Seolann an tAire Naughton agus an tAire Murnane O'Connor Dúshlán 'Sos Gníomhach Gach Lá' de chuid Scoileanna Gníomhacha chun folláine a chur chun cinn i bpobail scoile
- Foilsithe: 13 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2026
Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, agus an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Phoiblí agus Folláine, Jennifer Murnane O'Connor, an dúshlán 'Sos Gníomhach Gach Lá' inniu agus d'iarr siad ar bhunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta clárú chun páirt a ghlacadh ann.
Beidh an tionscnamh, comhfhiontar idir clár na Brataí Scoile Gníomhaí, Éire Shláintiúil agus CLG, ar siúl ón 19 Eanáir go dtí an 13 Feabhra 2026 agus tacóidh sé le múinteoirí sosanna gearrghluaiseachta a chur san áireamh ina ngnáthamh laethúil.
Mar cheann de shraith tionscnamh de chuid na Brataí Scoile Gníomhaí a reáchtáiltear le linn na bliana acadúla, cuireann an dúshlán seo sraith d'fhíseáin ghearra um shosanna gluaiseachta sa seomra ranga ar fáil do scoileanna i mBéarla agus i nGaeilge. Eisítear sraith éagsúil d’fhíseáin gach seachtain thar cheithre seachtaine an dúshláin, agus déantar scannánú orthu ar fad timpeall Pháirc an Chrócaigh.
Agus aitheantas á thabhairt do ról an dúshláin seo i gcomhthéacs an mhana 'Níos Mó Scoileanna, Níos Gníomhaí, Níos Minice' de chlár na Brataí Scoile Gníomhaí, bhí an tAire Naughton ag iarraidh rannpháirtíocht fhorleathan a spreagadh.
Dúirt an tAire Naughton:
"Is tionscnamh tábhachtach é clár na Brataí Scoile Gníomhaí le breis agus 15 bliana anuas chun tacú le pobail scoile gníomhaíocht choirp a mhéadú. Tá tionscnaimh amhail an dúshlán 'Sos Gníomhach Gach Lá' spraíúil agus cuimsitheach agus is féidir leo cabhrú linn nósanna dearfacha a fhorbairt maidir le bogadh thart níos mó agus gan a bheith inár suí chomh minic sin.
"Is iontach an rud é go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael tar éis teacht isteach linn féin agus leis an Roinn Sláinte chun cabhrú le dúshlán a fhorbairt a spreagfaidh samhlaíocht ár ndaltaí, ár scoláirí agus ár múinteoirí agus a chruthóidh mórán deiseanna gníomhaíochta, áthais agus cairdis inár seomraí ranga ag an am seo den bhliain. Tá mórán fíricí suimiúla sna físeáin sosa gluaiseachta, a thacaíonn le gníomhaíocht choirp a chomhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim."
Thacaigh Jennifer Murnane O'Connor, T.D., an tAire Stáit sa Roinn Sláinte a bhfuil freagracht speisialta uirthi maidir le Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, leis an ngairm seo ar rannpháirtíocht fhorleathan.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Mitchell O’Connor:
"Ceann de na príomhthosaíochtaí atá agam mar Aire is ea gníomhaíocht choirp a chur chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga. Tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Óige le tamall anuas chun clár na Brataí Scoile Gníomhaí a fhorbairt. Trí thacaíocht a thabhairt do phobail scoile le níos mó deiseanna chun gníomhaíocht choirp a thabhairt isteach sa seomra ranga, tá an dúshlán 'Sos Gníomhach Gach Lá' ag teacht lenár dTreoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp. Cuidíonn forbairt na n-iompraíochtaí sláintiúla seo ag aois óg leis an mbonn a leagan síos do phobal níos gníomhaí agus níos sláintiúla sa todhchaí."
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns:
"Téann comhoibriú CLG leis an oideachas siar go dtí ár mbunús féin nuair a bhunaigh an múinteoir Micheál Cíosóg muid, agus le 141 bliain anuas d'oibríomar go rathúil le chéile chun saol na nglúnta de mhuintir na hÉireann a shaibhriú. Tugann na Sosanna Gníomhaíochta seo ó Pháirc an Chrócaigh deis do mhúinteoirí an lae inniu leanaí a chothú ina bhfolláine choirp agus mheabhrach agus ó thaobh an chultúir de freisin, i dtaca le spéis inár gcluichí náisiúnta a chur chun cinn agus úsáid a bhaint as suíomh aitheanta Pháirc an Chrócaigh chun é sin a dhéanamh. Is mian liom moladh a thabhairt freisin do na hAirí agus do na Ranna Sláinte agus Oideachais as an gcomhpháirtíocht seo lenár Roinn Forbartha Cluichí agus as an gcur chuige nuálach seo maidir le spórt agus aclaíocht a thabhairt isteach sa seomra ranga."
Is féidir le scoileanna ar mian leo tuilleadh eolais a fháil nó clárú chun páirt a ghlacadh sa dúshlán é sin a dhéanamh ag na naisc thíos.
Nótaí d’Eagarthóirí
Comhfhiontar idir an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Sláinte is ea clár na Brataí Scoile Gníomhaí agus ceapadh é chun cur leis an gcuraclam Corpoideachais agus Folláine atá ann cheana féin i scoileanna. Chomh maith leis sin, tá Cumann Lúthchleas Gael ag tacú leis an dúshlán 'Sos Gníomhach Gach Lá' i mbliana.
Is féidir le scoileanna cláraithe teacht ar shraith físeán de shosanna gluaiseachta atá oiriúnach don seomra ranga (i mBéarla agus i nGaeilge), a scannánaíodh ag Páirc an Chrócaigh. Gheobhaidh ranganna spléachadh ón taobh istigh ar an áit a dtagann busanna na bhfoirne isteach, taobh istigh de sheomraí feistis na n-imreoirí agus na háiteanna do théamh suas ina bhfaigheann laochra réidh chun dul i mbun imeartha. Ina theannta sin, foghlaimeoidh siad fíricí suimiúla faoi Pháirc an Chrócaigh.