Cláir Feabhsúcháin Bainistíocht Aispeiste
- Foilsithe: 10 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 3 Aibreán 2024
Réamhrá
Is ábhar guaiseach í aispeist a fhéadann drochéifeachtaí tromchúiseacha fadtéarmacha a bheith aici ar shláinte na ndaoine atá nochta dá snáithíní. Aicmítear é mar charcanaigin Aicme 1.
Ní mór d’Údaráis Scoile áirithiú nach n-úsáidtear ach conraitheoirí faofa bainte aispeiste le haghaidh na bainte agus na diúscartha ábhar aispeiste óna gcuid scoileanna, más gá, le linn aon tionscadail tógála nó athchóirithe agus níor cheart i gcás ar bith conraitheoirí neamhfhaofa a úsáid. Tá liosta de chonraitheoirí inniúla aispeiste agus de chomhairleoirí teicniúla mar aon le tuilleadh treoirlínte ar fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne. (Soláthar naisc anseo le doiciméid eile ar Bhainistíocht Aispeiste).
Is ábhar do Reachtaíocht í baint agus diúscairt ábhair aispeiste, go háirithe na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht), 2006, I.R. Uimh. 504 de 2006 agus na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Nochtadh don Aspeist) (Leasú), I.R. Uimh. 589 de 2010. Tá faireachán agus baint na n-ábhar sin, mar aon lena ndiúscairt, faoi réir nósanna imeachta dochta agus ní mór do dhaoine inniúla amháin tabhairt fúthu.
Sholáthair an Roinn deontas d’Údaráis Bhainistíochta Scoile chun cabhrú leo ábhair aispeiste a bhaint nuair is gá.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do scoileanna iarratas a dhéanamh go díreach leis an Roinn trí úsáid a bhaint as Foirm Iarratais ar Oibreacha Éigeandála de chuid na Roinne