English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Bord Achomharc um Iompar Scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 26 Iúil 2022


Cé Sinn

Is ionann an Bord Achomharc um Iompar Scoile agus Comhlacht Neamhspleách arna cheapadh ag an Aire Stáit ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.


Cad a dhéanaimid

Scrúdaíonn Bord na nAchomharc Iompar Scoile achomhairc atá déanta in aghaidh an phróisis iarratais ar iompar scoile i dtaca le seirbhísí iompar scoile a sholáthar agus/nó cúnamh deontais a thabhairt faoi théarmaí na Scéimeanna Iompar Scoile, agus déanann an Bord cinntí fúthu freisin.


Incháilitheacht

Féadann tuismitheoirí daltaí, nó daltaí a bhfuil 18 mbliana bainte amach acu, achomharc a dhéanamh.

Féadtar achomharc a dhéanamh ar chinntí arna ndéanamh ag an Roinn faoi théarmaí na scéimeanna iompair scoile agus/nó ar chúnamh deontais faoi théarmaí na scéimeanna iompair scoile.

Ní mór achomhairc a chur isteach laistigh de 28 lá féilire ón dáta a cuireadh an cinneadh in iúl.

Níl aon táille ar achomharc a dhéanamh.


Conas iarratas a dhéanamh

Cuir isteach “Foirm Achomharc” ar líne tríd an nasc www.schooltransportappeals.ie

Mura bhfuil tú in ann achomharc ar líne a chur isteach, cuir isteach Foirm Achomharc chuig Bord na nAchomharc Iompar Scoile, f/ch. An Roinn Oideachais agus Scileanna, Bóthar Phort Laoise, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí. R35 Y2N5.

Molann an Roinn duit go mór go gcuireann tú an t-eolas agus na doiciméid uile a bhaineann le hachomharc isteach go leictreonach tríd an suíomh gréasáin sábháilte www.schooltransportappeals.ie nó go gcuireann tú iad isteach mar chóip chrua tríd an bpostas cláraithe. Sa chás go roghnaíonn an t-achomharcóir nó a (h)ionadaithe an t-eolas nó na doiciméid a chur isteach ar bhealach eile, beidh sé seo á dhéanamh ar phriacal an duine féin a sheolann iad agus ní bheidh an Roinn ná Bord na nAchomharc Iompar Scoile freagrach as a leithéid d’earraí a choinneáil slán ná a choinneáil sábháilte.

Bíonn cruinnithe Bhord na nAchomharc Iompar Scoile ar siúl uair amháin sa mhí.

Foirm um Achomhairc Iompar Scoile – STA1
Amharc amharc
Téarmaí Tagartha agus Nósanna Imeachta maidir le hAchomhairc Iompair Scoile
Amharc amharc

Teagmháil

School Transport Appeals Board

Seoladh:
School Transport Appeals Board, c/o Department of Education and Skills, Portlaoise Road, Tullamore, County Offaly, R35 Y2N5
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

schooltransportappealsboard@education.gov.ie


Féach Freisin