Tuairiscíonn Cigireacht na Roinne Oideachais ar oideachas le haghaidh leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna príomhshrutha.
- Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil théamach inniu ar an soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna príomhshrutha.
Tá an tuarascáil, I dTreo Eispéiris Foghlama ar Ardchaighdeáin do Chách: Soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, bunaithe ar thorthaí cigireachtaí a rinneadh i seacht mbunscoil déag agus in dhá iar-bhunscoil déag in 2023. Aithnítear ann an dea-chleachtas atá in an-chuid bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus tacaíocht á tabhairt do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus éilítear freagairt chórais uile d’fhonn tacú le scoileanna freastal ar a gcuid riachtanas sna timpeallachtaí is ionchuimsithí agus is féidir.
Díríodh ar cháilíocht an teagaisc, ar fhoghlaim leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus ar bhainistíocht agus úsáid acmhainní na scoile d’fhonn tacú leo sna cigireachtaí atá san áireamh sa tuarascáil. Scrúdaigh cigirí freisin éifeachtacht na struchtúr a bhí ann chun ionchuimsiú agus forbairt iomlánaíoch daoine óga a chothú sna hiar-bhunscoileanna.
Thángthas ar go leor samplaí de theagasc éifeachtach ar fud na scoileanna sna cigireachtaí. Fuarthas go raibh cáilíocht iomlán an teagaisc agus na foghlama le haghaidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu go maith nó go han-mhaith sa chuid ba mhó de na scoileanna ag an mbunleibhéal. Fuarthas go raibh na caidrimh idir na daoine óga agus a múinteoirí, agus idir na daoine óga agus a bpiaraí, an-dearfach in go leor scoileanna ag an iar-bhunleibhéal, agus go raibh struchtúir éifeachtacha i bhfeidhm sa chuid ba mhó acu chun tacú le hionchuimsiú.
Thángthas ar réimsí ar gá iad a fheabhsú sna cigireachtaí freisin chun a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh agus duine óg a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu oideachas ar ardchaighdeáin. Mar shampla,
- Bhí scóip ann chun cleachtais mheasúnaithe a fheabhsú i mbeagnach dhá thrian de na bunscoileanna, agus, ag an iar-bhunleibhéal, bhí laigí sna cleachtais mheasúnaithe ar fud na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu.
- Cruthaíonn an chaoi ina ndéanann go leor de na hiar-bhunscoileanna tráthchlárú ar na ranganna tacaíochta le haghaidh daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais an baol go mbeidh seachadadh na dtacaíochtaí dícheangailte.
- Ar an iomlán, ba ghá do scoileanna na hacmhainní a fhaigheann siad a bhainistiú ar bhealach ní b’éifeachtaí chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Déantar moltaí sa tuarascáil chun aghaidh a thabhairt ar na príomhréimsí le haghaidh feabhsúcháin a aithníodh sna cigireachtaí. Dírítear leis na moltaí seo ar chleachtais mheasúnaithe a fheabhsú ar fud na scoileanna go léir, úsáid an chomhaid tacaíochta daltaí a fheabhsú, cinnte a dhéanamh de go mbaineann múinteoirí an úsáid is fearr as cuir chuige múinteoireachta foirne agus tacú le gach iar-bhunscoil chun a n-acmhainní breise teagaisc a thráthchlárú ar bhonn níos éifeachtaí.
Agus í ag foilsiú na tuarascála, dúirt an Príomhchigire, Yvonne Keating:
“Tugtar aitheantas sa tuarascáil seo don dea-chleachtas maidir le tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in go leor bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Leagtar béim inti freisin ar réimsí tábhachtacha ar gá iad a fheabhsú chun a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh agus duine óg eispéiris foghlama ar ardchaighdeáin. I measc na réimsí tá eagrú ceachtanna tacaíochta in iar-bhunscoileanna agus cleachtais mheasúnaithe ar fud bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Tá an Chigireacht tiomanta de bheith ag obair le gach páirtí leasmhar chun moltaí na tuarascála a chur i bhfeidhm.”
D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley T.D., roimh fhoilsiú na tuarascála, ag rá:
“Feicimse an soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu mar ghné lárnach i misean na Roinne maidir le tacú le hoideachas ardcháilíochta agus eispéiris foghlama a fheabhsú chun freastal ar riachtanais gach linbh agus duine óig. Tá áthas orm go ndíríonn an tuarascáil seo aird ar ghnéithe den dea-chleachtas atá in go leor de na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Tuigim freisin gur aithníodh sa tuarascáil réimsí le haghaidh forbartha agus ní mór iad seo a bhreithniú go cúramach. Dá réir sin, fáiltím roimh mholtaí na tuarascála, a bheidh an-úsáideach de réir mar a leanann mo Roinn leis an obair ar acmhainn a thógáil ar fud an chórais chun freastal ar riachtanais leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá an tuarascáil tráthúil freisin agus mo Roinn ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm comhairle bheartais a fuarthas le déanaí ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta: ‘Oideachas Uilechuimsitheach do Shochaí Uilechuimsitheach’.”
D’fháiltigh an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Ionchuimsiú, Hildegarde Naughton T.D., freisin roimh fhoilsiú thuarascáil na Cigireachta ag rá:
“Tá soláthar éifeachtach do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu lárnach chun córas ionchuimsitheach oideachais a chur chun cinn ina dtacaítear leis an uile dhuine chun a lánacmhainneacht a bhaint amach. Díríonn an tuarascáil seo aird ar roinnt láidreachtaí inár scoileanna agus aithnítear réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh oibre.
