Athbhreithniú Straitéiseach ar Thuarascálacha Oiliúna Leighis agus Struchtúr Gairme (MacCraith)
- Foilsithe: 4 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2020
- Téarmaí Tagartha an Ghrúpa Oibre
- Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn Ghrúpa Faireacháin MacCraith ar an gCur i bhFeidhm
- Tuarascálacha Athbhreithnithe MacCraith
I mí Iúil 2013 cuireadh Grúpa Oibre i mbun faoi chathaoirleacht an Ollaimh Brian MacCraith, Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun athbhreithniú straitéiseach a dhéanamh ar an oiliúint leighis agus ar an struchtúr gairme.
Cuireadh de chúram ar an nGrúpa Oibre moltaí ardleibhéil a scrúdú agus a dhéanamh maidir leis an oiliúint agus maidir le conairí gairme atá ag dochtúirí chun:
- an ráta coinneála de chéimithe sa chóras sláinte poiblí a fheabhsú
- pleanáil do riachtanais seirbhíse amach anseo
- an leas is fearr is féidir a thapú as an infheistíocht san oideachas agus oiliúint leighis
Bunaíodh Grúpa Monatóireachta Feidhmithe chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí sin.