Ardán um Malartú Taighde Múinteoirí de chuid an Oileáin Chomhroinnte Thuaidh-Theas (T-REX) fógartha
- Foilsithe: 23 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026
Tá an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, T.D., agus Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, Paul Givan, MLA, tar éis ardán um Malartú Taighde Múinteoirí de chuid an Oileáin Chomhroinnte Thuaidh-Theas (T-REX) a fhógairt go hoifigiúil.
Déanann ardán T-REX an bhearna idir taighde agus cleachtas scoilbhunaithe a líonadh, ag cinntiú go n-úsáidtear straitéisí múinteoirí atá bunaithe ar fhianaise chun freastal níos fearr ar riachtanais na daltaí go léir, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil réimse de chonstaicí oideachais le sárú acu.
Cuireann an t-ardán foghlama gairmiúil nuálach seo deiseanna ar fáil do ghairmithe oideachais ar fud an dá dhlínse chun nascadh le chéile. Éascaíonn sé cumarsáid, comhoibriú agus comhroinnt eolais chun an bhearna idir taighde agus cleachtas a dhúnadh agus chun tionchar an taighde a fheabhsú ar fud réimse de shuíomhanna oideachais. Tá deiseanna foghlama agus comhoibrithe ag gairmithe oideachais maidir le saincheisteanna amhail Míbhuntáiste Oideachais, Ceannaireacht agus Folláine.
Ag cur leis an mbonneagar atá ann cheana féin, baineann an tionscadal le pobal digiteach inar féidir le hoideoirí (múinteoirí, ceannairí, múinteoirí faoi oiliúint, taighdeoirí ardoideachais, gairmithe tacaíochta, srl.):
- Nascadh le hoideoirí eile faoi fhianaise agus taighde
- Foghlaim conas fianaise a bhailiú, a chomhordú agus a mheas chun tacú le cinnteoireacht agus le gníomh i scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile
- Léargas agus foghlaim ó obair phearsanta a roinnt agus iniúchadh a dhéanamh ar léargas daoine eile go héasca ar bhealach atá gasta, soiléir agus inrochtana
Agus an t-ardán á fhógairt aici inniu, dúirt an tAire Hildegarde Naughton:
Céim thábhachtach chun cinn is ea an lá inniu maidir le comhoibriú trasteorann san oideachas. Cumasóidh an t-ardán T-REX múinteoirí chun dul i mbun taighde ceannródaíoch, rud a chinnteoidh go gcuirfear straitéisí bunaithe ar fhianaise i bhfeidhm go héifeachtach i seomraí ranga ar fud an oileáin. Má dhéantar bacainní idir taighde agus cleachtas a chur as an mbealach, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais ar bhealach níos fearr agus torthaí a fheabhsú do gach scoláire." Léiríonn an tionscnamh seo ár dtiomantas comhroinnte don sármhaitheas san oideachas agus cumhacht chlaochlaitheach an chomhoibrithe. Táim ag tnúth le tionchar dearfach T-REX a fheiceáil ar mhúinteoirí agus ar fhoghlaimeoirí, ó Thuaidh agus ó Dheas."
Dúirt Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, Paul Givan, MLA:
“Is tréimhse spreagúil í seo don oideachas i dTuaisceart Éireann agus fíor-mhóiminteam á fheiceáil againn trí straitéis TransformED NI. Infheistíocht shuntasach bhreise i bhfoghlaim ghairmiúil ardchaighdeáin is ea an t-ardán T-REX. Cuireann sé ar chumas múinteoirí a gcleachtas a bheachtú, na nithe a oibríonn a roinnt agus ar deireadh thiar cuireann sé lenár sprioc chomhroinnte córas oideachais den scoth a thógáil.
Léiríonn taighde go bhfeabhsaíonn straitéisí teagaisc atá bunaithe ar fhianaise torthaí daltaí go suntasach, go háirithe dóibh siúd a bhfuil constaicí le sárú acu san oideachas. Cabhraíonn T-REX le múinteoirí taighde a aistriú go dtí straitéisí praiticiúla sa seomra ranga, rud a chinntíonn go mbainfidh gach dalta leas as teagasc ardchaighdeáin.”
Tá an tionscadal mar chuid de chlár comhoibrithe idir an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann maidir le tearcghnóthachtáil oideachasúil, le tacaíocht ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte de chuid Rialtas na hÉireann.
Nótaí d’Eagarthóirí
Maidir leis an Ardán um Malartú Taighde Múinteoirí de chuid an Oileáin Chomhroinnte Thuaidh-Theas (T-REX).
Is pobal cleachtais ar líne do ghairmithe oideachais é an t-ardán um Malartú Taighde Múinteoirí de chuid an Oileáin Chomhroinnte Thuaidh-Theas (T-REX) (www.t-rex.ie). De réir mar a bhíonn rannpháirtíocht le taighde agus i dtaighde ag éirí níos caighdeánaí do ghairmithe oideachais de gach cineál, tá sé soiléir go bhfuil gá le fóram le haghaidh idirghníomhaíochta idir daoine aonair agus grúpaí chun go mbeidh an tionchar agus an luach is mó ag an taighde i scoileanna agus i seomraí ranga.
Is é atá mar aidhm ag an ardán um Malartú Taighde Múinteoirí de chuid an Oileáin Chomhroinnte Thuaidh-Theas (T-REX) ná an tionchar atá ag torthaí taighde oideachais sa seomra ranga a fheabhsú le cur chuige atá bunaithe ar thaighde san oideachas a éascú, ar cur chuige é a mhéadaíonn éifeachtúlacht, a chuireann sármhaitheas chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim agus a éascaíonn samhlacha claochlaitheacha d’fhoghlaim ghairmiúil mhúinteoirí. Baineanna an t-ardán um Malartú Taighde Múinteoirí de chuid an Oileáin Chomhroinnte Thuaidh-Theas (T-REX) le trí phríomhfheidhm: nascadh, foghlaim agus comhroinnt.
Déanann Bord Tionscadail, ar a bhfuil ionadaithe ón dá Roinn Oideachais, maoirseacht ar an tionscadal. Tá sé á sholáthar ag Coláiste Mhuire Gan Smál (MIC), Luimneach, le tacaíocht ó Choláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis, Béal Feirste.
Tá clár forbartha gairmiúla nua, ‘Suaitheantas Digiteach T-REX: Úsáid Fianaise chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais’, ar fáil d’oideoirí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Chríochnaigh an chéad chohórt rathúil é in 2025, agus beidh an cúrsa seo ar siúl arís ón 26 Eanáir 2026. Forbraíodh an clár i gcomhpháirtíocht le Coláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis, Béal Feirste. Tá Suaitheantas Digiteach atá ann cheana féin, ‘Úsáid fianaise le haghaidh Folláine i Suíomhanna Oideachais’, oscailte d’oideoirí i dTuaisceart Éireann chomh maith, mar aon le cúrsa breise i gCeannaireacht Mheánach san Oideachas.
Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte
Tá sé mar aidhm ag Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid Rialtas na hÉireann leas iomlán a bhaint as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, nasc agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán. Tacaíonn Ciste an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais leis an Tionscnamh, chun gealltanais agus cuspóirí infheistíochta uile-oileáin i gClár an Rialtais agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta a chomhlíonadh. Mar chuid den chomhoibriú atá ann cheana féin, tá an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann ag cur clár píolótach comhoibrithe ar fáil maidir le tearcghnóthachtáil oideachais, ina bhfuil gnéithe maidir le malartú taighde múinteoirí (T-REX), cruthaitheacht i scoileanna, agus tacaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thearcghnóthachtáil oideachais.