“Mar shampla, tá sannachán acmhainní breise teagaisc do scoileanna fíorthábhachtach chun eispéiris foghlama ar ardcháilíocht a thabhairt do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá sé de dhualgas ar scoileanna cinnte a dhéanamh de go mbaintear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní breise seo chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
“Tá áthas orm a rá gur rinneadh athbhreithniú cuimsitheach le hocht mhí dhéag anuas ar ábhar treorach agus tacaíochtaí eile le haghaidh scoileanna chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Beidh treoir nuashonraithe á eisiúint ag an Roinn chuig scoileanna sna seachtainí amach romhainn dá bharr, treoir a bheidh ina cabhair mhór do scoileanna agus iad ag tabhairt faoi an-chuid de mholtaí na tuarascála seo.”
Rinne an Roinn, i gcomhar leis an gCigireacht, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO), an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus ár bpáirtithe oideachais leasmhara athbhreithnithe ar na tacaíochtaí a sholáthraítear do scoileanna le hocht mí dhéag anuas. Ag eascairt as an obair seo, eiseoidh an Roinn roinnt cáipéisí treorach agus acmhainní lárnacha go gairid, mar aon le ciorclán nua d’fhonn tacú le scoileanna agus soláthar á eagrú acu le haghaidh leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Déanfaidh na cáipéisí seo na príomhcheisteanna a ardaíodh i dtuarascáil na Cigireachta a phlé agus tabharfar treoir do scoileanna iontu ar réimsí lena n-áirítear imlonnú agus úsáid an leithdháileadh teagaisc um oideachas speisialta, creat an Chontanaim Tacaíochta, Comhaid Tacaíochta Daltaí agus Plean Tacaíochta Daltaí, cleachtais ionchuimsitheacha scoile uile agus socrú éifeachtach tráthchláir.
Tá fáil ar an tuarascáil iomlán ag: gov - Foilseacháin na Cigireachta (www.gov.ie)
Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig inspectorate@education.gov.ie .
Nótaí don Eagarthóir
Tuilleadh eolais ar an soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna príomhshrutha
- Is é fís na Roinne Oideachais ná córas oideachais ina mothaíonn gach leanbh agus duine óg go bhfuil meas orthu, go gcuimsítear iad agus go dtacaítear leo chun a lánacmhainneacht a fhorbairt agus a bhaint amach.
- Cuireann an Roinn raon leathan tacaíochtaí ar fáil do gach scoil chun gach leanbh agus duine óg a chuimsiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn acu maidir lena lánacmhainneacht a bhaint amach.
- Rinne an Roinn, i gcomhar leis an gCigireacht, SNSO, CNOS agus ár bpáirtithe oideachais leasmhara athbhreithnithe ar na tacaíochtaí a sholáthraítear do scoileanna le hocht mí dhéag anuas. Ag eascairt as an obair seo, eiseoidh an Roinn roinnt cáipéisí treorach agus acmhainní lárnacha go gairid, mar aon le ciorclán nua in áit na gciorclán atá ann cheana féin. Beidh sé seo mar thaca do scoileanna agus soláthar á eagrú acu le haghaidh leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
- Déanfaidh na cáipéisí seo na príomhcheisteanna a ardaíodh i dtuarascáil na Cigireachta a phlé agus tabharfar treoir do scoileanna iontu ar réimsí lena n-áirítear imlonnú agus úsáid an leithdháileadh teagaisc um oideachas speisialta, creat an Chontanaim Tacaíochta, Comhaid Tacaíochta Daltaí agus Plean Tacaíochta Daltaí, cleachtais ionchuimsitheacha scoile uile agus socrú éifeachtach tráthchláir.
- Bhí fiche haon rang speisialta sna scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Bíonn ranganna speisialta lonnaithe i scoileanna príomhshrutha. Tá siad ann chun timpeallacht thacúil foghlama a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga nach féidir leo an curaclam a rochtain i rang príomhshrutha, fiú le tacaíocht, don chuid is mó don lá scoile nó don lá scoile ar fad. Tá siad mar chuid de chontanam soláthair oideachais a chuireann ar chumas leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu oideachas a fháil, i ngrúpaí ranga níos lú, laistigh dá scoileanna príomhshrutha áitiúla. Freastalaíonn beagnach gach rang speisialta ar leanaí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu; freastalaíonn líon beag ar leanaí a bhfuil lagú éisteachta orthu, ar leanaí a bhfuil míchumais ghinearálta éadroma foghlama acu nó ar leanaí a bhfuil il-mhíchumais acu. Tá liosta iomlán na ranganna speisialta ar fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta anseo.
- Cuireann an CNOS cuid mhór tacaíochtaí ar fáil do cheannairí scoile, do mhúinteoirí oideachais speisialta agus d’fhoirne iomlána chun cabhrú leo gnéithe dá soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a fheabhsú, lena n-áirítear tacaíocht do mheasúnú agus pleanáil, Comhaid Tacaíochta Daltaí, comhtheagasc agus scoileanna cuimsitheacha a threorú.
- Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais seirbhísí síceolaíochta oideachais ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear rochtain ar raon acmhainní teagaisc agus measúnaithe chun tacú le heispéiris foghlama ar ardchaighdeáin a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
- Tá Creat Contanam Tacaíochta na Roinne Oideachais deartha chun cabhrú le scoileanna riachtanais speisialta oideachais a aithint agus freagairt dóibh. Aithnítear sa Chreat go dtarlaíonn riachtanais speisialta oideachais ar chontanam, ó éadrom go níos suntasaí, agus ó neamhbhuan go buan, agus go bhféadfadh na riachtanais athrú le himeacht ama. Cuireann sé ar chumas scoileanna dul chun cinn leanaí agus daoine óga a phleanáil, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a athbhreithniú.