.
  • Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta: Tuarascáil ar Ghrúpaí Fócais le Ceannairí Scoile.
  • Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta: Tuarascáil ar Ghrúpaí Fócais le Múinteoirí.
  • Tá tuarascálacha ar na comhairliúcháin thuasluaite ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne ar gov.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat