Seolann na hAirí Naughton, Foley agus Moynihan an Comhrá Náisiúnta ar an Oideachas
- Foilsithe: 15 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 16 Eanáir 2026
- Tá tús á chur leis an gComhrá Náisiúnta ar an Oideachas inniu agus cuireadh á thabhairt do bhaill den phobal páirt a ghlacadh ann.
- Úsáidfear na torthaí chun bonn eolais a chur faoi chlár oibre an Chomhdháil um Oideachas ina bpléifear saincheisteanna tábhachtacha faoi thodhchaí an oideachais.
- Cuirfidh na torthaí bonn eolais freisin faoi fhorbairt plean gníomhaíochta nua don chóras um fhoghlaim agus cúram na luath-óige.
Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley agus an tAire Stáit sa Roinn Oideachais agus Óige atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan, an Comhrá Náisiúnta ar an Oideachas inniu (Dé Céadaoin).
Deis annamh atá anseo do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne cabhrú chun córas oideachais na hÉireann a mhúnlú go ceann blianta fada.
Úsáidfear torthaí an Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas chun bonn eolais a chur faoin gclár oibre don Chomhdháil um Oideachas a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana. Cuirfidh an Chomhdháil , ina dhiaidh sin, bonn eolais faoi straitéis fhadtéarmach nua do thodhchaí an oideachais in Éirinn.
Cuirfear tús leis an gComhrá Náisiúnta ar an Oideachas inniu, 14 Eanáir 2026 agus tá cuireadh á thabhairt don phobal páirt a ghlacadh ar roinnt bealaí. Ina measc sin tá:
- An suirbhé ar líne a chomhlánú anseo
- Aighneacht a chur isteach thar ceann duine aonair nó eagraíochta anseo
- A gcomhráite féin a óstáil ina scoileanna, ina suíomhanna óige agus ina n-eagraíochtaí
Fanfaidh próiseas an tsuirbhé agus na n-aighneachtaí oscailte go dtí an 28 Feabhra 2026.
Ina theannta sin, beidh imeachtaí maidir le rannpháirtíocht na bpobal scoile agus imeachtaí réigiúnacha ar siúl ar fud na tíre, ar imeachtaí iad a éascóidh plé níos doimhne ar an gcaoi a bhféadfaimis todhchaí an oideachais in Éirinn a mhúnlú.
Seolfar suirbhé ar leithligh ón Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i mí Feabhra, agus cuirfidh sé sin bonn eolais faoi phlean gníomhaíochta chun córas um fhoghlaim agus cúram na luath-óige a thógáil, ar córas é atá inrochtana agus ar ardchaighdeán agus a bheidh mar chomharba ar Na Chéad 5, straitéis uile-rialtais don Luath-Óige.
Cabhróidh tuairimí na rannpháirtithe i ngach cuid den Chomhrá Náisiúnta le téamaí don Chomhdháil um Oideachas a aithint. Tabharfaidh an comhrá deis do gach duine plé a dhéanamh ar na nithe ba cheart a athrú, na nithe ba cheart a choinneáil mar atá siad, na nithe ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh, agus an chaoi a bhféadfadh an t-oideachas cabhrú le gach leanbh agus duine óg a bheith rathúil amach anseo.
Dúirt an tAire Naughton:
"Le blianta fada, d’fhóin ár gcóras oideachais go maith do mhuintir na hÉireann. Tá rath ollmhór bainte amach ag ár muintir sa bhaile agus thar lear i gcúrsaí gnó, i gcúrsaí acadúla, sna healaíona, sna heolaíochtaí, sa spórt agus i ngach réimse eile den iarracht dhaonna. Sa lá atá inniu ann, freastalóidh thart ar mhilliún leanbh ar 4,000 scoil ar fud na tíre, áit a gcuideoidh múinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus foirne scoile leo chun iad a ullmhú don saol tar éis na scoile, bíodh sé sin sa bhreisoideachas agus san ardoideachas nó i ngairm bheatha dá rogha féin.
"Is fianaise ar cháilíocht ár múinteoirí agus ár gcóras oideachais gur éirigh linn - náisiún beag oileánda - dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith rathúil i bhfianaise athruithe móra domhanda le blianta beaga anuas, lena n-áirítear domhandú, paindéimí, Breatimeacht agus, ar ndóigh, teacht an idirlín agus an domhain dhigitigh."
