Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Rúnaí Cúnta do Seirbhísí Comhroinnte, Párolla, Pinsean, Tacaíocht TF

Tá clár fairsing athchóirithe á phleanáil agus á chur chun feidhme ar fud na hearnála oideachais agus oiliúna faoi láthair, lena n-áirítear roinnt mórthionscadal Seirbhísí Comhroinnte atá ar bun chun tacú leis an earnáil i réimsí amhail airgeadas, párolla agus soláthar.

Cuireann an Rannóg Párolla seirbhísí párolla ar fáil d’fhoirne teagaisc agus d’fhoirne neamhtheagaisc ag bunscoileanna, ag meánscoileanna deonacha agus ag scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Íoctar le pearsanra scortha tríd an tseirbhís seo freisin.

Déanann an Rannóg Pinsean an scéim pinsean do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta acu a riar. Soláthraíonn an t-aonad freisin comhairle polasaí agus eolais ar phinsin do Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) d’Institiúidí Teicneolaíochta agus do Choláistí Oideachais.

Tacaíonn an tAonad TF le baint amach chuspóirí gnó na Roinne trí sholáthar córas agus seirbhísí TF.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat