English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Jillian van Turnhout

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2020

Sainchomhairleoir is í Jillian van Turnhout a sholáthraíonn seirbhísí rialachais, roghnaithe feidhmiúcháin agus abhcóideachta do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis.

Is Stiúrthóir deimhnithe í Jillian le Clár Stiúrthóirí Idirnáisiúnta INSEAD (IDP-C) agus tá Teastas sa Treorú Cuideachta bainte amach aici freisin ó Institiúid na Stiúrthóirí.

Is iar-Sheanadóir neamhspleách í Jillian agus tá aitheantas uirthi as a cuid oibre chun torthaí a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga.

Tá Jillian ina Stiúrthóir ar Bhord Chomhairle Ealaíon na hÉireann; ina Leas-Chathaoirleach (Stiúrthóir) ar European Movement Ireland; ina hIontaobhaí (Stiúrthóir) de chuid One in Four agus ina hIontaobhaí (Stiúrthóir) le Luath-Óige Éireann. Is iar-Leas-Uachtarán í ar chomhlacht Comhairleach de chuid an AE, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa; iar-Chathaoirleach ar Luath-Óige Éireann; iar-Phríomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí; iar-Phríomh-Choimisinéir Bhanóglaigh na hÉireann; agus iar-Uachtarán ar Chomhairle Náisiúnta Óige na hÉireann.

Is comhbhunaitheoir an Fhóraim Eorpaigh don Óige í Jillian. Bhronn Uachtarán na Fraince an Chevalier de l'Ordre National du Mérite ar Jillian.

In 2018, bronnadh Comhaltacht Oinigh i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann uirthi mar aitheantas a thabhairt ar an “rannchuidiú suntasach le sláinte agus folláine leanaí, sa tír seo agus ar fud na cruinne” atá déanta aici.