Seolann na hAirí Scéim Foghlama agus Tacaíochtaí Covid-19 le haghaidh bearta chun caillteanas foghlama a mhaolú
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Seolann an tAire Foley agus an tAire Madigan Scéim Foghlama agus Tacaí Covid-19 do bhearta a bhfuil mar aidhm leo caillteanas foghlama a mhaolú agus tacaí teagaisc spriocdhírithe breise a sholáthar do scoláirí tar éis na ndúntaí scoile le linn phaindéim Covid-19.
Chuir Norma Foley TD, an tAire Oideachais, agus Josepha Madigan TD, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, fáilte inniu (8 Meán Fómhair) roimh an gcinneadh ón Rialtas Scéim nua Foghlama agus Tacaí Covid-19 a chur chun feidhme, rud lena maolófar an tionchar a bhí ag na dúntaí scoile agus na srianta de dheasca Covid-19 ar fhoghlaim agus folláine scoláirí.
A bhuí leis an gciste sin, méadófar go €102.6 milliún luach na dtacaí breise a chuirfear i bhfeidhm sa bhliain 2021 chun caillteanas foghlama a mhaolú agus chun tacú le folláine.
Gheobhaidh gach scoil leithdháileadh uaireanta teagaisc breise faoin scéim, rud a fhéadfaidh siad a úsáid i gcomhréir le riachtanais a scoláirí. Cumasóidh sé sin do scoileanna sainaithint a dhéanamh ar na scoláirí atá sa bhaol is mó caillteanas foghlama a fhulaingt mar gheall ar an gcur isteach ar an eispéireas scoile le déanaí agus tacaí teagaisc sonracha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais na scoláirí sin.
Gheobhaidh scoileanna a leithdháiltí teagaisc breise bunaithe ar an líon daltaí atá rollaithe iontu, áit a soláthrófar leithdháiltí méadaithe do scoileanna speisialta agus do scoileanna atá páirteach sa scéim ‘Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna’ (DEIS) de chuid na Roinne.
Éascaítear le Scéim Foghlama agus Tacaíochta Covid-19 deiseanna foghlama idir scoileanna freisin chun a chinntiú go gcomhroinnfear an dea-chleachtas maidir le freastal ar riachtanais scoláirí agus maidir le caillteanas foghlama a mhaolú agus go macasamhlófar an dea-chleachtas sin in áiteanna eile.
Chomh maith leis sin, cinnteoidh an Roinn go ndéanfar taighde ar an tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 ar an bhfoghlaim agus ar eispéireas na scoláirí ar fud roinnt réimsí agus ar an tionchar a bhí ag na bearta maolaithe a rinneadh faoin gclár seo araon.
Dúirt an tAire Foley:
“Tuigim go maith an méid cur isteach a chruthaigh paindéim Covid-19 ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim ionscoile le linn na mblianta 2020 agus 2021 agus an tionchar a bhí aici ar ár scoláirí ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon.
“Leithdháileamar tacaí spriocdhírithe dar luach €50 milliún cheana féin ar na scoláirí ar imríodh an tionchar is mó orthu, agus sinn ag soláthar clár forlíontach um Cháisc agus ag reáchtáil clár samhraidh an-bhreisithe inar spriocdhíríodh ar scoláirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil a fhulaingt agus ar scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
“Inniu, cheadaigh an Rialtas cistiú spriocdhírithe breise €52.6 milliún do Scéim Foghlama agus Tacaíochta Covid-19 don scoilbhliain atá le teacht. Fágann sé sin go bhfaighidh gach scoil uaireanta teagaisc breise chun tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do na scoláirí a bhfuil an gá is mó acu léi.
“Rinneamar infheistíocht shuntasach cheana féin sa teicneolaíocht dhigiteach, i soláthar foirne breise agus i maoirseacht bhreise agus sna bearta a theastaíonn chun scoileanna a chumasú oibriú go sábháilte, agus leanfaimid le hinfheistíocht shuntasach a dhéanamh ina leith sin. D’oibrigh ár bpobail scoile gan stad gan staonadh chun leanúnachas an teagaisc agus na foghlama a chinntiú agus glacaimid go léir leis gur imríodh tionchar mór ar fhoghlaim ár scoláirí agus ar a n-eispéiris ar scoil.
“Tríd an gcistiú nua seo faoi Scéim Foghlama agus Tacaíochta Covid-19, tabharfar solúbthacht do scoileanna agus beidh siad in ann leas a bhaint as an saineolas atá acu chun a chinneadh conas na huaireanta a úsáid ar an mbealach is fearr chun freastal ar riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga ina scoil a raibh tionchar ag Covid-19 orthu.
