Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí á hoscailt ar an 22 Lúnasa ag 10am
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Lúnasa 2025
Osclófar Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí ar an Aoine, 22 Lúnasa 2025.
Tugann an tseirbhís saor in aisce seo tacaíocht ríthábhachtach do scoláirí na hArdteistiméireachta, dá dtuismitheoirí agus dá gcaomhnóirí sa tréimhse ríthábhachtach nuair a fhaightear torthaí scrúduithe agus tairiscintí an CAO.
I mbliana, is féidir le scoláirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí glaoch ar an líne chabhrach nó téacs a sheoladh chuici chun teagmháil a dhéanamh le treoirchomhairleoir a bhfuil taithí aige/aici agus cuirfidh an treoirchomhairleoir sin tacaíocht bheo atá dírithe ar an duine ar fáil.
Is féidir leis na treoirchomhairleoirí ar an líne chabhrach tacaíocht a sholáthar le haghaidh saincheisteanna lena n-áirítear: pointí CAO a ríomh, torthaí scrúduithe a athsheiceáil, glacadh le tairiscint nó í a chur siar, agus cad is féidir a dhéanamh má theiptear in ábhar. Is féidir leo treoir a thabhairt freisin maidir le scrúduithe a athdhéanamh agus scripteanna a iniúchadh, eolas cúrsa agus oird roghanna a thuiscint, agus gach bealach a iniúchadh lena n-áirítear printíseachtaí, coláistí príobháideacha, agus iarratais UCAS/UNICAS. Ina theannta sin, cuireann an líne chabhrach tacaíocht ar fáil maidir le nósanna imeachta an CAO, táillí clárúcháin, briseadh bliana, agus roghanna maidir le breisoideachas agus oiliúint.
Tá an tseirbhís á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige, á comhordú ag Institiúid na dTreoirchomhairleoirí agus ag fáil tacaíochta ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Iar-bhunscoil agus Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann. Tá sí urraithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD:
“Seirbhís thar a bheith luachmhar do scoláirí agus dá dteaghlaigh is ea an Líne Chabhrach Náisiúnta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí ag am ina bhfuil cinntí agus athruithe tábhachtacha á ndéanamh. Nascann an líne chabhrach seo teaghlaigh le treoirchomhairleoirí saineolaíocha agus cuireann sí dearbhú agus soiléireacht ar fáil. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a bhí páirteach i soláthar na seirbhíse seo arís i mbliana.”
Chun nascadh le treoirchomhairleoir, féadfaidh tú glaoch ar Líne Chabhrach na hArdteistiméireachta ar 1800 265 165, nó téacs a sheoladh chuig GUIDANCE ag 086 1800 685.
Tá gach glaoch saor in aisce. Beidh rátaí caighdeánacha do theachtaireachtaí i bhfeidhm. Beidh an líne chabhrach oscailte ó 10am go dtí 5pm ar laethanta na seachtaine (22, 25–29 Lúnasa) agus ó 10am go dtí 2pm ar an Satharn (23 agus 30 Lúnasa). Seolfar freagraí ar theachtaireachtaí téacs le linn uaireanta oscailte na líne cabhrach.
Tá foireann Líne Chabhrach na hArdteistiméireachta tiomanta do phríobháideacht na ndaoine go léir a dhéanann teagmháil léi ag lorg tacaíochta a chosaint. Déanfar eolas pearsanta ar bith a roinnfear a láimhseáil de réir threoirlínte RGCS.