Tuairisceáin ar Imlonnú Acmhainní Teagaisc / Tráthchlár Múinteoirí
- Foilsithe: 28 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Tuairisceáin ar Imlonnú Acmhainní Teagaisc / Tráthchlár Múinteoirí
- An tábhacht a bhaineann leis an dtráthchlár
- Bailiú na dTuairisceán ar Imlonnú Acmhainní Teagaisc don scoilbhliain 2024/2025
Tuairisceáin ar Imlonnú Acmhainní Teagaisc / Tráthchlár Múinteoirí
Úsaideann Cigireacht na Roinne na sonraí ar iomlonnú teagaisc le pleanáil Cigireachta a éascú. Déantar na sonraí a phroiseáil de réir reachtaíocht cosaint sonraí. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bhFógra Príobháideacht do thuairisceáin DTR.
Tá socruithe aontaithe i gcomhairle leis na comhlachtaí bainistíochta iar-bhunscoile agus leis an gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha maidir le imlonnú acmhainní teagaisc nó tráthchlár múinteoirí, a chur chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna tríd an tairseach Esinet.
An tábhacht a bhaineann leis an dtráthchlár
Tá ceapadh tráthchlár scoile atá in oiriúint do riachtanais éagsúla scoileanna áirithe mar chroí-fheidhm ag udaráis bhainistíochta scoile agus iad ag cinntiú go mbíonn acmhainní teagaisc á n-imlonnú go héifeachtach agus oideachas leathan atá ar ardchaighdeán á soláthar do gach scoláire. Ba chóir d’údaráis scoile a chinntiú go ndéanann an tráthchlár scoile freastal barrmhaith ar na hábhair éagsúla churaclaim do scoláirí agus go mbaintear an úsáid is fearr as acmhainní teagaisc.
Bailiú na dTuairisceán ar Imlonnú Acmhainní Teagaisc don scoilbhliain 2024/2025
Baileofar na tuairisceáin ar imlonnú acmhainní teagaisc (Tráthchlár Múinteoirí) don scoilbhliain 2024/25 mar is gnách tríd an dtairseach ESINET.
Cad ba chóir dom a dhéanamh ar dtús?
Déan teagmháil leis an té a sholáthair do phacáiste bogearraí, chun a chinntiú go bhfuil an leagan is déanaí á úsáid agat.
Cad atá le seoladh ar ais?
Níl le seoladh ar ais ach amchláir mhúinteoirí amháin. Níl amchlár le seoladh ar ais i gcás cúntóirí riachtanas speisialta..
Conas a fhreastalaím ar theagasc foirne sa Tuairisceán?
Má tá teagasc foirne ar siúl ag múinteoirí i do scoil, déan teagmháil leis an té a sholáthair do phacáiste bogearraí, chun cabhair a fháil le hionchur na sonraí.
Cad é an dáta deiridh maidir le Tuairisceáin a tháirgeadh?
Ní mór Tuairisceáin ar Imlonnú Acmhainní Teagaisc / Tráthchlár Múinteoirí a bheith táirgthe tráth nach déanaí ná 26 Mheán Fómhair 2024.
Sonraí Cabhracha Agus Teangmhálaithe
Déan teagmháil leis an té a sholáthair do phacáiste bogearraí chun eolas a fháil faoi aon ghné d’úsáid na mbogearraí.
Téigh i gcomhairle le cabhair ar-líne ESINET do cheisteanna maidir le húsáid ESINET. Do cheisteanna eile maidir le DTR féach ar na treoracha agus moltaí thíos. Má tá tuilleadh cabhracha uait, seol r-phost chuig DE_DTR_Returns@education.gov.ie
Féach Freisin
- Fógra Príobháideacht do thuairisceáin DTR
- Litir chuig Príomhoidí: Bailiú na dTuairisceán ar Imlonnú Amchainní Teagaisc/ Tráthchlár Múinteoirí
- www.esinet.ie
- Cabhair ar-líne ESINET
- Treoir ghearr chun cabhrú le húsáideoirí na tuairisceáin a uaslódáil tríd an tairseach ESINET
- Treoir do sholáthar na n-amchlár 2023/2024
- Foirm T1 (le comhlánú agus le coimeád sa scoil)