English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Fiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála CervicalCheck

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Samhain 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2024

An 8 Bealtaine 2018, cheadaigh an Rialtas go mbunófaí Fiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála CervicalCheck, agus gurbh é an Dr Gabriel Scally (Ollamh le Sláinte Poiblí san University of the West of England and the University of Bristol) a dhéanfadh an fiosrúchán.

An 11 Meitheamh 2018, chuir an Dr Scally Tuarascáil ar an Dul Chun Cinn chomh maith leis an Chéad Tuarascáil faoi bhráid an Aire. Thug na Tuarascálacha seo breac-chuntas ar obair a bhí déanta go dtí sin agus tá sé mholadh ar tugadh ann, lena n-áirítear athruithe molta ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn CervicalCheck dóibh siúd a úsáideann an tseirbhís.

An 12 Meán Fómhair 2018, foilsíodh Tuarascáil Deiridh an Fhiosrúcháin Scópála ar CervicalCheck ar shuíomh gréasáin na Roinne Sláinte.

Tar éis don Tuarascáil Deiridh a bheith foilsithe, d’iarr an tAire Sláinte ar an Dr Scally tuarascáil fhorlíontach a sholáthar freisin ar ghnéithe áirithe bhreise maidir leis na saotharlanna, mar shampla socruithe iontu maidir leis an soláthair, an cháilíocht agus an creidiúnú, chomh maith le struchtúir rialachais.

An 11 Meitheamh 2019, d’fhoilsigh an tAire Sláinte Tuarascáil Fhorlíontach an Fhiosrúcháin Scóipe ar an gClár CervicalCheck, tar éis cinneadh a bheith déanta ag an Rialtas amhlaidh a dhéanamh. Thug an Dr Scally dhá mholadh eile sa Tuarascáil seo maidir le próisis soláthair agus dearbhaithe cáilíochta, ar ghlac an Rialtas leo.

Cheadaigh an Rialtas an Plean Forfheidhmithe do mholtaí an Fhiosrúcháin Scóipe agus foilsíodh é an 12 Nollaig. Chuir an Dr Scally barúlacha foirmiúla aige ar an bPlean faoi bhráid Aire, agus táthar tar éis iad sin a ionchorprú. Cuimsíonn an Plean Forfheidhmithe, atá foilsithe thíos, gníomhartha cur chun feidhme i ndáil le gach aon cheann de na 58 moladh ón bhFiosrúchán Scóipe.

Iarradh ar an Dr Scally athbhreithniú breise ar chur i bhfeidhm a dhéanamh, agus thit seo amach go déanach in 2019. Fuair an Roinn tuarascáil an Athbhreithnithe seo ar Chur i bhFeidhm Mholtaí an Fhiosrúcháin Scóipe ar CervicalCheck in Aibreán 2020. D’fhoilsigh an tAire é ar láithreán gréasáin na Roinne an 21 Nollaig 2020.

Tugtar sonraí san Athbhreithniú seo ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le moltaí an Fhiosrúcháin Scóipe a chur i bhfeidhm a fhad le deireadh 2019. Tugann an Dr Scally le fios go ndearnadh dul chun cinn substainteach maidir lena mholtaí a chur i bhfeidhm ó foilsíodh a thuarascáil Deiridh i Meán Fómhair 2018.

D'iarr an tAire Sláinte ar an Dochtúir Gabriel Scally athbhreithniú deiridh dul chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm mholtaí a Fhiosrúcháin Scóipe ar chlár scagthástála CervicalCheck. Tá an Dochtúir Scally tar éis aontú agus tá sé ag cur tús leis an obair an mhí seo (Eanáir 2022).

[external-link https://www.gov.ie/en/press-release/f075e-minister-for-health-asks-dr-gabriel-scally-to-carry-out-a-final-progress-review-of-cervicalcheck-report-implementation/ | Preasráiteas: Iarrann an tAire Sláinte ar an Dr Gabriel Scally athbhreithniú deiridh dul chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm thuarascáil CervicalCheck ]


Tuarascálacha

Scoping Inquiry into the CervicalCheck Screening Programme: Supplementary Report
Amharc amharc
Scoping Inquiry into the CervicalCheck Screening Programme Progress Report 11 June 2018
Amharc amharc
First Report: Information Provided to Women Receiving Screening and Treatment through CervicalCheck
Amharc amharc
Review of the Implementation of Recommendations of the Scoping Inquiry into the CervicalCheck Screening Programme April 2020
Amharc amharc

Pleananna Forfheidhmithe

About the Implementation Plan for the Recommendations of the Report of the CervicalCheck Scoping Inquiry
Amharc amharc
Review of the Implementation of Recommendations of the Scoping Inquiry into the CervicalCheck Screening Programme April 2020
Amharc amharc

Téarmaí Tagartha

Terms of Reference of the Scoping Inquiry into the CervicalCheck Screening Programme
Amharc amharc
CervicalCheck Scoping Inquiry – Supplementary Analysis and Report
Terms of Reference
Amharc amharc