Lean an tAire Naughton uirthi agus dúirt sí:
“Inniu, táimid ag tús réabhlóide eile le teacht na hintleachta saorga, teicneolaíocht a bhféadfadh úsáidí gan teorainn a bheith aici nár thosaíomar fiú á n-iniúchadh ná á mbaint amach fós. Is é an dúshlán atá roimh ár gcóras oideachais ná conas na scileanna riachtanacha a thabhairt do dhaoine óga an lae inniu chun cabhrú leo rathú agus oiriúnú i ndomhan atá ag athrú de shíor, domhan ina bhfuil an intleacht shaorga mar chuid de i ndáiríre agus domhan ina bhfuil gach gné den saol laethúil, lena n-áirítear fóillíocht, staidéar agus obair, ag athrú de shíor. Fágann sin go bhfuil ceisteanna bunúsacha ann nach mór dúinn aghaidh a thabhairt orthu agus iarracht a dhéanamh iad a fhreagairt. Cén áit a bheidh againn sa domhan nua seo? Cad iad na scileanna a bheidh ag teastáil ó dhaoine óga chun a bheith rathúil amach anseo? Conas a dhéanfaimid ár mbealach tríd an saol, ar saol é nach bhfuilimid ach ag tosú á shamhlú?
Deis annamh is ea an Chomhdháil um Oideachas do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú go ceann blianta fada, lena chinntiú go mbeidh áit ag ár ndaoine óga sa domhan nua seo. Inniu, tá an Comhrá Náisiúnta á sheoladh againn, ar deis é do gach duine a dtuairimí a léiriú, na saincheisteanna a mheasann siad a bheith tábhachtach a ardú agus cabhrú chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt bhreise ar ár gcóras oideachais. Is mian liom go mbeadh an comhrá seo oscailte agus macánta faoinár gcóras oideachais ina iomláine, agus cad is gá dó a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil ár ndaoine óga ullmhaithe i gceart don saol i ndiaidh na scoile.”
Dúirt an tAire Foley:
"Tá áthas orm seoladh an Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas a chomóradh. Bhí an t-oideachas lárnach i gcónaí i ndul chun cinn na hÉireann, ag múnlú an ratha shóisialta agus eacnamaíoch a shainíonn ár náisiún.
Má tá sé le bheith éifeachtach agus tionchar a bheith aige, ní mór don Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas saolré na foghlama a chur san áireamh - ó na luathbhlianta go dtí an bhunscoil agus an iar-bhunscoil agus ar aghaidh chuig an mbreisoideachas agus chuig an ardoideachas agus ar feadh na haosachta.
Mar chuid den Chomhrá Náisiúnta, déanfaidh an Roinn comhairliúchán leathan ar thodhchaí Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus an Chúraim Leanaí in Aois Scoile, lena n-áirítear feighlithe leanaí. Táimid ag iarraidh cloisteáil ó theaghlaigh leanaí, oideoirí luathbhlianta, cleachtóirí agus soláthraithe cúraim leanaí in aois scoile chomh maith le pobail ar fud na hÉireann."
Beidh suirbhé ar líne, imeachtaí comhairliúcháin áitiúla, agus fóram náisiúnta san áireamh sa chuid seo den Chomhrá Náisiúnta, agus iad uile dírithe ar chóras um fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus um chúram leanaí in aois scoile atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán a thógáil - mar chuid lárnach dár gcóras oideachais níos leithne.”
Dúirt an tAire Moynihan:
Tá sé ionann is a bheith cinnte go bhfeicfimid athrú suntasach ar ár gcóras oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile sna fiche cúig bliain seo amach romhainn ach freisin ar an gcaoi a gcuirimid san áireamh iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu.
“Beidh éagsúlacht agus cuimsiú mar dhá shaintréith den phróiseas seo, éagsúlacht daoine, smaointe agus comhráite, agus iad go léir á gcuimsiú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an oiread daoine agus is féidir in ann a gcuid tuairimí a léiriú ionas gur féidir linn córas scoile a bheith againn atá réidh chun ár riachtanais a mhúnlú agus freagairt dóibh le linn na tréimhse sin agus na riachtanais sin ag athrú.
“Táim ag moladh don oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh sa Chomhrá Náisiúnta agus chuige sin an suirbhé a chomhlánú nó aighneacht a chur isteach. Iarraim go háirithe ar thuismitheoirí/chaomhnóirí leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus ar eagraíochtaí a oibríonn san earnáil sin a gcuid tuairimí a léiriú. Tá do thuairimí thar a bheith riachtanach chun eolas a chur ar fáil d’obair an phróisis seo.”
Nótaí d’eagarthóirí
An Comhrá Náisiúnta
Deis is ea an Comhrá Náisiúnta do gach duine in Éirinn a dtuairim a léiriú faoi thodhchaí an oideachais in Éirinn. Beidh suirbhé agus próiseas aighneachtaí i gceist leis, chomh maith le plé le pobail na scoileanna agus comhairliúcháin réigiúnacha. Beidh tionchar ag aschur ón bplé seo agus ón bpróiseas aighneachtaí ar chlár oibre an Chomhdháil, a cheadóidh an Rialtas. Chomh maith leis sin, cuirfidh an t-aschur bonn eolais faoi fhorbairt plean gníomhaíochta nua chun córas um fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus um chúram leanaí in aois scoile a thógáil, ar córas é atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán.
