Soláthar san Earnáil Oideachais
- Foilsithe: 10 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2021
Soláthar san Earnáil Scoile
Gníomhaíonn an tAonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU) mar fheidhm chomhordúcháin lárnach i gcomhair soláthair do scoileanna uile san earnáil bhunscoile, do mheánscoileanna deonacha, scoileanna speisialta agus scoileanna san earnáil Phobail agus Chuimsitheach (scoileanna speisialta san áireamh ach gan scoileanna faoi chúram na mBord Oideachais agus Oiliúna san áireamh).
Ba chóir do scoileanna atá faoi bhainistíocht na mBord Oideachais agus Oiliúna teagmháil a dhéanamh le Ceanncheathrú na mBord Oideachais agus Oiliúna.
Nuachtlitreacha
Soláthar in earnáil an Ard-Oideachais
Reáchtálann an An tSeirbhís Soláthair Oideachais (EPS), thar ceann comhpháirtithe in earnáil an Ard-Oideachais, comórtais maidir le hearraí agus seirbhísí comónta a sholáthar agus déanann sí ionadaíocht thar ceann na gcomhpháirtithe in earnáil an Ard-Oideachais i dtaca le comórtais a reáchtálann an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP).