BLAST: Ealaíon san Oideachas
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 21 Aibreán 2026
BLAST: Na hEalaíona Beo a Thabhairt chuig Daltaí & Múinteoirí
Na hEalaíona Beo a Thabhairt chuig Daltaí & Múinteoirí (BLAST) i mBunscoileanna, i Scoileanna Speisialta agus in Iar-Bhunscoileanna agus in Ionaid Ógtheagmhála
Oibríonn daltaí i scoileanna ar fud na tíre le healaíontóirí gairmiúla/cleachtóirí cruthaitheacha ar thionscadail shamhlaíocha agus lúcháireacha. Tugann BLAST an t-am agus an spás dóibh chun cónaitheachtaí nuálacha a dhearadh agus a fhorbairt atá ceaptha chun a gcruthaitheacht a chothú agus a scileanna comhoibrithe, a smaointeoireacht chriticiúil agus a gcumas réitithe fadhbanna a fhorbairt.
Príomhthionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige is ea BLAST, cuid den Phlean Óige Ildánach 2023-2027. Tá sé á reáchtáil ag líonra Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ESCI) trína 21 ionad oideachais lánaimseartha ar fad agus á chomhordú go náisiúnta ag oifig Náisiúnta na nEalaíon san Oideachas in Ionad Tacaíochta Oideachais Thrá Lí.
Conas a oibríonn BLAST
Gach bliain, déanann scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála iarratas ar Chónaitheacht BLAST trí nasc láraithe. Déanann a ESC lánaimseartha áitiúil na hiarratais a phróiseáil ansin.
Tá Clár d’Ealaíontóirí agus Cleachtóirí Cruthaitheacha BLAST ag gach ionad atá oilte chun na cónaitheachtaí sin a sheachadadh agus a bhfuil grinnfhiosrúcháin déanta orthu ag an nGarda Síochána. Tá an Clár BLAST eagraithe de réir ealaíontóra/cleachtóra chruthaitheach agus disciplíne. Áiríonn sé oiliúint riachtanach, samplaí d’obair roimhe seo agus taithí ábhartha i gcomhthéacs oideachais agus pobail. Féadfaidh scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála cur isteach ar cheann de na cleachtóirí cruthaitheacha seo chun oibriú leo. Déanann ESCanna áitiúla an íocaíocht do chleachtóirí cruthaitheacha a riaradh rud a bhaineann an t-ualach riaracháin ó mhúinteoirí agus ó scoileanna.
Tá breis agus 600 gairmí oilte cláraithe ar Chlár na nEalaíontóirí agus na gCleachtóirí Cruthaitheacha go náisiúnta.
An preasráiteas is déanaí: Fógraíonn an tAire McEntee sonraí faoi chláir na hÓige Ildánach lena n-áirítear uirlis nua mapála sonraí