Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bunscoileanna chun leas a bhaint as maoiniú breise caipitíochta ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh

Dheimhnigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, inniu (24 Meitheamh) go bhfaighidh bunscoileanna atá sa Scéim Saoroideachais ráta caipitíochta méadaithe sna laethanta seo amach romhainn.

San áireamh sna bearta oideachais a fógraíodh i mBuiséad 2025 bhí méadú suntasach ar mhaoiniú scoile agus maoiniú Stáit in aghaidh an dalta le haghaidh costais reatha ó lá go lá – ar a dtugtar an ráta caipitíochta – ag méadú ó €200 go €224 in aghaidh an dalta don ráta caighdeánach i mbunscoileanna. Tá rátaí feabhsaithe breise i bhfeidhm do scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

Is é €224 in aghaidh an dalta príomhshrutha an ráta caighdeánach nua deontais do scoilbhliain 2025/2026, le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2025. Cuirfear san áireamh an méadú ar an ráta ó mhí Mheán Fómhair go mí na Nollaig san íocaíocht chaipitíochta a eiseofar chuig bunscoileanna sna laethanta seo amach romhainn. 

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá áthas orm a fhógairt go bhfaighidh bunscoileanna an dara híocaíocht chaipitíochta den bhliain an tseachtain seo, is í sin an chéad íocaíocht ina mbeidh an méadú suntasach ar rátaí caipitíochta um maoiniú bunscoileanna san áireamh inti. Is féidir le scoileanna an maoiniú caipitíochta a úsáid chun costas nithe ar nós téamh, soilsiú, glanadh, árachas agus cothabháil ghinearálta a chlúdach.

“Rachaidh an maoiniú seo chun tairbhe do scoileanna ar fud na tíre agus iad ag bainistiú a gcostas reatha ó lá go lá. 

“Tá an Rialtas tiomanta do mhaoiniú a mhéadú chun tacú le scoileanna, agus gealltar i gClár an Rialtais go méadófar maoiniú caipitíochta do scoileanna de gach cineál lena chinntiú gur féidir le scoileanna na costais reatha atá orthu ó lá go lá a chlúdach.”

Nótaí don Eagarthóir

Íoctar an deontas caipitíochta foriomlán bunaithe ar rolluithe mhí Mheán Fómhair na scoilbhliana reatha agus íoctar é ina dhá thráthchuid, Eanáir agus Meitheamh gach bliain.

Tá an gealltanas i gClár an Rialtais ag cur leis an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear méadú buan de €30 milliún ar mhaoiniú caipitíochta chun cabhrú le gach scoil ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, anois agus san fhadtéarma, le costais reatha méadaithe ó lá go lá, trí Bhuiséad 2025.

Is ionann sin agus méadú de thart ar 12 faoin gcéad ar na rátaí caighdeánacha reatha agus rátaí feabhsaithe. Tá an íocaíocht seo sa bhreis ar an méadú de thart ar 9.2% ó Bhuiséad 2024.

Rátaí Caighdeánacha Caipitíochta

Is é €224 in aghaidh an dalta príomhshrutha an ráta caighdeánach deontais do scoilbhliain 2025/2026, le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2025.

Rátaí Caipitíochta Feabhsaithe – scoileanna speisialta agus ranganna speisialta atá nasctha le scoileanna príomhshrutha

Chomh maith leis an méadú ar an gCaipitíocht Chaighdeánach, méadóidh na rátaí feabhsaithe caipitíochta freisin le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2025.

Tá rátaí caipitíochta feabhsaithe iníoctha i leith daltaí ó phobal an Lucht Siúil agus i leith daltaí atá ag freastal ar scoileanna speisialta agus ar ranganna speisialta atá nasctha le scoileanna príomhshrutha chun cúnamh a thabhairt maidir leis na costais bhreise a bhaineann le costais reatha seomraí ranga ina bhfuil líon beag scoláirí, agus soláthar speisialaithe á fheidhmiú.

Socruithe do 2025

I mí Eanáir 2025, fuair bunscoileanna íocaíocht de 70 faoin gcéad den deontas caipitíochta bunscoile a bhí dlite dóibh.

Sna laethanta seo amach romhainn, déanfar an íocaíocht chothromaíochta do 2025 a íoc. Cuireann an íocaíocht seo i mí an Mheithimh san áireamh an méadú ar an ráta caipitíochta bunscoile ó mhí Mheán Fómhair go mí na Nollag agus déanann sí athrú ar bith ar dheontas na scoile de bharr leibhéil rollaithe ar an 30 Meán Fómhair i scoilbhliain 24/25, a chothromú.

Tabhair faoi deara: Tá an deontas a íoctar le scoileanna beaga bunaithe ar rollú íosta de 60 dalta príomhshrutha.