English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Ciaran O’Neill

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh oideachas ar Ciaran O'Neill in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bronnadh céim san eacnamaíocht air in 1986, agus PhD san eacnamaíocht talmhaíochta in 1990. Chuaigh sé isteach sa Rannóg Eacnamaíochta in Queens mar léachtóir i 1990, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go hOllscoil Nottingham in 1997.

Ceapadh é ina Ollamh le hEacnamaíocht Sláinte agus Beartas Sláinte in Ollscoil Uladh i 2003 sular bhog sé go dtí an Scoil Leighis agus Fiaclóireachta in Ollscoil na Banríona i mí Eanáir 2007 mar Ollamh leis an Taighde sa tSláinte Béil.

Chuaigh sé isteach i Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes in OÉ Gaillimh mar Ollamh le Measúnú Teicneolaíochta Sláinte i Meán Fómhair 2008 agus bhí sé ina Dhéan ar an gColáiste Gnó, Beartais Phoiblí agus Dlí ann idir 2013 agus 2014 sular ghlac sé dámhachtain Ceannaire Taighde an Bhoird Taighde Sláinte i mí Feabhra 2014.

I mí na Samhna 2016 ceapadh é ina Ollamh le hEacnamaíocht Sláinte laistigh d’Ionad na Sláinte Poiblí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste gan an chathaoir cúnta san eacnamaíocht sláinte a chailiúínt in OÉ Gaillimh.

Bhí poist éagsúla cuairte aige lena n-áirítear poist sa RAND Corporation in Santa Monica agus in Ollscoil Michigan.

Bhí sé ina Chomhalta Harkness sa Bheartas agus Cleachtas Cúraim Sláinte in 2001/2002, bhí sé ina Chathaoirleach ar Ghrúpa Eacnamaíocht Sláinte Thuaisceart Éireann, ar Bhord Iontaobhaithe Action Cancer agus faoi láthair tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Eacnamaíocht Sláinte na hÉireann.

D’fhóin sé ar roinnt coistí eolaíochta náisiúnta agus tá comhairle beartais tugtha aige don Choiste Sláinte i dTuaisceart Éireann agus don Roinn Sláinte i bPoblacht na hÉireann.

Tá breis is 150 foilseachán phiarmheasúnaithe foilsithe aige chomh maith le tuarascálacha éagsúla a tháinig as staidéir san eacnamaíoch sláinte sa tír seo agus i dtíortha eile. Thug sé faoi athbhreithnithe do ghníomhaireachtaí maoinithe eolaíochta éagsúla atá lonnaithe in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, i Hong Cong agus sa Nua-Shéalainn.