Scéim Iomarcaíochta na gCúntóirí Riachtanas Speisialta (SNA)
- Foilsithe: 6 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 24 Nollaig 2024
Cur síos
Comhaontaíodh na socruithe iomarcaíochta do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (SNAnna) ag leibhéal náisiúnta ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais. Déanann na socruithe seo soláthar do chúiteamh iomarcaíochta a chur chun feidhme i gcás Cúntóirí Riachtanas Speisialta a bhfuil níos mó ná bliain amháin de sheirbhís leanúnach acu agus atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna i bpoist cheadaithe.
D’fhéadfaí fostaíocht na gCúntóirí Riachtanas Speisialta a laghdú ó fhostaíocht lánaimseartha go fostaíocht pháirtaimseartha nó d’fhéadfaí an fhostaíocht a fhoirceannadh i gcásanna ina laghdaítear leithdháileadh ceadaithe na scoile agus ina bhfuil sé riachtanach scor d’fhostaíocht an Chúntóra Riachtanas Speisialta nó fostaíocht an Chúntóra Riachtanas Speisialta a laghdú. Tagann cás iomarcaíochta chun cinn i gcásanna ina scoireann an post de bheith ann/ ina laghdaítear an post agus nach n-ionadaítear an Cúntóir Riachtanas Speisialta. Mura bhfuil conradh scríofa a bhaineann le leanbh ar leith ag an gCúntóir Riachtanais Speisialta is sóisearaí sa scoil, rud a dtugann teideal dó/di fanacht sa scoil, tá na critéir roghnúcháin le haghaidh iomarcaíochta ar bhonn ‘an duine deireanach isteach - an chéad duine amach’.
Tá sonraí iomlána ar Scéim Iomarcaíochta na gCúntóirí Riachtanas Speisialta le fáil i gCiorclán 0058/2006 Socruithe Iomarcaíochta do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht iomarcaíochta, ba chóir na foirmeacha shíos a chomhlánú
agus a chur ar aghaidh chuig:
An Roinn Oideachais, An Rannóg Párolla do Bhaill Foirne Neamh-Theagaisc, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
Is í an teorainn ama maidir le hiarratas a chur isteach ar íocaíocht iomarcaíochta 52 seachtain tar éis an dáta ar ar foirceannadh / laghdaíodh an conradh fostaíochta.
Teagmháil
Le haghaidh fiosruithe maidir le Scéim Iomarcaíochta na gCúntóirí Riachtanas Speisialta, déan teagmháil:
- R-phost: snaredundancy@education.gov.ie
- Fón: (090) 648 4142
Ba chóir fiosrú ar bith maidir leis an Ciorclán 0031/2022 a chur (le r-phost amháin) chuig an seoladh r-phoist ar leith seo a leanas:
- R-phost: snasupplementpanel@education.gov.ie