Miontuairiscí de chuid an Bhoird Bainistíochta: Cruinnithe Athbhreithnithe Feidhmíochta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
- Foilsithe: 14 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2020
Soláthraíonn an roinn maoirseacht ar fheidhmíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) maidir le seachadadh na seirbhísí, agus tá sé sin leagtha amach sa Plean Seirbhíse Náisiúnta bliantúil.
Sa chomhthéacs sin, coimeádann an roinn an FSS cuntasach as an soláthar seirbhísí ardchaighdeáin ar fud na gceithre réimse atá chomh tábhachtach céanna, gach aon cheann díobh, mar aon, is iad sin:
- an rochtain
- an cháilíocht agus an tsábháilteacht
- acmhainní airgeadais
- an fórsa saothair
Is é an bealach is príomhúla chun an aidhm seo a bhaint amach ná trí phróiseas bainistíochta feidhmíochta míosúil leanúnach ina ndéanann an FSS tuairisc maidir lena fheidhmíocht i gcoinne na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Seirbhíse.
Tionóltar cruinnithe míosúla ardleibhéil idir an lucht bainistíochta sa dá eagraíocht chun saincheisteanna feidhmíochta atá ann cheana féin nó atá ag teacht chun cinn a phlé agus chun gníomhaíochtaí a chinneadh chun ábhair imní a réiteach agus a fheabhsú.
Tá miontuairiscí na gcruinnithe seo ar fáil thíos.