English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí

"Le roinnt seachtainí anuas, chuathas i mbun dianphlé cuiditheach le ceardchumainn na múinteoirí iar-bhunscoile maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil na cainteanna sin críochnaithe anois, agus pacáiste tacaíochtaí á thairiscint chun tacú le cur i bhfeidhm Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí ó mhí Mheán Fómhair. Is faoi Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) agus faoi Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) atá sé anois an pacáiste sin a mheas mar chuid dá bpróisis féin.

"Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis an TUI agus leis an ASTI as a bheith páirteach sna cainteanna seo, as a dtiomantas agus go deimhin as a rannchuidiú luachmhar leis na cainteanna seo. Bhí a n-ionchur ríthábhachtach chun ár dtuiscint chomhroinnte ar na dúshláin agus ar na deiseanna atá amach romhainn a mhúnlú.

"Is chun leas na scoláirí dul ar aghaidh le hábhair nua agus leasaithe a thabhairt isteach faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí i mí Mheán Fómhair. Cabhróidh sé leis an mbrú atá ar scoláirí a laghdú, tabharfar aitheantas do réimse níos leithne scileanna agus cinnteoidh sé go bhfuil na scileanna riachtanacha ag scoláirí chun dul chun cinn a dhéanamh agus rath a bheith orthu i ndomhan atá ag athrú go tapa.

"Ní hamháin go gcabhróidh na tacaíochtaí seo le múinteoirí agus le scoileanna Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a chur i bhfeidhm, ach cinnteoidh siad sa deireadh go mbainfidh scoláirí ar fud na tíre tairbhe as an tSraith Shinsearach athbhreithnithe. Cuireann an comhaontú seo roinnt tacaíochtaí tábhachtacha ar fáil do mhúinteoirí, do scoláirí agus do scoileanna lena chinntiú go gcuirfear Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí i bhfeidhm go rathúil.

"Táim ag tnúth le leanúint ar aghaidh le dlúthchomhoibriú leis an ASTI agus leis an TUI agus go deimhin leis na comhlachtaí ionadaíocha go léir, agus muid ag obair le chéile chun Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a neartú agus tacú léi."

I measc phríomhfhorálacha an phacáiste tá:

  • Deimhniú ar Fhógra an Aire an 21 Aibreán, lena ndéantar leasú ar na socruithe maidir le conarthaí buana a thabhairt do mhúinteoirí;
  • Athruithe, ar bhonn eatramhach, ar fheidhmiú na comhpháirte scoile uile de shocruithe Uaireanta Pháirc an Chrócaigh (CPH) de réir mar a bhaineann siad le múinteoirí;
  • Deimhniú ar an mbealach ar féidir le múinteoirí iar-bhunscoile an clásal a bhaineann le margántaíocht áitiúil i gComhaontú na hEarnála Poiblí a shásamh mar chúiteamh ar na méaduithe tuarastail faoin gComhaontú sin;
  • Poist freagrachta ar leith chun tacú le feidhmiú an chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí (SCR);
  • Grúpaí oibre éagsúla a bhunú chun tacú le feidhmiú an chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí (SCR) agus chun monatóireacht a dhéanamh air, lena n-áirítear i réimsí a bhaineann le IS, feidhmiú an chomhaontaithe seo agus ualach oibre i scoileanna;
  • Tiomantas d'athbhreithnithe luath agus tapa maidir le feidhmiú sonraíochtaí ábhair athbhreithnithe, lena n-áirítear feidhmiú a socruithe measúnaithe agus treochtaí atá ag teacht chun cinn i leibhéil ghlactha na scoláirí;
  • Forbairt a dhéanamh ar an gceart maidir le polasaí is infheidhme maidir le scoileanna a dhícheangal; agus,
  • Tacaíochtaí atá sainiúil don ábhar agus atá dírithe ar na hábhair i dTráinse 1, lena n-áirítear ardú ar mhéid an deontais bhliantúil reatha don Fhisic agus don Cheimic agus leathnú a dhéanamh ar a raon feidhme chun Bitheolaíocht agus Eolaíocht Talmhaíochta a chur san áireamh ann.

Nótaí don eagarthóir

Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach in 2016 agus fógraíodh clár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí i mí an Mhárta 2022. Ó shin i leith, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le feidhmiú an chláir athfhorbartha.

Ag deireadh na bliana in 2024, d'iarr an dá cheardchumann iar-bhunscoile go gcuirfí gnéithe áirithe den Chlár SCR ar sos. Go háirithe, lorgaíodh go gcuirfí ar sos tabhairt isteach seacht gcinn de na naoi n-ábhar nua agus leasaithe i dTráinse 1, a bhí ceadaithe ag an Aire ag an am lena dtabhairt isteach i scoileanna do scoláirí ag tosú sa chúigiú bliain i mí Mheán Fómhair 2025.

