Laethanta saoire scoile dátaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Laethanta saoire scoile dátaí


Laethanta Saoire an tSamhraidh

Ní mór do scoileanna a bheith oscailte ar feadh 166 lá ar a laghad ag an leibhéal iarbhunscoile agus ar feadh 182 lá ag an leibhéal bunscoile. Níl caighdeánú déanta ar laethanta saoire an tsamhraidh agus tá cead ag scoileanna laethanta lánroghnacha a úsáid chun tús agus deireadh cruinn na scoilbhliana a shocrú.

Athosclaíonn na scoileanna le linn na seachtaine ina bhfuil an 1ú Meán Fómhair, de ghnáth. Mar sin féin, d’fhéadfadh an scoilbhliain tosú sa tseachtain roimh sheachtain an 1ú Meán Fómhair chun go gcomhlíonfar an riachtanas foriomlán, is é sin, 166 lá scoile ag an leibhéal iarbhunscoile agus 182 lá scoile ag an leibhéal bunscoile ar a laghad a chur ar siúl.

Sosanna caighdeánaithe don Nollaig, don Cháisc agus don lár-théarma

Tá na sosanna caighdeánaithe don Nollaig, don Cháisc agus don lár-théarma sa chéad agus sa dara téarma de na scoilbhlianta 2020/21, 2021/22 agus 2022/23 le fáil faoi:

0005/2020
Caighdeánú na Scoilbhliana i leith Bunscoileanna & Iar-bhunscoileanna do na scoilbhlianta 2020/21, 2021/22 agus 2022/23
Amharc amharc

Tá na sosanna caighdeánaithe don Nollaig, don Cháisc agus don lár-théarma sa chéad agus sa dara téarma de na scoilbhlianta 2023/24, 2024/25 agus 2025/26 le fáil faoi:

0072/2022
Caighdeánú na Scoilbhliana i leith Bunscoileanna & Iar- bhunscoileanna do na scoilbhlianta 2023/24, 2024/25 agus 2025/26
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Tá na sosanna caighdeánaithe don Nollaig, don Cháisc agus don lár-théarma sa chéad agus sa dara téarma de na scoilbhlianta 2026/2027, 2027/2028 and 2028/2029 le fáil faoi:

0018/2026
Is í is aidhm leis an gciorclán seo ná údaráis bhainistíochta a chur ar an eolas i dtaobh an chomhaontaithe atá bainte amach idir na páirtithe leis an gComhairle Eadrána do Mhúinteoirí maidir le caighdeánú sosanna na Nollag, na Cásca agus an lár-téarma sa chéad agus sa dara téarma de na scoilbhlianta 2026/27, 2027/28 agus 2028/29. Cuireann an ciorclán treoir ar fáil d'údaráis scoile freisin maidir leis an ngá atá le socruithe teagmhasacha a dhéanamh chun deileáil le dúnta scoile fada gan choinne.
Amharc amharc
Plean teimpléid teagmhais
Is féidir le scoileanna an plean teimpléid teagmhais a úsáid chun socruithe a leagan amach chun am caillte mar gheall ar dhúnadh fada gan choinne a chúiteamh.
Amharc amharc

Teagmháil

School Governance Section

Seoladh:
School Governance Section, Department of Education and Youth, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath, N37 X659
Ríomhphost:

schoolgovernance@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3600

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat