Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Malartú Múinteoirí do Mhúinteoirí Bunscoile



Cur síos

Is é atá i gceist leis an scéim um athshannadh sealadach le haghaidh múinteoirí bunscoile ná socrú a éascú idir beirt mhúinteoirí incháilithe, le cead óna bhfostóirí faoi seach, inar féidir leo iarratas a dhéanamh ar athshannadh sealadach chuig scoil éagsúil chun críocha oideachasúla. Is é an tréimhse is lú d’athshannadh sealadach faoin scéim seo ná scoilbhliain amháin agus is é an uastréimhse ná trí scoilbhliana.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Scéim um Athshannadh Sealadach do Mhúinteoirí Bunscoile (PDF, from page 126) atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal ”Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna aitheanta”.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór do mhúinteoir, gach bliain, an Fhoirm Iarratais in Aguisín A (PDF, from page 129)a chomhlánú agus í a chur isteach go dtí a f(h)ostóir chomh luath agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 1ú Feabhra sula dtosaíonn an scoilbhliain ina bhfuil i gceist aige/aici tús a chur (nó i gcás múinteora atá ag iarraidh cur le socrú atá ann cheana féin) nó leanúint ar aghaidh leis an athshannadh sealadach.

0054/2019
Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta
Amharc amharc

Teagmháil