Mar fhreagra ar na hiarratais sin, chuir an Roinn dlús lena plé díreach leis na ceardchumainn chun tuiscint a fháil ar na hábhair imní a ardaíodh agus freagairt dóibh, agus soiléiriú á lorg aici maidir leis na gnéithe den chlár SCR a bhí san áireamh san iarratas ar an bhfeidhmiú a chur ar sos, agus plé á dhéanamh aici ar na himpleachtaí a bhainfeadh le moill ar bith.

Rinne an Roinn iarracht tuiscint a fháil ar an gcaoi ar chreid na ceardchumainn go bhféadfaí an sos a iarraidh maidir leis an bhfeidhmiú a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhí léirithe acu. Chuir an ASTI agus an TUI araon aighneacht i scríbhinn faoi bhráid na Roinne i mí an Mhárta inar leagadh amach a dtuairimí. Tá na haighneachtaí sin san áireamh sna haguisíní a ghabhann leis an doiciméad seo mar thagairt agus is féidir a thabhairt faoi deara go gcuimsíonn siad nithe a bhaineann go díreach le SCR agus nithe de chineál níos ginearálta, lena n-áirítear éilimh sheanbhunaithe nó éilimh nár réitíodh fós a rinne na ceardchumainn roimhe seo.

Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar iarratas na gceardchumann ar shos agus ar na haighneachtaí a fuarthas, ar an 8 Aibreán 2025, scríobh an tAire McEntee chuig na ceardchumainn ag deimhniú go leanfaí ar aghaidh le feidhmiú an chláir le tabhairt isteach Thráinse 1 i mí Mheán Fómhair 2025 mar a fógraíodh roimhe seo. Tá litreacha an Aire chuig Uachtaráin na gceardchumann san áireamh sna haguisíní freisin.

Ina litreacha, luaigh an tAire McEntee gur cuireadh tús leis an mbreithniú ar Athbhreithniú na Sraithe Shinsearaí in 2016, agus go raibh rannpháirtíocht shuntasach le páirtithe leasmhara lena n-áirítear múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí ag gach céim ina dhiaidh sin. Luaigh an tAire freisin go raibh leasuithe suntasacha déanta cheana féin ag teacht le tuairimí an dá cheardchumann agus mar fhreagairt dá dtuairimí ó fógraíodh an clár SCR go foirmiúil in 2022.

Lean an tAire ar aghaidh agus aird á tarraingt aici ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le feidhmiú an chláir SCR, agus an gealltanas atá i gClár an Rialtais 2025 "leanúint leis an gclár athchóirithe ar an tSraith Shinsearach lena chinntiú go mbainfidh scoláirí tairbhe as curaclaim atá cothrom le dáta, forbairt agus measúnuithe scileanna agus inniúlachtaí níos éagsúla, agus leibhéil struis laghdaithe."

Cé gur thug sí aitheantas do na hábhair imní a d'ardaigh ionadaithe múinteoirí, chinn an tAire nárbh é leas na scoláirí moill bhreise a chur ar na hamlínte a fógraíodh roimhe seo. Agus an seasamh sin á dhaingniú aici, thug an tAire aitheantas do na moltaí a rinne na ceardchumainn ina n-aighneachtaí i mí an Mhárta, agus thug sí gealltanas go ndéanfadh a hoifigigh dianphlé leo chun a fháil amach conas is fearr is féidir tacaíocht a thabhairt do scoileanna, do mhúinteoirí agus do scoláirí chun na huaillmhianta atá taobh thiar den chlár SCR a bhaint amach.

Lean oifigigh agus ionadaithe na gceardchumann ar aghaidh ag bualadh le chéile go minic chun na tacaíochtaí sin a phlé, agus mar thoradh air sin eisíodh an doiciméad chuig na ceardchumainn inniu. Is ionann an doiciméad seo agus togra a d'fhorbair an Roinn agus ceardchumainn na múinteoirí iar-bhunscoile maidir leis an gcaoi a dtacófar tuilleadh le feidhmiú an chláir athfhorbartha amach anseo. Má ghlacann na ceardchumainn leis, beidh sé mar bhunús le comhaontú comhchoiteann náisiúnta idir an Roinn agus ceardchumainn na múinteoirí.

Tá doiciméad na mBeart Tacaíochta um Fheidhmiú Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí ar fáil anseo.