Help My Kid Learn
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 7 Meán Fómhair 2021
Áirítear leis an straitéis náisiúnta Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol raon gníomhartha chun cur ar chumas tuismitheoirí agus pobal tacú le foghlaim leanaí. Aithnítear sa straitéis go n-imríonn tuismitheoirí a mbíonn páirteach i bhfoghlaim a linbh ról dearfach suntasach ar ghnóthachtáil oideachais an linbh – go háirithe sa litearthacht agus san uimhearthacht.
Mar chuid den straitéis seo, d’iarr an Roinn ar an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA) béim a leagan ar an ról a imríonn tuismitheoirí agus pobail maidir le feabhas a chur ar litearthacht agus uimhearthacht leanaí trí úsáid a bhaint as na meáin, as acmhainní ar líne agus as formhuinithe ó iomráitigh.
D’fhonn é sin a bhaint amach, d’fhorbair NALA Help My Kid Learn – ar suíomh gréasáin simplí é a thugann faisnéis ábhartha do thuismitheoirí agus don phobal níos leithne le chéile chun tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta leanaí.
Is é cuspóir an tsuímh ghréasáin seo gníomhaíochtaí spraoi a chur ar fáil is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh lena gcuid leanaí chun a scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt. Cuimsíonn sé faisnéis ghinearálta, gníomhaíochtaí spraoi agus leideanna úsáideacha. Tá an suíomh Help My Kid Learn ina shuíomh gréasáin inar féidir le daoine a fheiceáil gur gníomhaíocht nádúrtha, éasca agus spraoi é tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta linbh agus gur féidir í a chomhtháthú in aon chuid dá lá.
Tá raon leathan grúpaí reachtúla agus deonacha ag leibhéal an phobail cheana féin a thacaíonn le forbairt litearthachta agus uimhearthachta leanaí agus daoine fásta. Is é aidhm an tsuímh seo a bheith ag obair leo, agus tacaíocht a thabhairt do gach ceann de na hiarrachtaí sin, trí phointe tagartha aonair a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ionas gur féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar an ról atá acu i bhforbairt litearthachta agus uimhearthachta a gcuid leanaí.