Bearta Nua DEIS chun Rannpháirtíocht Teaghlaigh agus Folláine Scoláirí i Scoileanna a Neartú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bearta Nua DEIS chun Rannpháirtíocht Teaghlaigh agus Folláine Scoláirí i Scoileanna a Neartú

Tá bearta breise fógartha ag an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, faoi Straitéis DEIS go dtí 2035, ar bearta iad ina mbainfear feidhm as rannpháirtíocht teaghlaigh níos fearr agus tacaíochtaí folláine chun tacú le leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.

Mar chuid de na bearta, deanfaidh tionscnamh píolótach nua an scéim Teagmhála Baile, Scoile agus Pobail (TBSP) a leathnú go dtí thart ar 130 scoil tuaithe DEIS agus neamh‑DEIS. Ligfidh sé seo don roinn éifeachtacht na samhla a mheas i réimse níos leithne de shuíomhanna scoile.

Beidh poist lánaimseartha agus chomhroinnte mar chomhordaitheoirí TBSP san áireamh sa chlár píolótach, agus iad ag tacú le scoileanna chun rannpháirtíocht tuismitheoirí a neartú agus comhoibriú idir an baile, an scoil agus an pobal a dhaingniú. Tá sonraí faighte ag scoileanna atá rannpháirteach sa tionscnamh anois faoi shocruithe earcaíochta do na róil nua, a bheidh i bhfeidhm don scoilbhliain seo amach romhainn.

Agus í ag fógairt na gceapachán, dúirt an tAire Naughton:

“Is tosaíocht lárnach de chuid Straitéis DEIS go dtí 2035 tacú le leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.

“Mar thoradh ar an scéim Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail a leathnú chuig scoileanna roghnaithe lasmuigh den chlár DEIS, chomh maith le scoileanna tuaithe DEIS, agus mar thoradh ar chomhordaitheoirí um Meabhairshláinte Dhearfach agus Folláine a thabhairt isteach i scoileanna DEIS Plus, táimid ag neartú comhpháirtíochtaí idir scoileanna, teaghlaigh agus pobail agus ag an am céanna ag tacú le feabhas a chur ar thinreamh, rannpháirtíocht agus folláine na scoláirí. Is gníomhartha tábhachtacha iad na bearta sin chun feabhas a chur ar eispéiris agus ar thorthaí scoláirí san oideachas.

“Oibreoimid go dlúth leis na scoileanna rannpháirteacha lena chinntiú go mbeidh an tionchar is mó ag na tacaíochtaí nua seo. Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid measúnú ar éifeachtacht na mbeart seo chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais amach anseo agus táim ag tnúth le bheith ag obair le pobail scoile chun an méid atá le foghlaim ón tionscnamh tábhachtach seo a fháil amach.”

Beidh an clár píolótach TBSP ar siúl ar feadh tréimhse trí bliana i dtús báire agus beidh sé faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht leanúnach.

Tá comhordaitheoirí um Meabhairshláinte Dhearfach agus Folláine á sannadh do 121 scoil DEIS Plus. Treoróidh na comhordaitheoirí sin cuir chuige scoile uile agus spriocdhírithe i leith meabhairshláinte agus folláine agus tacóidh siad le cur i bhfeidhm na gcleachtas struchtúrtha, a gcuireann trámabonn eolais fúthu agus atá comhoibritheach agus ailínithe leis an bpleanáil feabhsúcháin scoile.

Tá na bearta nua mar chuid de ghealltanas níos leithne an Rialtais faoi Straitéis DEIS go dtí 2035 chun torthaí oideachais, tinreamh, rannpháirtíocht agus folláine a fheabhsú do na leanaí agus do na daoine óga is mó atá i mbaol míbhuntáiste.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.gov.ie/ DEIS.

Nótaí d’eagarthóirí

Ról an chomhordaitheora um TBSP i scoileanna:

  • Comhpháirtíochtaí éifeachtacha idir scoileanna, teaghlaigh agus pobail a neartú agus tacú leo agus é mar aidhm acu torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais
  • Oibriú go díreach le tuismitheoirí agus caomhnóirí chun tacú le tinreamh, rannpháirtíocht, coinneáil agus folláine níos fearr do scoláirí, agus chun an rannpháirtíocht idir an baile agus an scoil a neartú trí chumarsáid, tacaíocht agus comhoibriú leanúnach
  • Tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha, tacúla agus comhoibríocha a fhorbairt agus chuige sin rannpháirtíocht fhónta tuismitheoirí i bhfoghlaim scoláirí agus i saol na scoile i gcoitinne a spreagadh agus a chur chun cinn
  • Dul i mbun plé le scoláirí, teaghlaigh agus pobail scoile chun cabhrú le sainaithint constaicí, ar constaicí iad a mbíonn tionchar acu ar thinreamh agus rannpháirtíocht san oideachas, agus oibriú i gcomhar le foireann na scoile agus seirbhísí ábhartha chun tacú le freagairtí agus tacaíochtaí cuí
  • Dul i gcomhairle le ceannaireacht scoile, múinteoirí, seirbhísí tacaíochta oideachais agus gníomhaireachtaí pobail agus reachtúla ábhartha agus oibriú i gcomhar leo chun tacú le riachtanais agus folláine leanaí agus daoine óga
  • Tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun naisc níos láidre a fhorbairt le pobail agus seirbhísí áitiúla, lena n-áirítear feidhm a bhaint as cuir chuige comhroinnte agus comhoibríocha nuair is cuí mar chuid den tionscnamh píolótach.
  • Rannchuidiú le hathbhreithniú agus forbairt leanúnach an tionscnaimh phíolótaigh trí rannpháirtíocht le scoileanna, teaghlaigh agus pobail áitiúla.

Clár píolótach TBSP de réir contae:

Contae

Comhaireamh na scoileanna

An Cabhán

4

An Clár

6

Corcaigh

4

Dún na nGall

5

Baile Átha Cliath

33

Gaillimh

4

Ciarraí

8

Cill Dara

2

Cill Chainnigh

2

Laois

2

Liatroim

4

Luimneach

5

An Longfort

3

12

Maigh Eo

6

An Mhí

2

Muineachán

2

Uíbh Fhailí

3

Ros Comáin

4

Sligeach

1

Tiobraid Árann

4

Port Láirge

2

An Iarmhí

2

Loch Garman

8

Cill Mhantáin

1

Ról an chomhordaitheora um Meabhairshláinte Dhearfach agus Folláine:

  • Forbairt agus feidhmiú an chuir chuige scoile uile i dtaca le meabhairshláinte dhearfach agus folláine a threorú
  • comhtháthú na gcleachtas a gcuireann tráma bonn eolais fúthu agus atá bunaithe ar chaidreamh a threorú sa scoil
  • comhoibriú le seirbhísí pobail chun tacaíochtaí um meabhairshláinte dhearfach agus folláine a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga
  • Caidreamh a fhorbairt le tuismitheoirí agus teaghlaigh, agus béim ar leith á cur ar na daoine a d'fhéadfadh a bheith imeallaithe nó a bhfuil níos lú rannpháirtíochta acu sa scoil, chun tacú le folláine na scoláirí

Ról do gach ceann den 121 scoil DEIS Plus is ea an comhordaitheoir um Meabhairshláinte Dhearfach agus Folláine. Tá an liosta de na scoileanna sin ar fáil ar líne ag www.gov.ie/DEIS

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat