John Gleeson
- Foilsithe: 18 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is aturnae agus speisialtóir sa Dlí Leighis an tUasal Gleeson.
Go dtí gur imigh sé ar scor in 2018 bhí an tUasal Gleeson ina Chomhpháirtí agus ina Cheannaire ar an bhfoireann Cúraim Shláinte sa chomhlacht aturnaetha Mason Hayes and Curran, ag speisialú i réimsí an dlí leighis agus na dlíthíochta cosanta míochaine.
Le linn a ghairm rathúil a lean ar aghaidh le breis is 40 bliain, bhí sé ina chomhairleoir iontaofa d’ospidéil phoiblí agus phríobháideacha agus d’árachóirí ar raon leathan ábhar, idir an rialachas cliniciúil agus an chosaint ar chaingne dlí sa mhíchleachtas leighis.
Faoi láthair, tá sé ina Chomhalta Comhairleach de chuid Chomhairle Leighis na hÉireann.
Tá sé ina bhall de chuid Bhord Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin ó bhí 2013 ann, agus ina Chathaoirleach ar an mBord sin ó 2014 i leith.
Tá sé ina Chathaoirleach ar an bhFóram Deonach um Chúram Sláinte ó 2016 i leith.
Tá sé ina bhall de chuid Institiúid na Stiúrthóirí freisin.