Deis annamh atá anseo do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú go ceann blianta fada.
Is féidir le duine ar bith in Éirinn a bheith páirteach ar roinnt bealaí éagsúla:
- An suirbhé a chomhlánú
- Aighneacht a chur isteach
- Do chomhrá féin a óstáil i do scoil nó in d'eagraíocht.
Osclófar próiseas suirbhé agus aighneachtaí an Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas faoi stiúir na Roinne Oideachais agus Óige i mí Eanáir 2026 agus dúnfar é ar an 28 Feabhra 2026.
Tionólfar imeachtaí rannpháirtíochta do phobail na scoileanna agus imeachtaí réigiúnacha i 2026 freisin.
Osclófar an próiseas suirbhé agus aighneachta faoi stiúir na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i mí Feabhra.
Má ghlacann tú páirt sa Chomhrá Náisiúnta, is féidir leat cabhrú chun todhchaí an oideachais in Éirinn a mhúnlú.
An Comhdháil um Oideachas
Deis annamh is ea an Chomhdháil um Oideachas do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú go ceann blianta fada.
Is í an tOllamh Anne Looney a bheidh ina cathaoirleach ar an gCoinbhinsiún agus tiocfaidh sé le chéile ceithre huaire thar an deireadh seachtaine i mí an Mhárta, i mí na Bealtaine, i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna 2026 chun saincheisteanna tábhachtacha a phlé maidir le todhchaí an oideachais:
Beidh 150 duine sa Chomhdháil i 4 ghrúpa:
- Leanaí agus daoine óga (30 duine)
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí (30 duine)
- Fostaithe scoile agus oideoirí luathbhlianta (30 duine)
- Páirtithe leasmhara san oideachas (60 duine)
Beifear ag díriú ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna (meánscoileanna), ar an aistriú laistigh den oideachas, ag féachaint ar na nithe atá ag obair go maith, cad iad na dúshláin a dteastaíonn aird a thabhairt orthu, agus cad iad na hathruithe a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil sna blianta amach romhainn.
Cuirfidh moltaí ón gComhdháil bonn eolais faoi straitéis nua fhadtéarmach na Roinne Oideachais agus Óige don oideachas in Éirinn.
Tuilleadh faoin gComhdháil deiridh a bhí ann
Ba é an tOllamh John Coolahan a bhí i gceannas ar an gComhdháil Náisiúnta um Oideachas i 1993. Léirigh an comhdháil seo díospóireacht mhór dhaonlathach ar thodhchaí chóras oideachais na hÉireann. Leagadh amach bunús na díospóireachta sin sa Pháipéar Uaine, Oideachas do Dhomhan atá ag Athrú. Tháinig an páipéar sin sna sála ar Athbhreithniú ECFE ar Chóras Oideachais na hÉireann (1991).
Moladh sa Pháipéar Uaine, a d'fhoilsigh an tAire Oideachais i mí an Mheithimh 1992, mórthionscadal athchóirithe a chur i gcrích laistigh de chóras Oideachais na hÉireann. I réamhrá an Aire don Pháipéar Uaine bhí cuireadh dóibh siúd a bhí tiomanta d'fheabhsú an chórais oideachais páirt a ghlacadh i ndíospóireacht náisiúnta. Ba iad torthaí na díospóireachta náisiúnta sin a chuir bonn eolais faoi ghealltanais bheartais an rialtais i réimse an oideachais a leagfaí amach ansin sa Pháipéar Bán Ag Rianú ár dTodhchaí Oideachais.
Spreag foilsiú an Pháipéir Uaine, tréimhse cruinnithe, seimineár agus comhdhálacha ar fud na tíre. Ina theannta sin, fuair an Roinn Oideachais os cionn 1,000 aighneacht scríofa mar fhreagairt don Pháipéar Uaine. Ba é buaicphointe na gníomhaíochta seo ar fad ná gur fógraíodh an Chomhdháil Náisiúnta um Oideachas a bhí le reáchtáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 11 – 21 Deireadh Fómhair 1993.
Tháinig dhá eagraíocht is daichead le chéile ag an gComhdháil sin chun plé a dhéanamh ar na príomhcheisteanna a bhí roimh bheartas oideachais in Éirinn. Rinneadh anailís ar phríomhthorthaí téamacha an imeachta sin agus tiomsaíodh iad i dtuarascáil a chuir Rúnaíocht an Chomhdháil le chéile.