Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Díolúine ó Staidéar na Gaeilge


Cad é Díolúine ó staidéar na Gaeilge?

Táthar ag súil go mbeidh deis ag gach páiste a fhaigheann oideachas in Éirinn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar chaighdeán cuí agus tá an Ghaeilge san áireamh mar chroí-ábhar sa churaclam náisiúnta do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna aitheanta agus d'ionaid oideachais in Éirinn. I gcúinsí eisceachtúla áirithe, d'fhéadfaí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a dheonú do dhalta bunscoile nó dalta iar-bhunscoile. Tá an t-údarás ag bainistíocht na scoile díolúine a dheonú sna cúinsí eisceachtúla sin atá leagtha amach san imlitir chuí.

Leagtar amach na riachtanais maidir le díolúine a dheonú sna Ciorcláin:

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge?

Déanann tuismitheoir/caomhnóir nó an scoláire (18 mbliana d'aois agus níos sine) iarratas ar dhíolúine i scríbhinn chuig príomhoide na scoile thar ceann a linbh/iad féin. Ba chóir an chúis go bhfuil an díolúine á lorg a leagan amach san iarratas. Ní bhreithneofar leanbh le haghaidh díolúine ach amháin i gcásanna ina dtagann a c(h)uid cúinsí oideachais faoi na forálacha atá leagtha amach in imlitir 0054/2022 (Bunscoil )nó in imlitir 0055/2022 (Iar-bhunscoil) ón Roinn.


Sula ndéantar iarratas ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge, ba chóir d'iarratasóirí an t-iarratas a phlé leis an scoil agus is féidir na ceisteanna coitianta sa rannán Tuilleadh Eolais ar an leathanach seo a léamh.

Primary application form for an exemption from the study of Irish
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Post-primary application form for an exemption from the study of Irish
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Achomharc a dhéanamh ar cinneadh gan díolúine a dheonú

I gcás go ndiúltaítear iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, tá sé de cheart ag tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) (nó an scoláire féin agus iad 18 mbliana d'aois agus níos sine) achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge.

Déanfaidh an Coiste cinneadh maidir leis an díolúine a dheonú nó nach bhfuil, cuirfidh sé an scoil ar an eolas faoin gcinneadh agus iarrfaidh sé ar an scoil éifeacht a thabhairt dá cinneadh.

Caithfear achomharc a chur isteach laistigh de 30 lá féilire ón dáta ar cuireadh cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí nó don chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Primary appeal form
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Post-primary appeal form
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Tuilleadh Eolais

Teagmháil

Enquiries on the Irish exemption circulars

Seoladh:
Curriculum and Assessment Policy Unit, Department of Education, Dublin 1, Marlborough Street, D01 RC96
Ríomhphost:

CAP_Helpdesk@education.gov.ie

Teileafón:
01 889 2257 / 01 889 2384

Enquiries on the Irish exemption appeals process

Seoladh:
Schools Financial and Database Section, Department of Education, Cornamaddy, Co. Westmeath, Athlone, N37 X659
Ríomhphost:

irishexemptionappeal@education.gov.ie

Teileafón:
0906 483 999;
0906 483 896;
0906 481 354

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat