Runaí Cúnta do Rannán Scoileanna
- Foilsithe: 19 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Runaí Cúnta do:
- comhlíonann an tAonad Pearsanra um Airgeadas Riarachán na Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) réimse d’fheidhmeanna oibríochta agus tacaíochta agus cuireann sí acmhainní ar fáil maidir le deontais a íoc leis na Boird Oideachais agus Oiliúna, agus bíonn sí ag feidhmiú maidir le caidreamh foirne agus pearsanra i dtaca leis na BOOnna
- comhlíonann an tAirgeadas Scoileanna agus Bunachar Sonraí réimse d’fheidhmeanna oibríochta agus tacaíochta maidir le deontais a íoc. Déanann an rannóg seo bainistiú freisin ar dhaonáireamh bliantúil ar dhaltaí iarbhunscoileanna (torthaí Dheireadh Fómhair) agus ar an mBunachar Sonraí Daltaí Iar-bhunscoile (P-POD)
- riarann an tAonad um Thuismitheoirí agus Fhoghlaimeoirí achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais, tugann siad comhairle do thuismitheoirí agus do dhaltaí maidir le feidhmiú na nósanna imeachta um ghearáin scoileanna agus imeachtaí na Roinne um Chosaint Leanaí
- is é ról an tAonad Pholasaí um Leithdháileadh Múinteoirí poist mhúinteoireachta a leithdháileadh ar scoileanna agus ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna)
- tacaíonn an tAonad Polasaí agus Rialachas Scoileanna le rialachas, bainistíocht agus feidhmíocht éifeachtach scoileanna
- Oideachas múinteoirí idir oideachas tosaigh do mhúinteoirí forbairt ghairmiúil leanúnach (CPD)