“Beidh scoileanna in ann tosú ar na huaireanta a úsáid i mí Dheireadh Fómhair. Tabharfaidh sé sin deis dóibh, ó thús na scoilbhliana i leith, scoláirí a shocrú isteach, an riachtanas foghlama a athbhreithniú agus a mheasúnú agus pleananna cuí tacaíochta a cheapadh le haghaidh na huaireanta atá ar fáil dóibh a úsáid.
Fíorinfheistíocht i dtodhchaí ár leanaí is ea an infheistíocht seo atá á fógairt ag an Rialtas inniu.”
Dúirt an tAire Madigan:
“Is eol dúinn go raibh srianta Covid-19 rídhúshlánach dár scoláirí. Is eol dúinn freisin gur mhó tionchar na ndúntaí scoile ar scoláirí áirithe ná ar scoláirí eile. Tugtar i dtaighde Éireannach agus i dtaighde idirnáisiúnta an-léargas dúinn ar an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus orthu sin atá sa bhaol is mó míbhuntáiste oideachasúil a fhulaingt.
“Cé gur lean múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta agus baill foirne scoile orthu ag teagasc agus ag obair go cianda le linn na dtréimhsí dúnta scoile, tá sé soiléir nach raibh an chianfhoghlaim indéanta do scoláirí áirithe agus go bhfoghlaimíonn siad ar bhealach níos fearr nuair a bhíonn siad sa seomra ranga. Cuireadh isteach ar a lán tacaí agus clár folláine scoilbhunaithe freisin.
“Tá sé ríthábhachtach go soláthrófaí tacaí breise do dhaoine óga ar imríodh diantionchar orthu le linn na tréimhse cianteagaisc agus cianfhoghlama chun iad a chumasú dul chun cinn a dhéanamh agus an caillteanas foghlama a d’fhulaing siad a mhaolú. Chuireamar clár forlíontach agus Soláthar Samhraidh chun feidhme roimhe sin chun tacú le scoláirí. Tá an tionscnamh tiomnaithe nua seo á thabhairt isteach againn anois chun gur féidir le gach scoil tacú le scoláirí ar cuireadh isteach ar a gcuid foghlama.
“Mar Aire Stáit atá freagrach as an oideachas speisialta, is mórchúis áthais dom go mbainfidh scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus scoláirí atá faoi mhíbhuntáiste tairbhe as na tacaí agus na huaireanta teagaisc spriocdhírithe agus go mbeidh scoileanna saor chun na huaireanta sin a úsáid ar an dóigh a bhfreastalóidh ar riachtanais a scoláirí ar an mbealach is fearr.
“Bainfidh scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu tairbhe dhíreach freisin as eolas agus an dea-chleachtas a bheith á gcomhroinnt ag scoileanna agus as an gclár taighde a sheolfar chun a chinntiú go dtomhaisfear riachtanais agus an tionchar thar an meántéarma. Is eol do mhúinteoirí agus do bhaill foirne scoile na bealaí is fearr chun tacú lena scoláirí. Is eol dóibh freisin nach dteastaíonn ó na scoláirí sin uaireanta ach tacaíocht bhreise foghlama agus folláine.
“Tríd an gcistiú nua seo is fiú breis agus €52.6 milliún, cuirfear leis an gclár forlíontach a reáchtáiltear um Cháisc agus leis an gclár soláthair samhraidh, ar bhain na mílte leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu tairbhe dhíreach astu cheana féin.
“Tá rún daingean agam cuimsiú agus deiseanna do chách a choinneáil ag croílár ár gcórais oideachais, agus cinnteofar leis an gcistiú seo go ndéanfar amhlaidh.”
Tá an cistiú atá á fhógairt inniu faoi Scéim Foghlama agus Tacaíochta Covid-19 sa bhreis ar an gcistiú breise a gheobhaidh scoileanna le haghaidh bhearta Covid-19 arís eile sa bhliain 2021 chun a chinntiú go mbeidh siad in ann cloí le bearta sláinte poiblí, amhail soláthar foirne breise, maoirseacht bhreise, glantachán breise agus sláintíocht bhreise. Gheobhaidh scoileanna cistiú mionoibreacha freisin chun oibreacha caipitil lena dtacaítear lena n-oibriú sábháilte a chur i gcrích.
Nótaí d’Eagarthóirí
Bhí scoileanna dúnta ar feadh dhá thréimhse sna blianta 2020 agus 2021 agus, cé gur tugadh tús áite don soláthar oideachais speisialta a athoscailt a luaithe ab fhéidir sa bhliain 2021, aithnítear go raibh cur isteach suntasach ann ar an bhfoghlaim ionscoile thar an dá scoilbhliain.
I dteannta na dtacaí suntasacha a soláthraíodh chun go bhféadfadh scoileanna oscailt agus oibriú go hinbhuanaithe i gcomhréir le treoirlínte sláinte agus sábháilteachta poiblí Covid-19, dhírigh an Roinn Oideachais ón tús ar acmhainní agus bearta breise a chur i bhfeidhm chun cabhrú le scoileanna tacú le gach scoláire, go háirithe scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus iad sin atá sa bhaol is mó míbhuntáiste oideachasúil a fhulaingt.
Tá an clár beart breise atá le tairiscint do gach scoil thar an scoilbhliain 2021/2022 ceaptha chun tacú le maolú a dhéanamh ar an tionchar meántéarmach agus fadtéarmach a bheidh ag dúntaí scoile a bhaineann le Covid-19 ar eispéireas foghlama agus oideachasúil scoláirí.
Mionsonraí faoi na bearta:
1. Tacaíocht le haghaidh Idirghabhálacha Spriocdhírithe:
• Soláthrófar uaireanta teagaisc spriocdhírithe breise Covid-19 do gach scoil aitheanta. Féadfaidh scoileanna na huaireanta sin a úsáid chun tacaíocht teagaisc bhreise a thabhairt do dhaltaí atá, dar leis an scoil, i mbaol suntasach caillteanas foghlama a fhulaingt agus/nó i mbaol luathfhágáil scoile de dheasca phaindéim Covid-19.
• Is iad scoláirí a bhfuil na riachtanais speisialta is casta oideachais acu agus scoláirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil a fhulaingt na scoláirí ag a raibh, dar leis an taighde a rinneadh go dtí seo, na deacrachtaí is mó le linn na dtréimhsí dúnta scoile. Glactar leis go dteastóidh ó na scoláirí sin tacaíocht atá de bhreis ar an tacaíocht a fuair siad le linn dóibh freastal ar an ‘gClár Forlíontach’ a tugadh isteach i mí Feabhra 2021 nó ar an gClár Samhraidh leathnaithe a bhí ar siúl i mbliana.
• Ina theannta sin, tá leanaí ann nach mbeadh tacaíocht teagaisc bhreise de dhíth orthu ar scoil de ghnáth ach, mar thoradh ar an tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 orthu agus ar a dteaghlach, amhail tinneas agus méala, a dteastaíonn idirghabháil spriocdhírithe ar feadh tréimhse ghearr uathu anois chun cabhrú leo filleadh ar an mbóthar ceart agus gabháil go hiomlán an athuair don oideachas.
• Is é cuspóir na hidirghabhála seo cabhrú leis na leanaí sin. Beidh a fhios ag scoileanna cé hiad na leanaí sin agus beidh solúbthacht acu tacaíocht bhreise a thabhairt dóibh, de réir mar is gá.
• Soláthrófar bloc uaireanta teagaisc breise do gach scoil bunaithe ar an líon scoláirí atá rollaithe iontu. Féadfaidh scoileanna an bloc sin a úsáid chun tacaíocht teagaisc bhreise a sholáthar do dhaltaí ina scoil atá ag déileáil le deacrachtaí de dheasca phaindéim Covid-19 nó dóibh sin a bhfuil an gá is mó acu le tacaíocht teagaisc bhreise chun gur féidir leo teacht suas leis an am scoile a cailleadh.
• Is mar leithdháileadh sealadach aonuaire don scoilbhliain 2021/22 a sholáthrófar na huaireanta spriocdhírithe breise sin agus is mar uaireanta páirtaimseartha a sholáthrófar do scoileanna iad.
• Tá na leithdháiltí breise le húsáid sa scoilbhliain 2021/22.
2. Deiseanna foghlama comhroinnte
Tabharfar deiseanna foghlama comhroinnte do scoileanna faoi Scéim Foghlama agus Tacaíochta Covid-19, rud a chumasóidh dóibh faisnéis a shainaithint agus a chomhroinnt faoi na nithe ar éirigh leo maidir le caillteanas foghlama a mhaolú agus maidir le tacú le meabhairshláinte agus folláine mheabhrach le linn na paindéime, agus aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna amhail rannpháirtíocht agus gnóthachtáil scoláirí, agus maidir le scoileanna a bhainistiú, ar mhaithe leis an bhfoghlaim chomhroinnte sin a chur in iúl ar fud an chórais oideachais ar fad chun tairbhe do gach scoil agus dalta. Déanfaidh an Roinn eispéiris foghlama comhroinnte a chothú agus a éascú le linn na scoilbhliana 2021/22.
3.Taighde
Leanfaidh Cigireacht na Roinne den taighde ar an tionchar a imríodh ar fhoghlaim agus gnóthachtáil scoláirí ar fud raon réimsí éagsúla mar thoradh ar an gcur isteach ar a n-eispéiris foghlama thar an dá scoilbhliain. Tacóidh sé sin le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an mbeartas oideachais agus ar acmhainní oideachais sa réimse sin idir an meántéarma agus an fadtéarma.
CRÍOCH